Cruinniú faoi thodhchaí ‘Bád Eddie’ i nGaoth Dobhair

Reáchtálfar cruinniú Dé Luain sa Chrannóg i nGaoth Dobhair faoina bhfuil i ndán don bhád briste cáiliúil, ‘Cara na Mara’ atá ina luí ar thrá Mhachaire Chlochair le 40 bliain

Cruinniú faoi thodhchaí ‘Bád Eddie’ i nGaoth Dobhair

Tá a bhfuil i ndán don bhád cáiliúil Cara na Mara, nó ‘Bád Eddie’ mar a thugtar go forleathan uirthi, atá triomaithe ar thrá Mhachaire Chlochair i nGaeltacht Thír Chonaill, le plé ag cruinniú poiblí a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair an tseachtain seo chugainn.

Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna go bhfuil cruinniú gairthe ag an gComhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an mbád a chur os comhair an phobail.

Triomaíodh an bád i 1977 agus is ansin ar an trá Ghaeltachta atá sí ó shin. Tá fíor-dhrochbhail uirthi anois agus comharthaí sábháilteachta crochta timpeall uirthi ag an gComhairle Contae. Rinne an Chomhairle staidéar ar an mbád i gcaitheamh an tsamhraidh seo caite go bhfeicfí cén dóigh arbh fhearr déileáil leis an mbád.

Pléadh na roghanna éagsúla a d’fhéadfaí a dhéanamh ag cruinnithe de chuid na Comhairle Contae i gcaitheamh na bliana — caomhnú an bháid agus a macasamhail a dhéanamh ina measc.

Bhíothas ag súil ar dtús anuraidh go gcuirfí an maoiniú ar fáil leis an mbád cáiliúil a chaomhnú ach dúirt an Comhairleoir John Shéamais Ó Fearraigh le Tuairisc.ie i mí na Nollag gur cinneadh nárbh fhiú an t-airgead a chaitheamh ar chaomhnú an bháid mar gheall ar a dhonacht is atá an bhail atá uirthi anois.

Rinneadh an cinneadh, a dúirt sé, macasamhail Bhád Eddie a chur in áit gar don bhád féin. Thug Ó Fearraigh le fios ar RnaG inniu, áfach, go bhfuil dhá rogha anois faoin macasamhail sin — bád eile a cheannach agus a chur ar thrá Mhachaire Chlochair nó dealbh a dhearadh a bheadh cosúil le Bád Eddie. Dúirt sé leis go bhfuil an maoiniú ar fáil do cibé cén rogha a dhéanfar. Dá dtogrófaí dealbh a chur ann, is sa charrchlós ar imeall na trá a chuirfí é.

Beidh an cruinniú ar siúl sa Chrannóg, Dé Luain an 13 Márta ag 6 a chlog.

Áirítear Cara na Mara ar cheann de mhórphointí suntais Ghaoth Dobhair, mar aon le Loch Dhún Lúiche agus An Earagail. Tá ‘Bád Eddie’ le feiceáil i bhfíseáin cheoil de chuid Clannad agus U2 agus is iomaí pictiúr a tógadh di i gcaitheamh na mblianta.

Insíodh scéal Bhád Eddie ar chlár faisnéise a craoladh ar TG4 an tseachtain seo caite. Tháinig an bád iascaigh i dtír ag Machaire Chlochair i 1977 agus bhíothas leis an gcúpla clár adhmaid a briseadh uirthi a dheisiú, ach níor fhág sí an trá riamh arís.

Caitheadh súil sa chlár ar “shaol” an bháid, ar tharla di i 1977, an fáth ar tréigeadh i nGaoth Dobhair í, agus an bhaint atá ag an mbád leis an bhFrainc.

“Tá na mílte duine tar éis cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair thar na blianta agus fíorbheagán acu a tháinig go dtí an ceantar nach ndeachaigh ar cuairt chuig ‘Bád Eddie’ agus is fíorbheagán freisin nár ghlac pictiúr di,” a dúirt stiúrthóir an chláir, Sonia Nic Giolla Easbuig.

Bhí an bád le feiceáil i bhfíseán ceoil de chuid an bhanna Clannad, arb as Gaoth Dobhair ó dhúchas iad. Is don amhrán In a Lifetime a taifeadadh an físeán, ina bhfeictear séadchomhartha eile Ghaoth Dobhair, Óstán Ghaoth Dobhair, atá suite ar an aill os cionn an bháid.

Ag labhairt ar an gclár a craoladh an tseachtain seo caite, dúirt Moya Brennan, ó Chlannad, gur “Eiffel Tower” Ghaoth Dobhair a bhí i mBád Eddie, agus go bhfuil an bád “íocónach” faoin tráth seo.

Fág freagra ar 'Cruinniú faoi thodhchaí ‘Bád Eddie’ i nGaoth Dobhair'