Craoltóirí ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCiarraí agus i nDún na nGall

Tá Conn Ó Muíneacháin as an Ráth Mhór i gCiarraí, agus Mairéad Uí Annluain as Rann na Feirste i nDún na nGall ceaptha ina gclár-reachtairí i mBaile na nGall agus sna Doirí Beaga 

Craoltóirí ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCiarraí agus i nDún na nGall

Tá Conn Ó Muíneacháin as an Ráth Mhór i gCiarraí agus Mairéad Uí Annluain as Rann na Feirste i nDún na nGall ceaptha ina gclár-reachtairí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Chaith Ó Muíneacháin tréimhsí ag obair le Clare FM agus Radio Kerry agus ba mhinic é le cloisteáil ag trácht ar chúrsaí teicneolaíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Ceannródaí ab ea Ó Muíneacháin i saol na podchraoltóireachta Gaeilge agus é i measc na gcéad phodchraoltóirí sa tír.

Tá sé ag obair leis an tseirbhís óstála agus an t-ainm fearainn Blacknight le tamall de bhlianta agus cuirfidh sé tús lena phost nua ar Bhóthar na Léinsí i mBaile na nGall an tseachtain seo. 

Beidh Conn Ó Muiníneacháin ag caint le Pádraig Ó Sé faoina phost nua ar an chlár Comhrá an Tráthnóna inniu ar Raidió na Gaeltachta ag 4.10pm.

Tá Mairéad Uí Annluain ina clár-reachtaire ar chonradh sealadach le Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga le dhá bhliain anuas.

Bhí Mairéad Uí Annluain ag obair le hionad pobail Áislann Rann na Feirste sular thosaigh sí ag obair le RnaG.

Idir an dá linn, tá tús curtha an tseachtain seo le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta  agus roinnt clár nua á gcraoladh as seo go tús mhí Mheán Fómhair.

I measc na gclár atá sa sceideal nua tá sraith litríochta, Aistí ón Aer, atá á chur i láthair ag Marcus Mac Conghail agus a chraolfar gach Luan ag 4.10pm.

Beidh An Seisiún, ag filleadh le sraith nua an tseachtain seo agus dúshlán á thabhairt do ceoltóirí amhráin i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh taobh istigh d’am teoranta i stiúideo ceoil i mBaile Átha Cliath. 

An ceoltóir aitheanta as Corcaigh John Spillane, an t-amhránaí óg Gaeltachta Róisín Seoighe agus an rapaire as Cill Mhantáin, Oisín Mac Giolla Bhríde, a bheas le cloisteáil sa chéad chlár den tsraith a chraolfar amárach, Déardaoin 10 Meitheamh ag 7pm.

Beidh sraith ‘súil siar’ á cur i láthair ag an gcraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí agus a rogha féin de bhuaicphointí a chlár iomráiteach cainte agus ceoil Rónán Beo á cur i láthair an lucht éisteachta tráthnónta

Aoine ag 4.10pm.

Fág freagra ar 'Craoltóirí ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCiarraí agus i nDún na nGall'

  • Séamas Mac Coitir

    Go maire na craoltóirí nuacheaptha a nuacht, agus go gcuire Dia an t-ádh agus an t-amhantar orthu! Guím fad saoil dóibh in aice na sláinte!