Criú naomhóige as Corca Dhuibhne ag tabhairt faoi thuras suas cósta na hÉireann

D’fhág Breanndán Ó Beaglaoich, Seán Mac an tSíthigh agus Éamonn Ó Muircheartaigh Corca Dhuibhne maidin inné

Criú naomhóige as Corca Dhuibhne ag tabhairt faoi thuras suas cósta na hÉireann

Tá triúr fear farraige ag tabhairt faoi thuras as Gaeltacht Chorca Dhuibhne suas cósta thiar na hÉireann i naomhóg.

D’fhág criú na naomhóige Cuas an Bhodaigh inné sa bhád traidisiúnta.

Is iad an ceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich, an t-iriseoir de chuid Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh agus Éamonn Ó Muircheartaigh, fisiteiripeoir agus mac leis an iarthráchtaire Micheál Ó Muircheartaigh, atá ag tabhairt faoin turas.

Thug an triúr céanna, agus Liam Holden ina dteannta, turas naomhóige deich lá ag iomramh in Albain Nua i gCeanada anuraidh.

 

 

Fág freagra ar 'Criú naomhóige as Corca Dhuibhne ag tabhairt faoi thuras suas cósta na hÉireann'

  • Garry Ó Briain

    Go néirí go gheal leis an triuir agaibh. Iontach sibh a fheiceál amach ar an bhfairrige arís

  • Dáithí Ó Conaill

    Go dtreoraí Dia agus Breandán Naofa sibh agus go ndéanadh Danny (rip) sibh a chosaint ó bhaol.