Cruinniú as Gaeilge beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Reáchtálfar an chéad chruinniú eile de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar an 7 Márta mar gheall ar an ‘stádas dátheangach’ a fógraíodh don chathair níos túisce i mbliana

Quay_Street,_Gaillimh-Galway_City_-_geograph.org.uk_-_1249982

Reáchtálfar an chéad chruinniú eile de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Tuairiscítear ar The Connacht Tribune inniu go mbeidh cruinniú na Márta á reáchtáil sa teanga mar gheall ar an ‘stádas dátheangach’ a fógraíodh don chathair níos túisce i mbliana. Gealladh i mí Eanáir go mbeadh an Chomhairle Cathrach ‘ag déanamh obair mhór ar son na teanga’ ó mhí Mhárta na bliana seo ar aghaidh.

Tá bailchríoch á cur ar a tríú scéim teanga i láthair na huaire ag an gComhairle Cathrach agus grúpaí Gaeilge sa chathair ag súil go gcuirfear go mór leis na seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil do mhuintir na cathrach i nGaeilge.

An samhradh seo caite, bhí an Chomhairle á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga toisc go raibh ag teip uirthi coda dá Scéim Teanga a chur i bhfeidhm. D’iarr an Coimisinéir tuarascáil i scríbhinn ón gcomhairle faoin gceist. D’éiligh an Comhairleoir Catherine Connolly, a toghadh ina Teachta Dála inné, an t-am sin go bhfostódh an Chomhairle Oifigeach Gaeilge.

Tuairiscítear go ndearna an tOifigeach sealadach Gaeilge atá ag an gComhairle Cathrach, Ailish Breathnach, cur i láthair ag cruinniú de chuid fhoireann na Comhairle le deireanas, ina ndúirt sí go bhfuil sé de dhualgas ar an gComhairle plean a chur le chéile don Ghaeilge ó tharla go bhfuil stádas dátheangach ag an gcathair agus stádas oifigiúil Gaeltachta ag ceantair atá faoina cúram.

Tá ranganna Gaeilge á gcur ar fáil i láthair na huaire d’fhoireann na Comhairle agus do na comhairleoirí féin.

Catherine Connolly
An Teachta Dála Catherine Connolly (NS)

Dúirt Catherine Connolly TD (NS)  go bhfuil sí an-sásta go mbeidh cruinniú ag an gComhairle as Gaeilge ‘ar deireadh thiar’ agus go raibh sí féin ag éileamh a leithéid ó toghadh ina comhairleoir í den chéad uair sa bhliain 1999.

Is ar an 7 Márta a reáchtálfar an cruinniú.

Fág freagra ar 'Cruinniú as Gaeilge beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mo cheol iad,
    Sin ceannaireacht.
    Go leana Dáil Éireann a sampla.