Craobh na Mumhan faoi lán seoil agus ceacht foghlamtha ag Luimneach

Beidh dhá chluiche fhíorthábhachtacha á n-imirt i gcraobh na Mumhan amárach

Craobh na Mumhan faoi lán seoil agus ceacht foghlamtha ag Luimneach

D’éirigh le Loch Garman pointe luachmhar eile a fháil as baile an tseachtain seo caite. Caithfidh go bhfuil Davy FitzGerald sásta péire pointí a bheith aige agus dhá chluiche as baile imeartha acu. Ní dóigh, áfach, go bhfuil Micheál Donoghue nó leantóirí na Gaillimhe rólúcháireach faoin taispeántas ná an toradh sa chluiche sin i gcoinne Loch Garman.

Níl ach cluiche amháin i gCúige Laighean an deireadh seachtaine seo mar a mbeidh Ceatharlach sa bhaile i gcoinne Bhaile Átha Cliath. Bheinn ag ceapadh go mbeidh leaideanna na príomhchathrach róláidir ach seans freisin nach mbeidh sé ró-éasca acu.

Tá craobh na Mumhan faoi lán seoil anois agus beidh dhá choimhlint an-tábhachtach againn amárach. Cuirfidh na Déise, a bheidh ar a míle dícheall ag iarraidh fanacht ar snámh sa chomórtas, fáilte go dtí Port Láirge roimh churaidh na hÉireann, Luimneach. Bheinn ag ceapadh gur beag seans atá ag Port Láirge amárach. Níl siad ag imirt go maith agus mar bharr ar an donas beidh Philip O’Mahony ar iarraidh an chuid eile den séasúr.

Gan dabht ní raibh Luimneach i mbarr a maitheasa i gcoinne Chorcaí. D’éirigh le Corcaigh seilbh na liathróide a cheilt ar Luimneach ar feadh tréimhsí fada. Bhuadar an chuid is mó de na cathanna pearsanta timpeall na páirce agus bhí ceannas acu lár an ghoirt go háirithe.

Is fada an lá ón uair dheiridh nár scóráil Luimneach ach 1-7 ón imirt.

Ach ní raibh aon rúndiamhair ag baint le plean nó teaicticí Chorcaí. Is amhlaidh gur mhó go mór an díocas agus an fonn chun bua a bhí ar na Corcaígh.

Ach amárach tá deis ag Luimneach iad féin a chur ar ais sa rás do chraobh na Mumhan. Tá ceacht foghlamtha acu agus rabhadh tugtha dóibh. Is eol dóibh nach bhfuil aon bhua bog i ndán dóibh sa chomórtas cúige seo. Faoi láthair níl aon phointe ag Luimneach nó ag na Déise ach tá dhá cluiche imeartha ag Port Láirge agus má chailleann siad arís amárach beidh a gcosa nite.

Beidh an lá le Luimneach fad is gur fhoghlaim siad ceachtanna an chluiche dheireanaigh.

Níl sé chomh héasca tuar a dhéanamh maidir leis an gcluiche in Inis amárach, mar a mbeidh Tiobraid Árann ar cuairt. Caithfidh go raibh contae an Chláir sásta lena mbua sa chéad chluiche i gcoinne Phort Láirge as baile, cé go bhfuil amhras faoi dhintiúir na nDéise.

Chuala cuid mhaith cainte ar na meáin faoin gClár agus saineolaí nó dhó den tuairim gurb iad a bheidh ina seaimpíní ar Éirinn i mbliana. Tá níos mó fianaise ag teastáil uainn chun go ngéillimis don tuairim sin. Níl aon dabht ach go bhfuil mianach sa phainéal acu, ach bíonn a gcuid imeartha thuas seal thíos seal agus is fadhb mhór í sin. Mar sin féin, beidh sé deacair iad a chloí sa bhaile.

Tá Tiobraid Árann lán de mhuinín, áfach, agus iad ag dul go dtí  Páirc Uí Chíosóig. Ní hiontas go bhfuil agus dhá bhua bhreátha faighte acu go dtí seo. Níl aon dabht ach gurb iad an fhoireann is fearr atá ag imirt sa tír go dtí seo. Tá na geallghlacadóirí féin idir dhá chomhairle agus iad ag rá go mbeidh sí cothrom mar choimhlint. Ach bunaithe ar an méid atá feicthe againn caithfidh go bhfuil an buntáiste ag Tiobraid Árann. Tá bua na ceannaireachta á léiriú go paiteanta ag na seanfhondúirí agus tá Liam Sheedy ag tabhairt a seans don ghlúin óg freisin agus cuid acu tugtha isteach mar ionadaithe sa dá cluiche atá imeartha acu.

Táim ag súil le hardchoimhlint ar pháirc atá mar a bheadh daingean ag contae an Chláir. Bheinn ag tuar go mbuafaidh na Tiobraid Árannaigh ar éigean. 


Dé Sathairn, 1 Meitheamh

Craobh Peile na Mumhan

Corcaigh v Luimneach – Páirc Uí Rinn, 7.00pm

An Clár v Ciarraí – Páirc Uí Chíosóg, 7.00pm

Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh

Craobh Peile Laighean

Cill Dara v An Longfort – Páirc Uí Chonchúir, 3.00pm

Craobh Peile Uladh

An Cabhán v Ard Mhacha – Páirc Breffni, 4.00pm

Craobh Iomána Laighean

Ceatharlach v Áth Cliath – Páirc Uí Chuilinn, 3.00pm

Craobh Iomána na Mumhan

Port Láirge v Luimneach – Páirc an Bhreathnaigh, 2.00pm (Beo ar RTÉ2)

An Clár v Tiobraid Árann – Páirc Uí Chíosóg, 4.00pm (Beo ar RTÉ2)

Fág freagra ar 'Craobh na Mumhan faoi lán seoil agus ceacht foghlamtha ag Luimneach'