Cruinniú ar maidin faoi chlár Leader atá ina chnámh spairne i gConamara agus in Árainn

Cinneadh tromchúiseach le déanamh faoi riaradh na scéime Leader i gConamara agus in Árainn sna blianta romhainn amach

Map Conamara

Tá baill Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chomhairle Chontae na Gaillimhe tagtha le chéile sa Lios Bán i nGaillimh maidin inniu agus cinneadh tromchúiseach ós a gcomhair faoi riaradh na scéime Leader i gConamara agus in Árainn sna blianta romhainn amach.

Tá Coiste Náisiúnta Neamhspleách tar éis cúraimí Leader i gConamara agus ar oileáin na Gaillimhe a bhronnadh ar Fhóram Chonamara i Leitir Fraic.  Socrú é seo a bhain cor as an gcóras mar gur tuigeadh go raibh polasaí Stáit ann go dtiocfadh Leader agus scéimeanna sóisialta eile faoi chúram na gCoistí Forbartha Pobail ar fud na hÉireann.  Tá na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla seo ag feidhmiú faoi scáth na gComhairlí Contae.  Ach, níor chuir an polasaí Stáit sin bac ar eagraíochtaí eile iarraidh a thabhairt faoin na comórtais a bhain leis an gcóras Leader.

Bhí caint ann go forleathan freisin go mbeadh chuile chontae ina aonad amháin Leader sa gcóras nua atá tagtha isteach faoi anáil an chláir ‘Putting People First’ a d’fhógair an Roinn Comhshaoil le linn tréimhse an Rialtais a tháinig i gcumhacht tar éis Olltoghchán 2011.  Ba faoi cheannas na Roinne Comhshaoil a bhí Leader san am sin.

Bhí go leor míshuaimhnis faoin bpolasaí seo i gceantair tuaithe ar an mbonn go raibh, a dúradh, Leader á bhaint den phobal agus á chur faoi smacht na gComhairlí Contae.  I gConamara, mar shampla, bhí caint ann go bhféadfadh go leor den bhéim a bheith ar oirthear na Gaillimhe sa gclár Leader dá dtiocfadh sé faoi scáth Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Ba é an réasúnaíocht a bhí leis an áitiú sin ná go bhfuil tromlach mór Chomhairleoirí na Comhairlea s an Eachréidh.  Ba ag an tráth sin a chuaigh na heagraíochtaí a bhí ag riaradh scéim Leader i gConamara roimhe seo ar chosáin éagsúla.

Shocraigh Fóram Chonamara, a bhfuil a gcuid oifigí i Leitir Fraic i dtuaisceart Chonamara, go gcuirfidís iarratas isteach ar riaradh na scéime i gCeantar Bardasach Chonamara – an  taobh tíre siar uilig ó imeall thiar chathair na Gaillimhe agus oileán Árann agus Inis Bó Finne istigh leis.

Bhí Fóram Chonamara ag dul in aghaidh srutha sa gcás seo agus shocraigh Comhar na nOileán, a bhí i bhfeighil scéim Leader i nGaeltacht Chonamara agus ar na hoileáin, taobhú leis an iarratas a rinne an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil i gComhairle Chontae na Gaillimhe ar riaradh Leader ar fud an chontae.  Tá a bpríomhoifigí siúd lonnaithe ar Inis Oírr agus roinnt daoine fostaithe acu.  Bhíodar i gceannas ar fheidhmiú Leader ar oileáin na hÉireann chomh maith le Gaeltacht Chonamara roimhe seo.  Chuaigh an eagraíocht Galway Rural Development, a bhíodh ag riaradh Leader in oirthear na Gaillimhe, isteach leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil sa gComhairle Contae freisin.

Bhí an chosúlacht ar an scéal go mbeadh Comhar na nOileán bainteach le láimhsiú cúraimí Leader i nGaeltacht na Gaillimhe (na hoileáin san áireamh) dá n-éireodh le hiarratas Choiste Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ach shocraigh an coiste náisiúnta meastóireachta ar mhúnla eile i roinnt contaetha – an Clár, Cill Chainnigh agus Gaillimh ina measc.

Fógraíodh an mhí seo caite go mbeadh riaradh an chláir Leader ag Fóram Chonamara as seo go ceann cúig bliana sa gceantar uilig taobh thiar de chathair na Gaillimhe agus go mbeadh oileáin Árann agus Inis Bó Finne san áireamh ansin.

D’eisigh Comhar na nOileán ráiteas cuimsitheach faoin ábhar an tseachtain seo ag cáineadh an fhógra a tháinig ó Roinn na Gaeltachta, a bhfuil an córas Leader tagtha faoina bráid arís faoin Rialtas nua.

Tá Comhar na nOileán an-bhuartha agus corraithe faoin gcinneadh seo.  Dúradar gur choinnigh siad leis an gcomhairle a bhí curtha orthu ag na ranna agus na háisíneachtaí Stáit i dtaobh fheidhmiú an chláir Leader sna blianta amach romhainn.  Ba dá bharr sin a chuadar isteach le hiarratas Choiste Forbartha Áitiúil Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Dúradar go bhfuil sé mícheart uilig go bhfágfaí ar charraig anois iad tar éis na comhairle a cuireadh orthu.

Tá go dtí an 21 Iúil ag an gCoiste Forbartha Áitiúil i gComhairle Chontae na Gaillimhe le hachomharc a chur isteach in éadan an chinnidh a thug riaradh na scéime i gceantar Bardasach Chonamara d’Fhóram Chonamara.

Is cosúil go mbeidh Comhar na nOileán ag iarraidh go ndéanfaí achomharc freisin.

Tá an cheist uilig á plé ag Coiste Forbartha Áitiúil Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar maidin i nGaillimh.

Tá ionadaithe as Comhar na nOileán agus as Fóram Chonamara ar an gcruinniú chomh maith le hionadaithe as rannóga Stáit agus Comhairleoirí Contae.  Beidh cinneadh deacair os a gcomhair.

Fág freagra ar 'Cruinniú ar maidin faoi chlár Leader atá ina chnámh spairne i gConamara agus in Árainn'

  • Páid Ó Donnchú

    Is maith leis an fíorGael castachas, cluainíocht agus cur amú airgid do dhaoine eile. I mBéarla na hÉireann, bollockology.