Críoch le scéal fada cráite Choláiste Íosagáin agus maoiniú €2.7 milliún fógartha

Tá fáilte mhór curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú nua do Choláiste Íosagáin i nGaeltacht Mhúscraí, foirgneamh cáiliúil atá díomhaoin le breis is 30 bliain anuas

Críoch le scéal fada cráite Choláiste Íosagáin agus maoiniú €2.7 milliún fógartha

Is cosúil go dtiocfaidh críoch faoi dheireadh le scéal fada cráite Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí agus €2.7 milliún fógartha d’fhorbairt an fhoirgnimh atá díomhaoin le breis is 30 bliain.

Fógraíodh an maoiniú inniu faoin gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí chun Coláiste Íosagáin, atá ar cheann de na foirgnimh is cáiliúla sa Ghaeltacht, a fhorbairt mar mhol forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta.

In ainneoin moltaí agus geallúintí go leor, tá Coláiste Íosagáin folamh ó 1989.

Tá Údarás na Gaeltachta, a chuir fáilte mhór roimh fhógra an mhaoinithe, ag súil go dtacóidh an fhorbairt le 200 post nua a chruthú sa cheantar sna blianta amach romhainn.

An chéad dá urlár i bpríomhfhoirgneamh an champais atá i gceist leis an bhforbairt, agus is ann a bheidh oifig réigiúnach Údarás  na Gaeltachta feasta. Tá sé i gceist ag an Údarás infheistíocht bhreise a chur leis an €2.7 milliún agus táthar ag súil go mbeidh cead pleanála faighte don fhorbairt roimh dheireadh na míosa agus tús a chur le tairiscintí a lorg don obair athchóirithe ansin.

Fostófar faoi lár na bliana seo chugainn Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Bainisteoir Forbartha Oiliúna, an chéad bheirt a bheidh fostaithe sa mhol nua a bhfuil súil é a bheith críochnaithe faoi dheireadh 2021.

Údarás na Gaeltachta le tacaíocht Enterprise Ireland, Comhairle Contae Chorcaí, Coláiste Ollscoile Chorcaí, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus páirtnéirí eile a bheidh i mbun na forbartha ar an bhfoirgneamh a bhíodh tráth ina choláiste ullmhúcháin lán-Ghaeilge. Tá plean á ullmhú chomh maith ag Údarás na Gaeltachta don chuid eile den champas.

Is mó forbairt agus togra a bhí luaite leis an bhfoirgneamh ó 1989 agus fógraíodh i dtús na mílaoise go raibh €1.5 milliún curtha ar fáil chun é a fhorbairt mar lárionad oideachais lán-Ghaeilge. Dúirt an t-aire oideachais Michael Woods ag an am go mbeadh forbairt an ionaid oideachais “ar cheann de na forbairtí ba shuntasaí i stair an oideachais Ghaeilge” ach caitheadh an plean i dtraipisí.

Gealladh arís i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, a foilsíodh in 2010, go ndéanfaí lár-ionad oideachais den fhoirgneamh, ach dála na bpleananna eile go léir níor cuireadh an plean sin i gcrích ach oiread.

Baineadh leas as Coláiste Íosagáin don scannán Song for a Raggy Boy.

Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an suíomh 2.5 acra in 2002.

Dúirt an Teachta Dála as Corcaigh agus Aire Talmhaíochta Michael Creed go gcuirfeadh an fhorbairt nua “croí nua” i gColáiste Íosagáin

“Is iomaí bréagmhaidneachan a bhí againn sa chás seo, ach tá áthas orm go bhfuil togra faoi dheireadh againn a chinnteoidh go mairfidh Coláiste Íosagáin,” arsa Michael Creed.  

Fág freagra ar 'Críoch le scéal fada cráite Choláiste Íosagáin agus maoiniú €2.7 milliún fógartha'