Cruinniú á éileamh le FnaG faoi ‘chruachás’ na scríbhneoirí

Grúpa scríbhneoirí atá buartha nach mbeidh scríbhneoir óg Gaeilge ar bith ann faoi cheann leathchéad bliain ag iarraidh cás scríbhneoirí na Gaeilge á phlé le Foras na Gaeilge.

An file Gabriel Rosenstock (ar dheis). Pictiúr. Photocall Ireland
An file Gabriel Rosenstock (ar dheis). Pictiúr. Photocall Ireland

 

Ní mó ná sásta atá grúpa de scríbhneoirí Gaeilge a mhaíonn nach bhfuil aon fhreagra faighte acu ar chuireadh chun cainte a seoladh chuig Foras na Gaeilge tuairim is dhá mhí ó shin.

Dar leis an bhfile Gabriel Rosenstock, urlabhraí an ghrúpa scríbhneoirí, go mba mhaith leis an ngrúpa “todhchaí leochaileach an fhocail scríofa a phlé,” leis an bhForas.

Tá an grúpa buartha nach mbeidh scríbhneoir óg Gaeilge ar bith ann faoi cheann leathchéad bliain muna ndéantar gníomh láithreach.

“Táimid ag éileamh gnímh mar sin ar an bhForas má tá glúin nua scríbhneoirí Gaeilge le bheith againn sa dara leath den chéad seo,” a deirtear sa cháipéis ‘Fórógra na Scríbhneoirí’ a seoladh chuig an bhForas ar an 2 Meán Fómhair.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge, áfach, gur tugadh freagra ar éileamh na scríbhneoirí.

“D’eisigh an Cohórt ráiteas chuig na meáin chumarsáide agus cuireadh sin chuig Foras na Gaeilge. Cuireadh in iúl go mbeadh Foras na Gaeilge sásta bualadh leis na scríbhneoirí leis an cheist a phlé.

“Tá Foras na Gaeilge sásta sin a dhéanamh i gcónaí agus tá i gceist againn cruinniú a shocrú le toscaireacht ó na scríbhneoirí. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fail do na foilsitheoirí agus cinntíonn Foras na Gaeilge go ndíolann na foilsitheoirí na scríbhneoirí.”

I measc na n-ábhar atá ag déanamh imní do na scríbhneoirí tá an titim mhór ar dhíolaíocht leabhar i nGaeilge.

I bhforógra na scríbhneoirí déanann Liam Ó Muirthile cur síos ar a thromhchúisí is atá cás na scríbhneoirí Gaeilge, dar leis:

“Tá focal scríofa agus clóite na Gaeilge chomh mór i mbaol anois agus a bhí sna blianta roimh Athbheochan thús an 20ú Aois.

“Táimidne den tuairim mheáite gur tráth na práinne é seo.”

Ag tús na bliana 2008 aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge go Foras na Gaeilge agus is faoi Chlár na Leabhar Gaeilge a bhreathnaíonn an Foras le scríbhneoireacht, fóilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn.

Dar leis an bhForas go ndéantar é seo ar bhealaí éagsúla; tugtar tacaíocht d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí, dírítear aird an phobail ar leabhair Ghaeilge, agus mealltar daoine le bheith ag léamh agus scríobh as Gaeilge.

Ach níl a ndótháin á dhéanamh, a deir an grúpa scríbhneoirí.

Áitíonn an grúpa nach gcuirtear leabhair Ghaeilge chun cinn mar ba chóir ag féilte litríochta, i siopaí leabhair agus leabharlanna ná sna meáin Bhéarla.

Dúirt urlabhraí an ghrúpa nach mbíonn léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge ar fáil go forleathan agus gur minic a dhéantar neamhaird orthu sna meáin Ghaeilge fiú.

San Fhorógra a chuir an grúpa faoi bhráid Fhoras na Gaeilge, cáineadh “easpa físe” an Fhorais maidir le tacaíocht a thabhairt don ghlúin scríbhneoirí atá le teacht.

Moltar ann go gcuirfí straitéis éifeachtach le chéile chun próifíl na litríochta Gaeilge a ardú – faoina n-aistreofaí saothar na scríbhneoirí Gaeilge go Béarla agus go teangacha eile.

“Buanú teanga í a scríobh” an mana atá ag an cohórt scríbhneoirí seo agus tá siad buartha nach mbeidh scríbhneoirí óga an lae inniu in ann a scileanna cruthaitheacha a fhorbairt ceal ardáin.

I measc na scríbhneoirí atá luaite leis an bhforógra a seoladh chuig Foras na Gaeilge tá; Gabriel Rosenstock; Tomás Mac Síomóin; Doireann Ní Ghríofa; Antain Mac Lochlainn.  Pádraig Ó Cíobháin; Dairene Ní Chinnéide; Pádraig Ó Fiannachta; Liam Ó Muirthile; Liam Prút; Áine Ní Ghlinn; agus Alan Titley.

Is ait le Gabriel Rosenstock nach dtugtar níos mó airde i saol na Gaeilge ar cheist an ‘easpa tacaíochta’ a fhaigheann scríbhneoirí Gaeilge.

“Tá teacht isteach ag dochtúirí, dlíodóirí, breithiúna, pluiméirí, amhránaithe, tréidlianna, sagairt, striapacha, siopadóirí, jacaithe, iascairí, iriseoirí, easpaig, craoltóirí, feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge, glantóirí sráide etc.

“Cén teacht isteach rialta atá ag an scríbhneoir Gaeilge? An ceart go mbeadh teacht isteach aici/aige in aon chor? Nó an é atá uainn scríbhneoirí amaitéaracha, scríbhneoirí páirtaimseartha, scríbhneoirí a bhfuil ‘jab ceart’ acu (mar mhúinteoir nó mar státseirbhíseach) agu sligean dóibh bheith ag scribleáil leo thar an deireadh seachtaine. Conas nach bhfuil an cheist sin á hardú againn i saol na Gaeilge?” a dúirt Gabriel Rosenstock.

 

 

Fág freagra ar 'Cruinniú á éileamh le FnaG faoi ‘chruachás’ na scríbhneoirí'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Ní dóigh liom gur féidir comparáid a dhéanamh idir an stad ina bhfulimid san lá atá inniu ann agus an cás a bhí ann roimh na hAthbheochana. Ní raibh ach tuairim is caoga daoine le léamh agus scríobh na Gaeilge sa tír an am sin agus níos lú ná caoga leabhair ar fáil i nGaeilge. Tá feabhas mór tagtha ar an scéal ó shin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Céard faoi chruachás na léitheoirí? An chuid is mó dena leabhair i nGaeilge a thosnaím, ní bhím in ann iad a chríochnú, de bharr easpa eagarthóireachta orthu, fadálacht agus leadránacht sa scéal agus go minic i dteanga nach bhfuil aon áilleacht ná rithim nadúrach ag baint leí. Domsa ba eisceacht é leabhar Rónán Mac an Iomaire, Rocky Ros Muc.

    Im thuairimse tá an iomarca leabhair Ghaeilge á chur amach nach fiú a chur ar an margadh. Dá mbeadh na tithe foilsitheoireachta á íoc do réir an líon leabhar a cheannaítear b’fhéidir go mbeadh freastal níos fearr á dhéanamh ar na léitheoirí, an dream is tábhachtaí im thuairimse.