Cuairt ar ‘Teach Odense’, ionad ‘buail isteach’ do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Ionad ‘buail isteach’ do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu is ea an ‘Teach Odense’, coincheap a tháinig anall as an Danmhairg

Cuairt ar ‘Teach Odense’, ionad ‘buail isteach’ do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu

Bhí na craicne á mbaint d’ualach mór prátaí ag ceathrar seandaoine a bhí ina suí ag bord mór nuair a shiúil mé féin, mo mháthair (a bhfuil galar Alzheimer uirthi) agus mo dheartháir óg isteach san Odensehuis i mo bhaile dúchais Heemskerk, san Ísiltír, cúpla seachtain ó shin

Anall as an Danmhairg, as cathair Odense i lár na tíre sin, a tháinig coincheap na ‘dtithe Odense’: áiteanna inar féidir le daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu casadh ar a chéile, faoi shúil aireach oibrithe meabhairshláinte proifisiúnta, i dtimpeallacht a mheabhródh seomra suí mór millteach do dhuine.

‘Tá muid ag cócaireacht!’ a dúirt duine de na hoibrithe sláinte go gealgháireach.

‘Bíonn an dinnéar réidh ag meán lae,’ a dúirt an t-oibrí eile. ‘An íosfaidh sibh greim linn?’

Bhí a fhios againn cheana gur féidir béilí a chaitheamh sa ‘Teach Odense’. Ba é sin ceann de na príomhfháthanna gur mhol an síceolaí a choinníonn súil ar chás Alzheimer mo mháthar dúinn cuairt a thabhairt ar an Teach. Tá ag éirí léi go fóill, ach tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do mo mháthair béile a chur ar an mbord di féin go laethúil.

Bhí saghas eagla ar mo mháthair nuair a thug mé féin agus mo dheartháir chuig an Teach Odense í. Cé gur mhínigh muid di cúpla babhta nach teach altranais a bhí ann ná baol air, ba léir nach raibh an bhean bhocht ar a suaimhneas ar chor ar bith faoin áit a raibh muid á tabhairt.

‘Níl mé réidh dá leithéid seo d’áit!’ an bheannacht a bhí ag mo mham do na seandaoine agus don bheirt oibrithe sláinte a bhí ag baint na gcraicne de na prátaí.

D’éirigh duine de na hoibrithe sláinte. ‘Tagaigí liom go dtaispeánfaidh mé an teach daoibh.’

Bhí tolg agus cathaoireacha i gcúinne amháin, seastán leabhar i gcúinne eile agus giotár i gcúinne eile arís. Bhí togra ceardaíochta papier-mâché-bhunaithe éigin ar siúl ar bhord eile – é tréighte, is dócha, toisc go raibh na craicne le baint de na prátaí. Anonn linn chuig seomra eile ina raibh oibrí sláinte eile i mbun aclaíochta le beirt seanbhan eile.

Shuigh muid síos ag bord na bprátaí ansin agus rinne dreas comhrá leis na seandaoine eile. Cárbh as do mo mham? Cén obair a bhíodh aici? Muise, nach mór an chomhtharlúint é, is dócha gur tú an bhean a mhúin an fheadóg do mo chlann iníon! Roimh i bhfad, bhí mo mháthair súite isteach sa chomhrá agus ar a suaimhneas, agus nuair a d’fhág muid slán ag an Teach Odense tar éis leathuair an chloig bhí a port athraithe aici rud beag.

‘Ceapaim gur an-áit go deo atá agaibh anseo,’ a dúirt sí leis na hoibrithe a bhí i bhfeighil an Tí. ‘Ach níl mé féin réidh dó go fóill.’

An ceart sin aici, ar ndóigh. Bean an-neamhspleách a bhí i mo mham riamh. Ach ba mhór an faoiseamh domsa agus do mo dheartháir óg go bhfuil a leithéid d’áit ann: ionad ‘buail isteach’ do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus go deimhin dá ngaolta agus dá gcairde a bheadh ag tabhairt aire dóibh. Cead agat bualadh isteach nuair a bhuaileann an fonn thú – gan chostas ar bith, fiú má chaitheann tú béile ann. An chomhairle chathrach a ghlanann an chuid is mó de na costais agus bíonn an Teach ag brath ar urraithe don chuid eile. Ar éigean go raibh mé in ann a chreidiúint gurb ann dá leithéid d’áit ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'Cuairt ar ‘Teach Odense’, ionad ‘buail isteach’ do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu'