Cuairt tugtha ag Uachtarán na Tuirce ar láthair na tubaiste, líon na marbh os cionn 11,000

Deir daoine sna ceantair sa Tuirc is measa atá buailte ag crith talún an Luain gur fhág a mhoille is a bhí na hiarrachtaí tarrthála nach raibh aon chabhair acu agus iad ag tochailt sa smionagar dá muintir

Cuairt tugtha ag Uachtarán na Tuirce ar láthair na tubaiste, líon na marbh os cionn 11,000

Recep Tayyip Erdogan. Pictiúr: Mikhail Klimentyev/Oifig Preasa agus Faisnéise Uachtarán na Rúise

Dúirt Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan go raibh cúrsaí “faoi smacht” anois maidir leis an iarracht tarrthála i ndiaidh an chreatha talún sa Tuirc agus sa tSiria Dé Luain.

Os cionn 11,000 ar a laghad a maraíodh as chrith talún i ndeisceart na Tuirce agus tuaisceart na Siria.

Sa Tuirc a maraíodh os cionn 8,750 de na daoine sin.

Dúirt daoine sna ceantair is measa a buaileadh gur fhág a mhoille is a bhí na hiarrachtaí tarrthála nach raibh aon chabhair acu agus iad ag tochailt sa smionagar ag cuardach a muintire.

Agus é ar cuairt ar láthair na tubaiste inniu, ghéill Recep Tayyip Erdogan go raibh deacrachtaí leis an iarracht tarrthála le cúpla lá ach mhaígh sé go raibh rudaí curtha ina gceart. Dúirt sé gurb é an dochar a rinneadh do bhóithre agus d’aerfoirt ba chúis leis an moill ar iarrachtaí tarrthála.

Dúirt Erdogan gurb é sprioc an rialtais teach a thógáil laistigh de bhliain don uile dhuine a bhí fágtha gan dídean ag an gcrith talún.

Tá tacaíocht faighte ag Rialtas na Siria ó thíortha Arabacha, an Éigipt agus an Iaráic ina measc. Tá foirne tarrthála curtha ag an Rúis chun na Siria chomh maith.

Tá lucht tarrthála ar a míle dícheall ag iarraidh teacht ar na daoine atá sáinnithe faoi smionagar na mílte foirgneamh a thit as a chéile sa chrith talún Dé Luain.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go bhféadfadh go mbeidh líon na marbh os cionn 20,000.

Dúirt Adelheid Marschang, oifigeach sinsearach éigeandála de chuid an WHO, gur dócha go bhfágfaidh an crith talún tubaisteach a lorg ar shaol  23 milliún duine, 1.4 milliún páiste ina measc.

Tá roinnt rudaí ag cur bac ar na hiarrachtaí tarrthála, ag áireamh na n-iarchreathanna, an aimsir sheaca agus an dochar atá déanta do bhóithre.

Ní fios cé mhéad duine atá sáinnithe sa dá thír.

Rinne crith talún an Luain dochar uafásach i gceantar a luíonn leis an teorainn idir an dá thír ar feadh nach mór 650 míle.

Chuir cuid mhór daoine ón Tuirc a míshástacht in iúl ar na meáin shóisialta faoin iarracht tarrthála, iarracht a bhí easnamhach, dar leo.

D’fhógair Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan inné gur láthair thubaiste a bhí sna deich gcúige a bhí buailte. D’fhógair sé staid éigeandála trí mhí sa cheantar.

Sa tSiria, ba mheasa lorg an chreatha talún mar gheall ar an gcogadh cathartha atá ar siúl ansin le breis is deich mbliana. Ba bhac chomh maith ar na hiarrachtaí tarrthála sa tSiria an drochaimsir agus an ganntanas breosla.

Mar bharr ar an donas, bhí aighneas ann faoi cé atá i gceannas ar an gcabhair éigeandála, ceantar atá i seilbh na reibiliúnach.

Níor thug an Rialtas in Damascus cead an chabhair éigeandála a thabhairt isteach sa tír ach trí aon trasbhealach teorann amháin.

Chomh maith leis sin ní féidir leis an tSiria cúnamh díreach a fháil ó go leor tíortha mar gheall ar smachtbhannaí atá curtha ar rialtas an Uachtaráin Bashar al-Assad.

Go moch maidin Dé Luain, agus daoine ina gcodladh, a tharla an crith talún ar mhéid 7.8 gar do Gaziantep sa Tuirc.

Ina dhiaidh sin, ag 1.30pm, am na háite, tharla creathán talún ar neart 7.5 ar scála Richter. Ní iarchrith a bhí anseo, a dúradh.

Fág freagra ar 'Cuairt tugtha ag Uachtarán na Tuirce ar láthair na tubaiste, líon na marbh os cionn 11,000'