Cruinnithe á lorg ag eagraíochtaí teanga le Státrúnaí nua an Tuaiscirt

Bhí cruinniú leis an iar-státrúnaí James Brokenshire geallta do Chonradh na Gaeilge sular éirigh Brokenshire as an tseachtain seo caite de bharr fadhbanna sláinte

Cruinnithe á lorg ag eagraíochtaí teanga le Státrúnaí nua an Tuaiscirt

Tá cruinnithe á lorg ag eagraíochtaí teanga le Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann chun ceist an Achta Gaeilge agus stádas na Gaeilge ó thuaidh a phlé léi.

Thug Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, le fios go bhfuil iarratas déanta ag an mbrúghrúpa ar chruinniú le Bradley le cás na Gaeilge a phlé “i bhfianaise theip na gcainteanna polaitíochta le bliain anuas agus impleachtaí an Bhreatimeachta do cheist na teanga”.

Tá cruinniú leis an Státrúnaí nua iarrtha chomh maith ag Conradh na Gaeilge.

Bhí cruinniú leis an iar-státrúnaí James Brokenshire geallta do Chonradh na Gaeilge sular éirigh Brokenshire as an tseachtain seo caite de bharr fadhbanna sláinte.

Dúirt urlabhraí ón eagraíocht teanga go rabhthas “ag glacadh leis go seasfadh an socrú sin” agus nach mbeadh aon fhadhb dá bharr cruinniú a fháil leis an Státrúnaí nua.

Tá Karen Bradley ag teacht i gcomharbacht ar Brokenshire ag am an-leochaileach sna hiarrachtaí teacht ar réiteach maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont. Tá ceist an Achta Gaeilge, an dris chosáin is mó roimh athbhunú an fheidhmeannais, fós idir dhá cheann na meá chomh maith.

“Theip ar na cainteanna a bhí dírithe ar Stormont a athbhunú go dtí seo. Is iomaí cúis atá leis sin, gan dabht, ach is léir go bhfuil ceist Acht na Gaeilge i lár an aonaigh. Faraor, tá an scéal seo, agus ceisteanna comhionannais eile, le réiteach go fóill, agus mar sin, bheifeá ag dúil leis go mbeadh siad go hard ar liosta tosaíochtaí an Státrúnaí nua,” a dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL.

Fág freagra ar 'Cruinnithe á lorg ag eagraíochtaí teanga le Státrúnaí nua an Tuaiscirt'