Ar feadh na mblianta, bhí caint faoin nginmhilleadh mar ‘freagra’ do chásanna eisceachtúla: éigniú, cás Savita agus an téarma gránna sin, mínormáltacht mharfach féatais (fatal foetal abnormality). Bhí trua ag gach duine againn do na daoine sna cásanna sin. Sé mhí ó shin, áfach, leag an Rialtas sprioc nua os ár gcomhair agus sa reifreann seo; ní ginmhilleadh i gcásanna eisceachtúla atáthar a mholadh ach ceart forleathan chun ginmhilleadh a fháil.
Tá sé tugtha le fios ag an Rialtas go bhfuil rún acu reachtaíocht a chur faoi bhráid an Oireachtais má dhéantar Airteagal 40.3.3 de Bhunreacht na hÉireann (‘an tOchtú Leasú’) a aisghairm agus ina áit, cumhacht a thabhairt don rialtas chuige sin. Tá an reachtaíocht a foilsíodh, soiléir agus lom. Cheadódh an reachtaíocht deireadh a chur le saol an linbh sa bhroinn gan cúis deimhnithe ar bith a thabhairt le linn na chéad 12 seachtain agus i bhfad ina dhiaidh sin (suas go sé mhí), an bunús céanna as ar tháinig ginmhilleadh ar éileamh i réim i ndlínsí agus i dtíortha eile. I gcásanna áirithe, beidh ginmhilleadh ar fáil suas go breith an linbh.
Anuas air sin, d’fhéadfaí srian ar bith a chuirfí ar ghinmhilleadh le reachtaíocht a chur ar ceal am ar bith amach anseo ar neamhchead don phobal.
San Ochtú Leasú ‘[admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.’
Aithníonn an tOchtú Leasú cearta máithreacha chun a mbeatha. Mar is léir ón bhfoclaíocht, ní chosnaíonn sé ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha ach chomh fada is nach gcuireann an chosaint sin isteach ar cheart na máthar chun a beatha. Ina theannta sin, ní fíor é le rá go gcaithfear fanacht go dtí go bhfuil máthair i mbéal an bháis: níor ghlac an Chúirt Uachtarach leis sin 26 bliain ó shin.
Céard atá i gceist sa reifreann mar sin? Rialaigh an Chúirt Uachtarach le déanaí sa chás M –v- An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go bhfuil cearta na mbeo gan breith faoin mBunreacht teoranta do na cearta sin a admhaítear san Ochtú Leasú. Dá réir sin, b’ionann an tOchtú Leasú a aisghairm agus an t-aitheantas atá anois ann maidir le ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha a bhaint amach as an mBunreacht ar fad agus gach cosaint bhunreachtúil don bhuachaill sa bhroinn nó don chailín sa bhroinn a thógáil glan amach as an mBunreacht.
An t-am seo cúig bliana ó shin, bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Simon Harris, an tAire Sláinte, ar son na beatha agus i gcoinne an ghinmhillte. Anois, tá siad ag brú ‘réiteach’ orainn a bhí as dáta i 1967 nuair a ghlac na Sasanaigh leis. Cé fios cá bhfuil an ceann scríbe dóibh ar an ‘aistear’ seo?
Cothaíonn an dlí ár gcultúr. Faoi láthair, caomhnaíonn dochtúirí beirt – máthair agus leanbh – agus de thoradh ar sin, tá Éire ar cheann de na tíortha is sláintiúla le bheith ag iompar linbh. Cruthaíonn dlíthe ar son an ghinmhillte cultúr mídhaonnachtúil. Tá an cultúr seo le feiscint go láidir i dtíortha eile – sa Bhreatain áit a ndéantar ginmhilleadh ar leanbh amháin as gach cúigear agus a ndéantar ginmhilleadh ar 90% de leanaí a bhfuil an Siondróm Down orthu.
Bhí gach duine againn sa bhroinn tráth. De réir mar a théimid in aois, méadaíonn ár gcumas cearta a éileamh agus a bhaint amach. Chomh maith leis sin, is féidir go laghdófar ar ár gcumas de dheasca tinnis, seanaois nó cúiseanna eile.
Ag gach staid den turas seo, áfach, sa bhroinn nó taobh amuigh di fán saol mór, is iad na daoine céanna muid i gcónaí leis an dínit dhúchasach chéanna agus leis na cearta comhionanna doshannta céanna. Is é is bunchloch do na cearta daonna seo ar fad ná an ceart chun na beatha. Is í an bheatha an rud buan a cheadaíonn agus a áisíonn duit gach ceart daonna eile a fheidhmiú.
Tá dóchas agam go dtiocfaidh an tsochaí seo againn ar an tátal, agus machnamh déanta ar an méid atá idir dhá cheann na meá sa reifreann seo chugainn agus i moltaí forleathana an Rialtais, go mbeadh sé éagórach ó bhonn na cosaintí atá anois sa Bhunreacht a tharraingt siar ón leanbh sa bhroinn nó an chumhacht atá á lorg acu a thabhairt don Rialtas chun reachtaíocht a thabhairt isteach sa réimse seo.
– Is abhcóide é Benedict Ó Floinn
Fág freagra ar 'Cruthaíonn dlíthe ar son an ghinmhillte cultúr mídhaonnachtúil'