‘Craoltóir cumasach a thuig conas scéal a pobail a insint’- buaicghradam cumarsáide le bronnadh ar Áine Ní Churráin

Bronnfar Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Áine Ní Churráin ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a reáchtálfar ar líne ag deireadh na míosa seo

‘Craoltóir cumasach a thuig conas scéal a pobail a insint’- buaicghradam cumarsáide le bronnadh ar Áine Ní Churráin

Tá Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh i mbliana ar Áine Ní Churráin, an craoltóir aitheanta a d’éirigh as a post le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana tar éis 40 bliain a thabhairt ag obair leis an stáisiún Gaeilge.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu go raibh an gradam, a thugann aitheantas do shaothar saoil, á bhronnadh ar Áine Ní Churráin mar gheall ar an tseirbhís “dhílis, dhícheallach” a thug sí don chraoltóireacht Ghaeilge.

Ba sa bhliain 1980 a thosaigh Ní Churráin, as an Choitinn i nGaoth Dobhair, ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga i nDún na nGall.

Ba dhuine d’fhoireann bhunaidh an chláir irise Barrscéalta í, clár ar cuireadh tús leis sa bhliain 1996.

Chuir Áine Ní Churráin an clár Barrscéalta i láthair den uair dheireanach i mí Iúil seo caite, tráth a ndeachaigh sí ar scor.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, go raibh buaicghradam na bliana seo á bhronnadh ar “craoltóir cumasach a raibh sé sa mhianach aici scéal an phobail a insint agus tacú leis an bpobal áitiúil i gcónaí”.   

“Tréaslaím ó chroí an gradam seo le hÁine Ní Churráin. Bhí an t-ádh linn oibriú le hÁine ag féilte Oireachtais agus ag féilte Pan-Cheilteacha thar na mblianta agus tá sé tráthúil, agus Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais á bhronnadh uirthi, gur ag an Oireachtas i nGaoth Dobhair sa bhliain 1980 a rinne Áine a céad agallamh beo – agallamh a rinne sí leis an scríbhneoir aitheanta, Joe Steve Ó Neachtain. Guím gach rath uirthi sa todhchaí.”

Dúirt Áine Ní Churráin gur “onóir mhór” di é go bhfuil buaicghradaim an Oireachtais á bhronnadh uirthi i mbliana.

“Is onóir mhór dom féin go pearsanta agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo a fháil. Tá cuimhní cinn iontacha agam a bheith ag freastal agus ag craoladh ó na hOireachtais i gcaitheamh mo dhaichead bliain i mbun craoltóireachta.

“Is páirt thábhachtach de shaol na Gaeilge é an tOireachtas agus tá súil agam ionchur a bheith agam agus freastal ar an Oireachtas sna blianta atá le teacht. Míle buíochas do choiste an Oireachtais as an onóir seo a bhronnadh orm,” a dúirt sí.

Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Áine Ní Churráin ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a reáchtálfar ar líne, Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair ag 7.30pm.

Fág freagra ar '‘Craoltóir cumasach a thuig conas scéal a pobail a insint’- buaicghradam cumarsáide le bronnadh ar Áine Ní Churráin'

  • Pat Butler

    Comhghairdeachas a Áine! Tuillte go maith is go rí-mhaith agat. Aitheantas cuí tugtha don éacht oibre saoil a chruthaigh tú lá i ndiaidh lae le scil, éirim, samhlaíocht, daonnacht agus cóbhá nádúrtha.

    Bain sásamh agus sult as!

    Pat Butler