Forbairt na scríbhneoireachta Gaeilge agus feabhsú cumarsáide agus comhoibrithe idir na scríbhneoirí agus na grúpaí eile a bhíonn ag plé le scríbhneoireacht Ghaeilge a bheas ar bharr a gcláir ag Aontas na Scríbhneoirí nuair a reáchtálfar an cruinniú tionscnaimh in Áras na Scríbhneoirí an Satharn beag seo.
Bunaíodh an tAontas ag Oireachtas na Samhna i mbliana i gCill Airne. Cúpla seachtain roimh an Oireachtas, chuir scríbhneoirí móra le rá Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile, litir chuig scríbhneoirí eile ina fógraíodh “am na héigeandála” don scríbneoireacht Ghaeilge.
Ba é ‘Scríbhneoireacht na Gaeilge: Gairm Bheatha nó Caitheamh Aimsire’ téama Fhóram na Scríbhneoirí ag an Oireachtas agus maíodh ag an ócáid go rabhthas míshásta “leis an dóigh ina bhfuil cúrsaí faoi láthair: easpa plean straitéise d’fhorbairt na scríbhneoireachta, easpa cumarsáid agus easpa tacaíochta do na scríbhneoirí ó go leor de na hinstitiúidí agus eagraíochtaí ar chóir forbairt na scríbhneoireachta Gaeilge a bheith faoina gcúram acu.”
Go gairid i ndiaidh an Fhóraim, shocraigh Cathal Póirtéir agus cúpla cara leis “Aontas na Scríbhneoirí” a chur ar bun a thabharfadh ardán agus glór dóibh siúd a bhíonn i mbun pinn.
“Bhraith mé go raibh brí éigin sa seomra, agus nach raibh na daoine a bhí láthair ag iarraidh go mbeadh an cruinniú sin ann agus an méid sin ráite aige agus nach dtarlódh aon rud ina dhiaidh. Chuaigh mé le haghaidh cupán caife i ndiaidh an ruda agus thóg mé orm féin é a thógáil níos faide,” a dúirt an Póirtéireach.
Tá Cathal Póirtéir anois ina rúnaí sealadach ag an Aontas go dtí go dtoghfar coiste ag an gcruinniú Dé Sathairn. Chuir sé tús le comhfhreagras le scríbhneoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus bhailigh sé a dtuairimí maidir le cén chaoi ab fhearr an scríbhneoireacht Ghaeilge a chur chun cinn.
“Foilsítear breis agus céad leabhar Gaeilge in aghaidh na bliana idir na tithe foilsithe go léir. Déarfainn dá gcuirfinn ceist ar an ngnáthdhuine sa nGaeltacht nó cainteoir taobh amuigh den Ghaeltacht nach bhféadfadh sé níos mó ná dhá nó trí cinn a ainmniú dá mbeadh an méid sin féin ar eolas aige,” a mhaígh Cathal Póirtéir.
Ar cheann de na fadhbanna is mó a luadh sa chomhfhreagras, tá an easpa poiblíochta a dhéantar ar shaothair Ghaeilge sna mórmheáin. Teastaíonn ó fhormhór na scríbhneoirí go ndéanfaí a saothar a phoibliú ar chláir raidió agus teilifíse, i mBéarla agus i nGaeilge araon. Dar leis an bPóirtéireach, ba cheart go mbeadh leabhair Ghaeilge á bplé in áiteanna a dtagann daoine ar eolas faoi leabhair go coitianta.
“Tuilleann caighdeán na scríbhneoirí Gaeilge níos mó airde sna meáin Bhéarla agus Ghaeilge. Bíonn leabhair Bhéarla faoi thrácht ag John Kelly ar an teilifís, bíonn údair ina n-aíonna ar an Late Late Show. Tá inneall mór seo na poiblíochta faoin scríbhneoir Béarla nach bhfuil faoin scríbhneoir Gaeilge agus ba cheart go mbeadh an scríbhneoir Gaeilge ag éileamh ar dhreamanna éagsúla ar nós RnaG, RTÉ agus TG4 níos mó spáis a thabhairt dá leabhair,” a dúirt sé.
Is measc na nithe eile a phléifear ag an gcruinniú, beidh na scéimeanna atá ar fáil do scríbhneoirí agus scéimeanna nach bhfuil ar fáil. Táthar ag súil go mbeidh Aontas na Scríbhneoirí mar a bheadh urlabhraí thar ceann na scríbhneoirí a d’fhéadfadh castáil le dreamanna a bhfuil cothú na scríbhneoireachta Gaeilge faoina gcúram acu agus smaointe na scríbhneoirí a thabhairt os a gcomhair.
Táthar ag súil le tuairim is leathchéad scríbhneoir ag an gcruinniú in Áras Scríbhneoirí na hÉireann Dé Sathairn ag 10rn. Tá fáilte roimh dhuine ar bith a bhíonn ag scríobh i nGaeilge.
Fág freagra ar 'A gcéad chruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí'