‘Críochnaímis an jab’ – fógra oifigiúil déanta ag Biden go mbeidh sé sa rás don Teach Bán

Tá Joe Biden, a thug cuairt ceithre lá ar Éirinn níos túisce an mhí seo, 80 bliain d’aois agus é ar an uachtarán is sine riamh ar a thír

‘Críochnaímis an jab’ – fógra oifigiúil déanta ag Biden go mbeidh sé sa rás don Teach Bán

Tá sé fógartha go hoifigiúil ag Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, go bhfuil sé chun seasamh don uachtaránacht athuair in 2024.

Deir Biden go bhfuil sé ag iarraidh ar mhuintir Mheiriceá ceithre bliana eile a thabhairt dó chun críoch a chur leis an obair atá tosaithe cheana aige.

Agus fógra déanta ag an iaruachtarán Donald Trump go mbeidh sé féin ina iarrthóir, d’fhéadfadh gurbh iad an bheirt chéanna a bheidh á fhéachaint le chéile don uachtaránacht is a bhí i dtoghchán 2020.

Tá Biden, a thug cuairt ceithre lá ar Éirinn níos túisce an mhí seo, 80 bliain d’aois agus é ar an uachtarán is sine riamh ar a thír.

D’fhógair Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Kamala Harris, go mbeadh sí féin ag seasamh in éineacht le Biden arís.

Táthar ag súil le fada le fógra Biden go mbeidh sé ag seasamh arís agus ní dócha go mbeidh mórán cur ina choinne aige ina pháirtí féin.

Dúirt sé gur troid ar son an daonlathais agus na saoirse a bheadh i dtoghchán na bliana seo chugainn.

Ag dul sa ghleo arís ar mhaithe le “anam Mheiriceá” a bheadh sé, ar sé.

“Críochnaímis an jab,” arsa Biden.

Ag tagairt dó do mhana Donald Trump ina fhíseán, cháin Biden na “hantoiscigh MAGA [Make America Great Again]” a bhfuil na cearta “ar bhunchloch na saoirse” i Meiriceá iad á n-ionsaí acu.

Dream iad seo, a deir Biden, a bhíonn “ag ciorrú na slándála sóisialaí, ag ordú do mhná cén cinneadh ba cheart dóibh a dhéanamh faoina sláinte,  ag cur cosc ar leabhair, ag insint do dhaoine cé hiad na daoine gur féidir leo grá a thabhairt dóibh agus, i rith an ama, ag iarraidh é a dhéanamh níos deacra ort vóta a chaitheamh”.

D’éirigh le Biden mar uachtarán na billiúin a fháil chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim Covid-19 agus chun feabhas a chur ar infreastruchtúr na tíre.  Tá an ráta dífhostaíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag an leibhéal is ísle ó 1969 ach tá an ráta boilscithe níos airde ná mar a bhí aon uair le 40 bliain.

Tá an tír scoilte go mór i gcónaí chomh maith, go háirithe faoi cheisteanna sóisialta.

Léirigh pobalbhreith a d’fhoilsigh Reuters/Ipsos an tseachtain seo caite nach raibh ach 39% de dhaoine sásta le Biden.

Léirigh an phobalbhreith sin, agus pobalbhreith a rinne NBC le déanaí, gur údar imní aois Biden ag formhór mhuintir Mheiriceá agus go gcreideann a bhformhór nár cheart dó seasamh athuair.

Dúirt dochtúirí a rinne scrúdú leighis ar an uachtarán mí Feabhra go raibh sé aclaí agus sláintiúil a dhóthain chun dul “i mbun dualgais”.

Fág freagra ar '‘Críochnaímis an jab’ – fógra oifigiúil déanta ag Biden go mbeidh sé sa rás don Teach Bán'

  • Gabriel Rosenstock

    “Dúirt sé gur troid ar son an daonlathais agus na saoirse a bheadh i dtoghchán na bliana seo chugainn…”
    Há há há há há!