Cruinnithe socraithe idir eagraíochtaí Gaeilge agus Arlene Foster

Tá cuireadh faighte ag Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste teacht ag cruinniú le Foster tráthnóna Déardaoin

Cruinnithe socraithe idir eagraíochtaí Gaeilge agus Arlene Foster

Pictiúr: RollingNews.ie

Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí teanga eile ó thuaidh ag casadh le ceannaire an DUP, Arlene Foster, le cúrsaí Gaeilge a phlé léi an tseachtain seo.

Tá cuireadh faighte ag Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste teacht ag cruinniú le Foster tráthnóna Déardaoin. Cé nár luadh am ná ionad leis an eagraíocht teanga sa chuireadh a seoladh chucu an tseachtain seo, meastar gur i Stormont a bheidh an cruinniú ar siúl.

Tá cuirí faighte ag eagraíochtaí teanga eile ó thuaidh, POBAL ina measc, bualadh leis an gceannaire an tseachtain seo freisin. Tuigtear do Tuairisc.ie go gcasfaidh na grúpaí le hionadaithe an DUP grúpa ar ghrúpa seachas ag aon mhórchruinniú amháin.

Chas an Conradh cheana féin le cúigear ceannairí ó pháirtithe an Tuaiscirt ach seo an chéad uair a bheidh siad ag casadh le hionadaithe ó pháirtí Aontachtach.

Scríobh an Conradh chuig gach páirtí polaitíochta ó thuaidh níos túisce i mbliana nuair a fógraíodh toghchán Stormont na bliana seo, agus iad ag iarraidh cás na Gaeilge sa Tuaisceart a phlé leo.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta na heagraíochta, go bhfuil an Conradh sásta go mbeidh siad anois ag casadh leis an “séú ceannaire ó thuaidh” agus ceannaire an pháirtí is mó sa réigiún.

“D’iarr muid cruinniú tamall maith ó shin, agus bhuail muid le cúigear ceannairí eile ó shin ach cuireann muid fáilte roimh an deis cúrsaí a phlé leis an bpáirtí is mó anois.

“Ba mhaith linn a dtuiscint a mhéadú ar bhonn ginearálta ar chás na Gaeilge agus ar phobal na Gaeilge, cúrsaí oideachais agus pobail, agus ar ndóigh, an tAcht Gaeilge. Tá moltaí déanta againn i dtaca leis na rudaí sin go léir,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Dúirt sé gur thug na páirtithe uilig a raibh cruinniú ag an gConradh leo tacaíocht éigin don eagraíocht teanga cé nár thug gach uile pháirtí acu tacaíocht iomlán do gach moladh a rinneadh. Dúirt sé, áfach, gur éirigh leis an gConradh a chur ina luí ar na polaiteoirí gur “miotais” a bhí i go leor den chaint a rinneadh faoin nGaeilge le linn an fheachtais toghcháin i mí Feabhra agus gur bréagnaíodh ráitis a dúradh faoin Acht Gaeilge, go háirithe maidir leis an gcostas a bhainfeadh leis an reachtaíocht teanga.

“Tá sé tábhachtach freisin go leanfadh muid leis an stocaireacht anois. Is maith an rud é go mbeidh muid ag casadh le ceannaire páirtí eile ach tá obair eile fós le déanamh. Tá teagmháil déanta againn anois le ceannaire nua an UUP, Robin Swan, agus muid ag iarraidh cruinniú a shocrú leis siúd freisin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Dúirt sé gur chóir don Ghaeilge a bheith ar chlár oibre gach páirtí ó thuaidh.

Níos luaithe an mhí seo, thug Arlene Foster le fios go raibh sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar ‘thuiscint níos fearr’ ar an teanga agus an ‘cultúr’ a bhaineann léi.

“Tá fonn orainn meas a léiriú ar an teanga agus go deimhin tuiscint níos fearr a fháil ar an teanga agus ar chultúr nach bhfuilimid-ne mar chuid de, agus chuige sin, as seo go ceann tamaill bhig, tá fúm a bheith ag plé agus ag éisteacht le daoine a thagann ó chúlra Gaeilge, daoine nach bhfuil lorg pholaitíocht aon pháirtí orthu ach a bhfuil grá dáiríre acu don teanga agus nach n-úsáideann í mar uirlis pholaitiúil chogaíochta,” a dúirt sí.

Dúirt ceannaire an DUP go n-aithníonn an páirtí gur ann do dhaoine a bhfuil “grá” acu don Ghaeilge, atá ag iarraidh í a labhairt agus a bhfuil tacaíocht uathu leis an méid sin a dhéanamh. Chaithfí, áfach, meas a léiriú chomh maith ar an Ultais agus ar an “bhféiniúlacht Oráiste agus Bhriotanach”.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn de shíor ag iarraidh.

Bhain conspóid mhór lena ráiteas faoi Shinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart. Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge. “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt ceannaire an DUP an mhí seo caite go raibh aithreachas anois uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

“I regret in so far as it allowed Sinn Fein to use it against me and to use it to demonise me.”

D’fhág an chonspóid faoi ráiteas Foster go raibh ceist na Gaeilge agus an tAcht Teanga go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh. Tá ceist na teanga lárnach chomh maith faoi láthair sna cainteanna atá ar bun ó thuaidh maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Fág freagra ar 'Cruinnithe socraithe idir eagraíochtaí Gaeilge agus Arlene Foster'