Cruinniú faoin tumoideachas beartaithe do Chonamara an tseachtain seo

Eagraíodh an cruinniú i ndiaidh do thuismitheoirí i gConamara a míshástacht a chur in iúl faoin scéala gur in Óstán an Clayton in oirthear na cathrach a bhí cruinniú Gaeloideachas na seachtaine seo caite

Cruinniú faoin tumoideachas beartaithe do Chonamara an tseachtain seo

Tá cruinniú breise beartaithe ag an eagraíocht Gaeloideachas faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta le freastal ar mhuintir Chonamara nár éirigh leo freastal ar an gcruinniú faoin bpolasaí a bhí ar siúl an tseachtain seo caite i gcathair na Gaillimhe.

Beidh an “seisiún plé agus forbartha tuisceana ar an tumoideachas” breise seo ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gcroílár Chonamara Dé Céadaoin ag a 7 a chlog.

Cuirfear fóram plé ar bun do phobail na scoileanna Gaeltachta le linn an chruinnithe mar ullmhúchán don spriocdháta atá rompu maidir le hiarratas a dhéanamh ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta faoin bpolasaí nua.

Ceithre sheisiún ar fad a beartaíodh ar dtús don tsraith cruinnithe a d’eagraigh Gaeloideachas agus d’fhreastail múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí agus roinnt daltaí ó scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre ar na seisiúin sin.

Bhí painéal cainteoirí i láthair ag gach seisiún ar a raibh saineolaithe sa tumoideachas agus príomhoidí ó scoileanna atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ina gcuid scoileanna cheana féin.

Tabharfaidh an cruinniú Dé Céadaoin i gConamara deis eile do scoileanna agus tuismitheoirí a gcuid tuairimí agus na húdair imní acu a phlé. Tabharfaidh na saineolaithe léargas ar choincheap agus ar chur chuige an tumoideachais ag an gcruinniú agus beidh siad ar fáil ina dhiaidh le ceisteanna a fhreagairt ina leith.

Bhí míshástacht ann i gConamara níos luaithe an mhí seo toisc nach raibh cruinniú sa cheantar Gaeltachta beartaithe ag Gaeloideachas.

Scríobh cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Donncha Ó hÉallaithe, chuig príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin nach raibh láthair an chruinnithe sa Ghaillimh, Óstán an Clayton taobh thoir den chathair, feiliúnach do mhórán tuismitheoirí “sa cheantar mór Gaeltachta i gConamara” toisc go mbeadh orthu taisteal go dtí “an taobh eile de chathair na Gaillimhe” le freastal air.

Fág freagra ar 'Cruinniú faoin tumoideachas beartaithe do Chonamara an tseachtain seo'

  • Áine

    Is maith an rud go mbeidh deis ag pobal Chonamara an plé seo a chloisteáil dóibh féin, tá súil agam anois go dtapóidh siad an deis agus go mbeidh freastal mór ar an gcruinniú san Acadamh ar an gCeathrú Rua ag a 7pm Dé Céadaoin

  • Mánus

    Ná ceapfadh éinne go bhfuil polasaí oideachais Stáit in ann brú an Bhéarla sna scoileanna “Gaeltachta” a stopadh. Is í an Béarla rogha teanga furmhór na scoláirí dara leibhéil sna ceantracha a luaitear mar “Gaeltachtaí” Catagóir A. Tá sé mar sin le 25 bhliain ar a laghad. Botún a bhí ann na scoileanna “Gaeltachta” a chur isteach san eagraíocht Gaelscoileanna toisc go bhfuil na scoileanna “Gaeltachta” lán le Béarla.