Craos is carbhas

Más fúinn na comórtais a chríochnú taobh istigh d’aon bhliain amháin, caithfear mar thús deireadh a chur le cluichí athimeartha ag an leibhéal club agus idirchontae

GAA Senior Football and Hurling Championship 2013 Draw

An bhfuil sé réasúnta bheith ag caint faoi na comórtais ar fad ag CLG a chríochnú taobh istigh den bhliain féilire?

Gan dabht, tá athrú meoin agus cultúir ag teastáil. Athrú meoin agus cultúir ollmhór.

Tá mórán le réiteach chun go mbeadh seans againn na cluichí go léir a chríochnú in aon bhliain amháin.

An chéad fhadhb atá ann ná go bhfuil dhá spórt i gceist agus, ó thaobh clubanna de, go bhfuil cuid mhaith de na himreoirí ag glacadh páirte sa dá chód.

Cuir san áireamh freisin go bhfuil cuid de na himreoirí sin ag imirt leis an gcontae agus tá tuilleadh fadhbanna agat. An bhfuil sé ceart go gcuirfeadh, b’fhéidir, imreoir peile idirchontae amháin isteach ar chomórtas craoibhe na gclub sa iomanaíocht? Nó a mhalairt.

Tarlaíonn sé gach bliain go gcuireann imreoir amháin isteach ar chomórtas iomlán agus nach n-imrítear an comórtas sin go dtí go mbíonn an t-imreoir sin saor óna dhualgais idirchontae.

B’fhéidir go bhfuil sé in am riail a cheapadh le nach mbeadh moill ar chomórtas i gcód amháin de bharr imreoir a bheith ag imirt dá chontae sa chód eile.

Rud eile is gá a dhéanamh i mo thuairimse ná go gcaithfidh club agus contae fáil réidh le cluichí athimeartha. Tá sé in am gach cluiche club a chríochnu ar an lá.

Bliain i ndiaidh bliana, cuireann cluichí athimeartha idirchontae isteach ar chúrsaí club.

Mar a sheasann rudaí i láthair na huaire, deintear amach féilire do na comórtais idirchontae ar fad agus cloítear go daingean leis an bhféilire sin.

An t-aon ‘blip’ atá sa mháistirliosta sin ná go bhfuil trí seachtaine curtha ar leataobh d’athimirt cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann.

Níor chuir an socrú sin isteach ná amach ar aon chomórtas eile le fada mar nach raibh aon chomhscór sa chraobh ó 1959 go dtí 2012.

Ach mar is eol dúinn, bhí comhscór againn sa chluiche ceannais le trí bliana anuas agus cuireadh isteach ar na cluichí club sna contaetha a bhí páirteach ann.

Toradh amháin a bhí air sin ná nár críocnhaíodh craobh peile Thiobrad Árann go dtí Lá le Stiofán agus nár ghlac seaimpíní an chontae sin aon pháirt i gcomórtas peile na Mumhan.

Tá a fhios agam nach bhfuil ansin ach sampla amháin agus nach leor sampla amháin chun an córas a athrú? Le fírinne, tarlaíonn rud éigin gach bliain a chuireann isteach go mór ar na clubanna.

Cad a tharlódh i mbliana d’fhoireann na Creatlaí ón gClár dá mbeadh an dá Chraobh Uile-Éireann le bheith críochnaithe roimh Nollag? 

Is dóigh liom gur féidir na comórtais a chríochnú taobh istigh de bhliain amháin ach beidh sé dodhéanta é a dhéanamh má fhágtar leagan amach na gcluichí club mar atá.

Agus ní ag caitheamh anuas ar na boird chontae amháin atá mé sa chás seo.Ta cuid mhaith den millleán tuillte ag na bainisteoiri sinsear peile agus iomána chomh maith. Tá an iomad cumhachta ag chuid mhaith díobh.

Tá sé in am ceangal a chur ar gach contae máistirliosta a dhéanamh amach ag tosach na bliana agus cloí leis.

Ach roimhe sin, caithfidh ardchomhairle CLG fáil réidh le cluichí athimeartha agus críoch a chur le gach cluiche ar an lá a thosaíonn sé.

Táim ag súil le tús na díospóireachta…

Fág freagra ar 'Craos is carbhas'

  • Gearóid

    Cinnte bheadh an-chiall leis mar mholadh ach is dóigh liom nach mbeadh móran fonn ar lucht an CLG deireadh a chur leis an airgead ar fad a fhaigheann siad ó chluichí athimeartha idirchontae.