An chéad chruinniú idir an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine i gCaisleán Chromghlinne, contae Aontroma

Bhí Covid-19, cúrsaí eacnamaíochta, an Breatimeacht agus athbhunú an Fheidhmeannais ó thuaidh i measc na bpríomhábhar a pléadh

An chéad chruinniú idir an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine i gCaisleán Chromghlinne, contae Aontroma

Bhí an chéad chruinniú ó ceapadh ina Thaoiseach é ag Micheál Martin le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson i gCaisleán Chromghlinne, contae Aontroma inniu.

Bhí an obair atá ar siúl sa dá dhlínse le dul i ngleic le Covid-19 agus an téarnamh eacnamaíochta a theastaíonn anois i measc na bpríomhábhar a pléadh.

Phléadar athbhunú an Fheidhmeannais ó thuaidh freisin agus an bealach gur féidir leis na pobail ar oileán na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh mar a bhí beartaithe i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Chinneadar struchtúir nua a bhunú le tacú leis an gcaidreamh idir Éirinn agus an Bhreatain i bhfianaise an Bhreatimeachta.

Theastaigh eagar nua a chur ar an gcaidreamh idir an dá thír ó tharla an Bhreatain a bheith imithe as an Aontas Eorpach, a dúirt an Taoiseach.

Ní theastaíonn ó cheachtar taobh go mbainfí tuisle eile as an eacnamaíocht agus dúirt sé gur gá oibriú le ‘Breatimeacht gan mhargadh’ a sheachaint. Theastaigh margadh trádála ón dá thaobh, a dúirt an Taoiseach.

Dúirt Micheál Martin nach mbeadh seisean ag feidhmiú mar réiteoir idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach sna cainteanna atá ar siúl faoin Bhreatimeacht ach gur chreid sé go bhféadfaí teacht ar chomhréiteach fad is go raibh dea-thoil ar an dá thaobh.

Mhol an Taoiseach an comhoibriú idir an Bhreatain agus Éirinn le dul i ngleic le Covid-19 cé gur dhúirt sé nach rabhthas ar aon intinn sa dá dhlínse faoi pholasaí taistil idirnáisiúnta in am seo na géarchéime.

Fág freagra ar 'An chéad chruinniú idir an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine i gCaisleán Chromghlinne, contae Aontroma'