Cruinniú poiblí i gConamara faoi fhadhb na dtinte sléibhe

Rinneadh go leor damáiste do phortaigh Chonamara an tseachtain seo nuair a lasadh an fraoch orthu

Cruinniú poiblí i gConamara faoi fhadhb na dtinte sléibhe

Tá cruinniú poiblí á eagrú ag an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh leis an “scrios atá á dhéanamh” ag loscadh sléibhe i gConamara a phlé.

Rinneadh go leor damáiste do phortaigh agus do bhóithríní i nGaeltacht na Gaillimhe le linn na dea-aimsire ag tús na seachtaine seo nuair a scaip tinte ar an gcriathrach sa cheantar.

Dúirt urlabhraí ó Bhriogáid Dóiteáin na Gaillimhe le RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo gur timpistí a bhí i gcuid de na tinte a rinne scrios i gceantar na Ceathrún Rua, Chasla agus na bhForbacha ach gur lasadh cuid acu “go mailíseach”.

Beidh an cruinniú poiblí atá á eagrú ag an Seanadóir de chuid Shinn Féin ar siúl ar an gCrompán ar an gCeathrú Rua Dé Domhnaigh ag 8 a chlog.  Beidh ionadaithe ón mBriogáid Dóiteáin, ón nGarda Síochána agus ó Chumann Feirmeoirí Sléibhe agus Natura na hÉireann i láthair ag an gcruinniú leis an gceist a phlé.

Dúirt Ó Clochartaigh go bhfuil sé ag súil go bhféachfar ag an gcruinniú le leigheas a fháil “ar na deacrachtaí atá á gcruthú”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Seanadóir as an gCeathrú Rua go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an pobal ar an eolas faoin gcontúirt a bhaineann le tinte a lasadh ar an gcriathrach i gConamara agus faoin damáiste atá déanta do phortaigh, bóithríní agus áiteanna eile sa cheantar.

Dúirt Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann go bhfuil na tinte ag scriosadh na n-áiteanna a mbíonn ainmhithe ina gcónaí iontu agus go bhfuil bláthanna agus plandaí á loisceadh. Bhí roinnt tithe cónaithe i gceantar an Tuairín, Dhoire Choill agus i Muiceanach Idir Dhá Sháile i gcontúirt mar gheall ar na tinte an deireadh seachtaine seo caite.

D’iarr an Bhriogáid Dóiteáin ar an bpobal gan an fásra ar an gcriathrach a lasadh mar go bhfuil baol mór ann go n-imeodh na tinte ó smacht. Mhol lucht an Bhriogáid Dóiteáin daoine a thug cúnamh do lucht múchta tine as an gcabhair sin a thabhairt.

Fág freagra ar 'Cruinniú poiblí i gConamara faoi fhadhb na dtinte sléibhe'