Cuairt tugtha ag peileadóirí na Mí ar scoil Ghaeltachta roimh chluiche ceannais na hÉireann

Bhuail Orlagh Lally agus Aoife Farrell le daltaí Choláiste Pobail Ráth Chairn tráthnóna chun labhairt faoina gcuid ullmhúchán don chluiche mór in aghaidh Átha Cliath Dé Domhnaigh

Cuairt tugtha ag peileadóirí na Mí ar scoil Ghaeltachta roimh chluiche ceannais na hÉireann

Thug beirt d’fhoireann peile na Mí atá ag prapáil do chluiche ceannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo cuairt ar scoil Ghaeltachta inniu chun cailíní óga a spreagadh chun peile.

Bhuail Orlagh Lally agus Aoife Farrell isteach chuig Coláiste Pobail Ráth Chairn tráthnóna chun labhairt faoina gcuid ullmhúchán don chluiche mór in aghaidh Átha Cliath Dé Domhnaigh.

Chaith an bheirt tamall ag caint le gach rang sa scoil agus ceisteanna na ndaltaí á bhfreagairt acu.

Imreoir de chuid an chumainn áitiúil, Clann na nGael, í Orlagh Farrell agus í ainmnithe ar fhoireann na Mí a chuirfidh tús le cluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Tá imreoir eile ó Chlann na nGael, Ali Sherlock, ar an bpainéal freisin.

Dúirt Príomhoide Choláiste Pobail Ráth Chairn, Róisín Ní Dhúshláine, gur tugadh cuireadh do na himreoirí teacht isteach chun na daltaí, cailíní óga go háirithe, a spreagadh chun coinneáil orthu leis an pheil.

“Is iontach eiseamláirí mar iad a fheiceáil, rud an-dearfach é do chailíní óga,” a dúirt Ní Dhúshláine.

“Tugann sé ardú croí do phobal na Gaeltachta go bhfuil imreoirí óna gclub áitiúil, Clann na nGael, ag tabhairt aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh.”

Beidh an Mhí ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar fhoireann Átha Cliath, foireann a bhfuil ceithre chraobh as a chéile buaite acu, sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh (4.15pm).

Fág freagra ar 'Cuairt tugtha ag peileadóirí na Mí ar scoil Ghaeltachta roimh chluiche ceannais na hÉireann'