Cruinniú faoin Úcráin aontaithe ‘i bprionsabal’ ag Biden agus Putin

Agus an teannas ag dul in olcas, dúirt lucht an Tí Bháin nach dtarlóidh an cruinniú ach amháin sa chás nach ndéanann an Rúis ionradh ar an Úcráin

Cruinniú faoin Úcráin aontaithe ‘i bprionsabal’ ag Biden agus Putin

Tá aontaithe ‘i bprionsabal’ ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin cruinniú a bheith acu le chéile chun géarchéim na hÚcráine a phlé.

Dúirt lucht an Tí Bháin nach dtarlóidh an cruinniú ach amháin sa chás nach ndéanann an Rúis ionradh ar an Úcráin.

Dúirt lucht an Kremlin nach raibh aon “socruithe cinnte” déanta i dtaobh an chruinnithe a mhol an Fhrainc agus an tUachtarán Emmanuel Macron.

Dúirt urlabhraí de chuid Phríomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, gur léir ón bhfaisnéis go bhfuil ionradh beartaithe agus Putin agus go bhfuil “tús curtha cheana féin” aige “lena phlean”.

Dúirt urlabhraí an Tí Bháin, Jen Psaki, go mbeadh Stáit Aontaithe Mheiriceá tiomanta don taidhleoireacht “go dtí an uair a chuirfí tús le hionradh”.

“Táimid réidh chomh maith le pionóis thromchúiseacha a chur i bhfeidhm go tapa má roghnaíonn an Rúis cogadh ina áit sin,” ar sí.

Beidh cruinniú ag Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, Antony Blinken agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise,  Sergei Lavrov san Eoraip Déardaoin mura mbíonn aon ionsaí déanta roimhe sin ag an Rúis.

Bheifí ag súil gur fuascailt taidhleoireachta ar an ngéarchéim shlándála a bheadh i gcruinniú mullaigh.

Dúirt Dmitri S. Peskov, urlabhraí an Kremlin, áfach, gur léir gur ag dul in olcas a bhí “an teannas” agus go raibh sé “róluath” a bheith ag trácht ar chruinnithe.

Deir oifigigh faisnéise Stáit Aontaithe Mheiriceá US go bhfuil an Rúis ar tí ionradh a dhéanamh ar an Úcráin, rud atá séanta ag an Rúis.

De réir áireamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tá thart 150,000 saighdiúir curtha ag an Rúis gar do theorainneacha na hÚcráine.

Níor éirigh go fóill leis na hiarrachtaí taidhleoireachta an teannas a mhaolú.

Maíonn lucht an Kremlin nach bhfuil aon ionradh beartaithe acu agus gur bagairt dóibhsean tacaíocht NATO don Úcráin.

Bhí an Úcráin ina dlúthchuid den Aontas Sóivéadach nó gur vótáil tromlach mór de mhuintir na hÚcráine ar son an neamhspleáchais, buille marfach eile don Aontas.

I ndiaidh thitim an Aontais Shóivéadaigh tugadh ballraíocht NATO d’fhormhór na dtíortha a bhíodh ina gcuid den Aontas. In 2008 dúirt NATO go raibh sé i gceist acu ballraíocht a thairiscint lá éigin don Úcráin, beart a sháródh ‘líne dhearg’ de chuid na Rúise.

Fág freagra ar 'Cruinniú faoin Úcráin aontaithe ‘i bprionsabal’ ag Biden agus Putin'