Creathadh bainte as muinín an phobail ag fiosrú póilíní faoi theachtaireachtaí pornagrafacha

Ceapadh go raibh na laethanta nuair a deirtí ‘níl i gceist ach achrann baile’ imithe le fada, ach is deacair talamh slán a dhéanamh de i bhfianaise an scannail is déanaí faoin PSNI

Creathadh bainte as muinín an phobail ag fiosrú póilíní faoi theachtaireachtaí pornagrafacha

“An mbeifeá sásta go mbeadh comhalta den PSNI a léirigh an meon sin ag déileáil le d’iníon, do dheirféar, do mháthair, do pháirtnéir, do chara?” 

An t-iar-leasPhríomh-Chonstábla Judith Gillespie a chuir an cheist, í ag trácht ar ghrúpa póilíní atá á bhfiosrú i dtaca le teachtaireachtaí frithbhanda, pornagrafacha agus ciníocha ar ‘whatsapp’. Cúis alltachta é an scéal, iompar a sháraigh cód eitice na bpóilíní a éilíonn tiomantas don ionracas, don chomhionannas agus don ilchineálacht.

Ba é an clár teilifíse Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann a nocht an scannal. Beirt sceithirí san PSNI a thug an scéal chun solais. Tar éis dóibh aird a tharraingt ar chomhaltaí a bheith ag déanamh faillí ina ndualgais aistríodh an bheirt chuig obair eile. Le linn a gcuid taighde chun iad féin a chosaint tháinig siad ar an ngrúpa WhatsApp a raibh thart ar scór páirteach ann. Bhí cuid de na teachtaireachtaí ciníoch – dírithe ar Ioslamaigh agus Arabaigh – bhí a thuilleadh maslach faoi mhná i bpoist shinsearacha sa tseirbhís agus cuireadh íomhánna pornagrafacha ar phictiúir de mhná. 

Dúirt an Príomh-Chonstábla, Simon Byrne, le Spotlight go raibh an t-iompar do-ghlactha. Tá cúigear á bhfiosrú, triúr fear as mí-iompar tromchúiseach agus beirt bhan as mí-iompar. Tá sé dhá bhliain, áfach, ó cuireadh bainistíocht an PSNI ar an eolas faoin scéal agus d’admhaigh an Príomh-Chonstábla gur bhain an mhoill de mhuinín an phobail sna póilíní.

Bhí glaonna maidir le líomhaintí faoi fhoréigean baile i measc na gcásanna a ndúirt na sceithirí go raibh faillí á ndéanamh iontu. Fadhb mhór is ea foréigean baile i dTuaisceart Éireann le fada agus bhí méadú mór ar líon na gcásanna le linn na dianghlasála de bharr na paindéime Covid-19 . Is leis an tréimhse sin a bhain gearáin na sceithirí. 

Ba dheacair a bheith muiníneach go láimhseálfadh na hoifigigh a bhí freagrach as na teachtaireachtaí gránna na cásanna dá bhfreagródh siad mar ba cheart do na glaonna. Mná goilliúnacha agus páistí is minice a fhulaingíonn foréigean baile. Tá éisteacht thuisceanach riachtanach chun go mbeidh duine a bhfuil ansmacht á imirt uirthi nó air in ann an chabhair chuí a iarraidh. Ceapadh go raibh na laethanta nuair a deirtí ‘níl i gceist ach achrann baile’ imithe le fada, ach ba dheacair talamh slán a dhéanamh de i bhfianaise an scannail seo.

Údar imní is ea an t-iompar a tuairiscíodh do bhean ar bith a bheadh ag dul i muinín na bpóilíní faoi cheist ar bith – buirgléireacht, timpiste bhóthair gan trácht ar chásanna níos íogaire ar nós stalcaireacht nó ionsaí gnéis. Tá sé sách deacair ag bean nó cailín coir ghnéis a thuairisciú agus a dhul i muinín na bpóilíní agus an dlí. Is iomaí íobartach a rinne cinneadh nach bhféadfadh sí aghaidh a thabhairt ar an bpróiseas ionrach a chuirfeadh lena tráma. 

Thar aon ní eile ní mór do na póilíní a bheith in ann a léiriú don bhean go bhfuil siad inmhuiníne, go láimhseálfar a scéal go tuisceanach, éifeachtach agus le meas. Is i rannóg póilíneachta chósta thuaidh Aontroma, i gCúil Raithin, a tharla an t-iompar atá á fhiosrú, ach ní fios ar chás ar leith é nó an bhfuil an meon sin forleathan san PSNI. Cáineadh an tseirbhís anuraidh faoi chur chuige easnamhach i dtaca le fostaí dá cuid ar deineadh ciapadh gnéis uirthi.

Ní mór don Phríomh-Chonstábla agus Bord na bPóilíní a léiriú go haibéil go bhfuil siad ag dul i ngleic leis an bhfadhb agus nach nglacfar feasta le moilleadóireacht mar a rinneadh sa gcás seo. Tubaiste don PSNI agus don tsochaí a bheadh ann gan muinín an phobail sa phóilíneacht a athchothú.

Fág freagra ar 'Creathadh bainte as muinín an phobail ag fiosrú póilíní faoi theachtaireachtaí pornagrafacha'