‘Creidim gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge’ – Joan Freeman

Deir an t-iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta Joan Freeman go ndearna Mary McAleese an-leas don Ghaeilge agus go leanfadh sí a sampla siúd

‘Creidim gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge’ – Joan Freeman

Deir Joan Freeman nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ina ‘réamhchoinníoll’ le bheith i d’iarrthóir uachtaránachta ach tá gealltanas tugtha ag an Seanadóir go bhfoghlaimeoidh sí Gaeilge má thoghtar ina huachtarán í.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an Seanadóir Joan Freeman go gcreideann sí gur cheart go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán ach nár chóir don teanga a bheith ina “réamhchoinníoll” d’iarrthóirí uachtaránachta.

“Creidim gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge ach ní dóigh liom gur cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge ina réamhchoinníoll le bheith i d’iarrthóir don uachtaránacht,” ar sí.

Cé go bhfuil Freeman in ann “roinnt” Gaeilge a thuiscint, deir sí nach raibh an “deis” aici an teanga a fhoghlaim.

“Bhog mo thuismitheoirí go Sasana nuair a bhí mise bliain d’aois agus níor thángamar ar ais go hÉirinn go raibh mise dhá bhliain déag agus ar an drochuair, ní bhfuair mé an deis an Ghaeilge a fhoghlaim.

“Déarfainn féin nach bhfuil ach Gaeilge an-bhunúsach agam. Tuigim roinnt Gaeilge ach ní bheinn in ann comhrá a dhéanamh sa teanga,” a dúirt Freeman.

Dúirt sí áfach go bhfuil gealltanas á thabhairt aici go bhfoghlaimeoidh sí an teanga, mar a rinne an an t-iarUachtarán Mary McAleese, má éiríonn léi sa toghchán uachtaránachta.

“I ndáiríre, creidim go ndearna Mary McAleese an-leas don Ghaeilge nuair a gheall sí go bhfoghlaimeodh sí an teanga agus gur sheas sí lena focal. Léirigh sí go bhféadfadh aon duine an teanga a fhoghlaim, is cuma cén aois iad. Déanfaidh mise amhlaidh,” ar sí.

Creideann Freeman gur féidir leis an Uachtarán “an-tacaíocht a thabhairt don teanga” agus dúirt sí go gcuideodh sí féin le heagraíochtaí Gaeilge “polasaithe tacaíochta don teanga” a chur chun cinn.

“Agus mé i m’uachtarán, bheinnse ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile dá leithéid chun polasaithe tacaíochta don teanga a chur chun cinn.

“Léireoidh mise agus mé ag foghlaim na teanga an tábhacht atá leis an nGaeilge do mhuintir na hÉireann uile,” a dúirt an Seanadóir Joan Freeman.

Fág freagra ar '‘Creidim gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge’ – Joan Freeman'