Tá sé in am aige crú a chur ina thosach, a dúradh ar Nuacht an Iarthair ar Raidió na Gaeltachta an lá faoi dheireadh. Duine a bhí ag casaoid faoi Aire a raibh obair faoi leith geallta aige ach nach raibh an obair sin déanta ná tosaithe fiú amháin.
Cheap an té a bhí ag casaoid go raibh sé in am aige an togra a chur ar aghaidh.
Nach breá an rud go bhfuil leaganacha cainte mar seo á n-úsáid i gcónaí i Raidió na Gaeltachta.
Cuirtear crú/crúite ar chapall. Ar chrúba an chapaill a chuirtear iad ar ndóigh le go mbeidh sí in ann siúl agus imeacht ina sodar ar an mbóthar.
Is minic a bhíodh crú seaca ar chapall nuair a bhíodh reothalach ar an mbóthar ar fhaitíos go sciorrfadh sí.
D’fhéadfadh capall crú a sceitheadh, a chailleadh.
Cuirtear crú ar sháil bróige, ar na bróga móra garbha.
Nuair a bhíonn gabha ag déanamh crú cuireann sé rásáil, sin feire, thart sa gcrú le go ngabhfaidh an tairne isteach cothrom leis an gcrú. “An treoir chun na dtairní,” a thug Raiftearaí air.
Dúirt Raiftearaí freisin agus é ag moladh Bheairtle Gabha go ndéanfadh sé “crú d’each rása agus ardú faoi asal.”
Dúirt Toirdhealbhach Ó Cearúlláin an méid seo:
‘Chuirfinn crú ar an each
Is deise do shiúilfeadh an féar.’
Trí rud nach dtagann meirg orthu: crú capaill, airgead sagairt agus teanga mná.
Trí rud nach bhfuil iontruist: gáire an tSasanaigh, adharc na bó agus crú an chapaill.
Fág freagra ar 'Crú a chur ina thosach…'