‘Cruthaígí dúinn go bhfuil sibh ag seasamh linn’ – achainí thochtmhar Uachtarán na hÚcráine ar an AE

Sheas an slua i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil inniu agus thug bualadh bos do Volodymyr Zelensky nuair a chríochnaigh sé a chuid cainte

‘Cruthaígí dúinn go bhfuil sibh ag seasamh linn’ – achainí  thochtmhar Uachtarán na hÚcráine ar an AE

Tá achainí thochtmhar déanta ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh “a chruthú” go bhfuil siad “ag seasamh” lena thír.

In aitheasc beo ar líne chuig Parlaimint na hEorpa, dúirt Volodymyr Zelensky, go raibh muintir na hÚcráine ag íoc go daor as cloí le hidéil na hEorpa. Bheadh an tAE níos láidre ach an Úcráin a bheith mar chuid de, a dúirt sé.

“Gan sibhse beidh an Úcráin ina haonar,” arsa Zelensky agus é ag labhairt ar nasc físe.

Dúirt sé gurb é inniu an lá deireanach ar an saol ag cuid de mhuintir na hÚcráine a bhí ag cosaint na tíre.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine nach raibh sé ag léamh ó script mar gurbh amhlaidh go raibh “tráth na scripteanna” caite i gcás na hÚcráine.

Ag déileáil leis an “saol mar atá” agus le fírinne “an bháis” a bhí muintir na hÚcráine anois, a dúirt sé.

“Le roinnt laethanta anuas tá ag dul díom a dhéanamh amach conas is ceart beannú do dhaoine. Ní féidir liom bíodh lá maith agat a rá nó bíodh oíche mhaith agat. Níl aon mhaith ansin mar do dhaoine áirithe inniu an lá deireanach acu.

“Tá orainn aghaidh a thabhairt gach lá ar fhírinne an scéil, tá daoine ag fáil bháis gach lá. Is dóigh liom inniu go bhfuil beatha na ndaoine sin á n-íobairt ar mhaithe leis na luachanna, na cearta, an tsaoirse agus an comhionannas a mbaineann sibhse tairbhe astu.”

Dúirt Zelensky go raibh daoine ag fáil bháis san Úcráin lena chruthú go raibh a muintir chomh tábhachtach le daoine eile san Eoraip agus “ar comhchéim libhse”.

“Tá an chuid is fearr dár muintir á dtabhairt uainn againn, an chuid is láidre, an chuid is mó a bhfuil luachanna acu.

“Ba mhian linn go mairfeadh ár bpáistí beo, is dóigh liom gur mian réasúnta í. Táimid ar ár ndícheall ag iarraidh teacht slán. Táimid ar ár ndícheall ag iarraidh a bheith inár mbaill den Eoraip atá ar comhchéim le cách.

“Is mar a chéile díreach sinne agus sibhse. Cruthaígí dúinn go bhfuil sibh linn. Cruthaígí dúinn gur fíorEorpaigh sibh agus gheobhaidh an bheatha an ceann is fearr ar an  mbás agus gheobhaidh an solas an ceann is fearr ar an ndorchadas. An Úcráin abú!”

Sheas an slua sa Pharlaimint agus thug bualadh bos do Zelensky nuair a bhí a chuid cainte déanta aige.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhféadfadh go mbeadh lóistín le cur ar fáil do 20,000 teifeach ón Úcráin. D’fhéadfadh, a dúirt an tAire, go mbeifí ag iarraidh ar theaghlaigh lóistín a chur ar fáil do dhaoine.

Dúirt Coveney chomh maith go raibh cainteanna ar bun san Aontas Eorpach faoi cé acu ar cheart lucht taidhleoireachta agus baill foirne in ambasáidí na Rúise a dhíbirt.

Fág freagra ar '‘Cruthaígí dúinn go bhfuil sibh ag seasamh linn’ – achainí thochtmhar Uachtarán na hÚcráine ar an AE'