Croí McShane agus McKenna i dTír Eoghain, tada foghlamtha ag Maigh Eo agus rialacha nua chun sochar na Gaillimhe

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluichí ceannais peile agus camógaíochta na hÉireann

Croí McShane agus McKenna i dTír Eoghain, tada foghlamtha ag Maigh Eo agus rialacha nua chun sochar na Gaillimhe

Cathal McShane ag ceiliúradh le Ciarán agus Niall McAleer. Tá Ciarán ag dul faoi mhór-obráid go luath. Treise leis. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Croí McShane agus McKenna i dTír Eoghain

Agus cúl amháin scóráilte ag duine acu agus an ceann eile cruthaithe ag an bhfear eile, bhí Cathal McShane agus Conor McKenna ar bheirt de laochra Thír Eoghain ina mbua i gcluiche ceannais na hÉireann. Bhí tráth ann, áfach, nuair a bhreathnaigh sé nach mbeadh teacht ag foireann Thír Eoghain ar cheachtar acu.

Níor fhill McKenna abhaile ón Astráil go dtí an t-am seo anuraidh tar éis dó sé bliana a chaitheamh ag imirt le Essendon san AFL. Bhí McKenna ina réalta thall ach nuair a d’fhill abhaile dúirt sé go raibh fonn air filleadh abhaile ón uair a bhreathnaigh sé ar Thír Eoghain i gcluiche ceannais na hÉireann 2018.

Níos luaithe anuraidh, bhí an chuma ar an scéal go raibh McShane chun dul leis an bpeil Astrálach freisin. Chaith sé seachtain ag traenáil le Adelaide ach roghnaigh McShane faoi dheireadh gan glacadh leis an gconradh a tairgeadh dó agus coinneáil leis an bpeil Ghaelach.

Ba léir gurbh é mian a gcroí imirt do Thír Eoghain agus Craobh na hÉireann a bhuachan don chontae, gaisce a rinneadar ag an deireadh seachtaine.

Briseadh croí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cinneaadh cinniúnach Horan

D’éirigh chomh maith sin le McShane mar ionadaí i mbliana nárbh aon ábhar iontais é go raibh plean ar leith ag James Horan agus ag Maigh Eo dó. Ar an drochuair dóibhsean, nuair a tháinig sé isteach níor oibrigh an plean ar chor ar bith.

Nuair a tháinig McShane chun páirce, chuaigh sé díreach isteach os comhair an chúil, áit a raibh Pádraig O’Hora Mhaigh Eo ag fanacht leis. Ba léir go raibh treoir tugtha d’Oisín Mullin McShane a mharcáil nuair a thiocfadh sé chun páirce, áfach, agus rith sé siar chun seasamh taobh le fear Thír Eoghain agus cuireadh O’Hora ar imreoir eile.

B’aisteach an t-athrú é mar, cé nach bhfuil McShane mall, is é a neart agus a chumas san aer na buanna is mó atá aige. Cosantóir den scoth é Mullin ach tá McShane ar a laghad ceithre horlaí níos airde ná é. Tá McShane 6’2” agus déarfá go mb’oiriúnaí O’Hora (6’0) chun dul in iomaíocht leis san aer.

Rinne Mullin iarracht imirt chun tosaigh ar McShane agus an liathróid a ghoid sular tháinig sí chomh fada leis an bhfear mór ach rugadh air I gcás an chúil. Bhí pas Conor Meyler tomhaiste go hiontach aige ach chaill Mullin conair na liathróide san aer agus bhí sé ró-éasca ag McShane dorn a chur leis an liathróid.

An liathróid san eangach agus an dara cúl ag Tír Eoghain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tada foghlamtha ag Maigh Eo

Tá seanchleachtadh anois ag lucht tacaíochta Mhaigh Eo ar theip an chontae i gcluichí ceannais na hÉireann ach seans gurb é an rud is mó a chuirfidh as dóibh ná go mbíonn na botúin chéanna á ndéanamh arís agus arís eile ag an bhfoireann.

Bí cinnte de go raibh anailís go leor déanta ag Maigh Eo ar thaispeántas Thír Eoghain in aghaidh Chiarraí sa chluiche leathcheannais. Chonaic siad mar sin cé chomh díograiseach is a bhí cosantóirí Thír Eoghain agus an chaoi ar fheil sé dóibh Ciarraí a bheith ag iompar na liathróide suas an pháirc seachas í a chiceáil isteach i dtreo na líne lántosaithe. Chonaic James Horan agus a chomhghleacaithe gur plúchadh Ciarraí arís agus arís eile agus iad ar an ionsaí. Ach ina ainneoin sin go léir ní léir go raibh aon phlean eile ag Maigh Eo Dé Sathairn seachas an liathróid a iompar suas an pháirc.

D’éirigh le fir na Láimhe Deirge an liathróid a bhaint de dhuine d’imreoirí Mhaigh Eo 15 uair sa chluiche agus taobh istigh de líne 45m Thír Eoghain a tharla sin gach uair seachas aon uair amháin. Ligeadh do Mhaigh Eo dul suas chomh fada leis an líne 45m ach is ansin a thug cosantóirí Thír Eoghain faoina gcéilí comhraic, díreach mar a tharla in aghaidh Chiarraí.

Bhí an rogha ag Maigh Eo úsáid a bhaint as an modh díreach agus pas a chiceáil isteach i dtreo Aidan O’Shea nó Tommy Conroy. Bhí seans an duine ar chúl acu tar éis dóibh pasanna fada a fháil ach níor baineadh úsáid as an rogha sin sách minic. Bhí a laghad sin feicthe ag Conroy den liathróid sa chéad leath gur thosaigh sé ag teacht amach i dtreo lár na páirce chun greim a fháil uirthi, ach ní raibh aon mhaith dó a bheith amuigh ansin.

Is minic Tír Eoghain ag iompar na peile suas an pháirc freisin ach bíonn siad breá sásta úsáid a bhaint as an gcicphas chomh maith. Ní hamháin gur tháinig cúl Chathail McShane ó phas fada ach tháinig ar a laghad trí scór eile sa chéad leath féin ó Thír Eoghain a bheith ag ciceáil na liathróide isteach i dtreo na dtosaithe.

 ©INPHO/Brian Reilly-Troy

Tionchar na rialacha nua le feiceáil sa chamógaíocht

Is mór an t-athrú atá tagtha ar an gcamógaíocht i dtréimhse ghearr. Cé nach raibh sé baileach chomh maith céanna le cluiche ceannais pheil na mban an tseachtain seo caite, bhí an cluiche ceannais camógaíochta idir Gaillimh agus Corcaigh níos drámata ná cluichí ceannais na bhfear sa pheil agus san iomáint agus is beag duine a cheap cúpla bliain ó shin gur mar sin a bheadh.

Bhí cluichí ceannais 2017 agus 2018 millte ag pocanna saora agus bhí an chamógaíocht éirithe chomh stadach sin mar chluiche gur cinneadh faoi dheireadh éisteacht leis na himreoirí agus an lucht féachana agus na rialacha a athrú. An t-athrú is mó a rinneadh ná cead a thabhairt d’imreoirí gualainn a thabhairt dá chéile agus is cinnte gur chun sochar an chluiche an cinneadh sin.

Coimhlint chrua, fhisiciúil a bhí i gcluiche ceannais an lae inné, go háirithe. Bhí an réiteoir Liz Dempsey sásta scaoileadh le go leor, ach bhí na himreoirí breá ábalta ag na buillí agus spreag siad an slua freisin.

Is cinnte go bhfuil tairbhe bainte ag Gaillimh as na rialacha nua freisin. Cosantóir láidir, díograiseach í captaen na foirne Sarah Dervan agus tugann na rialacha nua deis di na buanna sin a úsáid. Tá an rud céanna fíor faoin mbeirt eile i líne lánchúil na Gaillimhe, Shauna Healy agus Dervla Higgins, agus ní haon chomhtharlúint é go bhfuil na Gaillimhigh tagtha chun cinn arís ag an am céanna ar tosaíodh ag scaoileadh leis na rialacha.

 ©INPHO/Brian Reilly-Troy

An chonspóid curtha di ag Cronin

Bhí eachtra aisteach ann díreach roimh thús an chluiche agus 16 imreoir ó Chorcaigh mar chuid den pharáid a rinne na foirne timpeall Pháirc an Chrócaigh. Bhí captaen Chorcaí Linda Collins ag ceann na scuaine cé nach raibh sí chun an cluiche a thosú ó tugadh cead d’Orla Cronin imirt. Taispeánadh cárta dearg do Cronin sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chill Chainnigh, ach deireanach oíche Dé Sathairn a tháinig an scéal go mbeadh sí ar fáil do Chorcaigh. Dúirt bainisteoir na foirne, Paudie Murray, go raibh sé sa leaba nuair a fógraíodh an scéal. Mar gheall go raibh sí ainmnithe ar an bhfoireann i rith na seachtaine agus mar gurb í an captaen, tugadh cead do Collins páirt a ghlacadh sa pharáid freisin.

Aisteach go leor, dúirt Murray nár thraenáil Cronin leis an bhfoireann i gcaitheamh na seachtaine nuair nach raibh a fhios acu an mbeadh sí ar fáil nó nach mbeadh, ach ba léir nár chuir aon easpa cleachtaidh as do Cronin, a bhí ar dhuine de na himreoirí is fearr a bhí ag Corcaigh.

Bheadh cúis ghearáin ag Gaillimh mura mbeadh an cluiche bainte acu. Ag an gcruinniú smachta Dé Sathairn, níor cuireadh an tréimhse fionraíochta a tugadh do Cronin ar ceal ach dúradh nach gcuirfí ar fionraí í go dtí go mbeadh deis ann éisteacht chuimsitheach a thabhairt dá cás. I ndáiríre, bhí an chuma ar an scéal gur iarracht a bhí ann cinneadh crua a sheachaint.

Fág freagra ar 'Croí McShane agus McKenna i dTír Eoghain, tada foghlamtha ag Maigh Eo agus rialacha nua chun sochar na Gaillimhe'