Craobh na Mumhan – an tabhartas nach stadann ag tabhairt

Tá sé thar a bheith deacair a rá cé hiad na trí chontae a thiocfaidh slán as sárchoimhlint chraobh iomána na Mumhan

Craobh na Mumhan – an tabhartas nach stadann ag tabhairt

Buíochas le Dia go bhfuil Craobhchomórtas iomána na Mumhan againn.

An tabhartas nach stadann ag tabhairt.

Bhí ardchluiche againn arís an deireadh seachtaine seo caite, deireadh seachtaine álainn cois Laoi. Cluiche a bhí ann, faraor, nach raibh le feiceáil ar RTÉ. Ní fhéadfadh cúrsaí a bheith níos fearr ó thaobh aimsire, atmaisféir agus chaighdeán na páirce.

Tháinig na sluaite chuig an gcluiche iontach seo idir dhá chontae go mbaineann an t-uafás de stair na hiomána ag baint leo. A leithéid de choimhlint a bhí againn ón tús, Corcaigh chun tosaigh go luath a bhuíochas le cúl Declan Dalton agus ansin teacht aniar Thiobraid Árann a rug greim ar an imirt le 10 gcúilín i ndiaidh a chéile sula raibh leathuair an chloig caite, tréimhse mháistreachta inar fágadh Corcaigh i dtaobh le haon chúilín amháin.

Ach ansin fuair na Corcaígh cúl eile roimh leath ama a d’fhág nach raibh siad ach dhá chúilín chun deiridh ag an mbriseadh. Caithfidh go raibh díomá ar na Tiobraid Árannaigh nach rabhadar, ar a laghad, sé nó seacht gcúilín chun tosaigh. Buaileadh buille trom orthu sa tréimhse dheiridh den chéad leath sin nuair a chailleadar fear na bpocanna saora Jason Forde ar bhain gortú dó.

Ag deireadh an lae ba chailliúint ollmhór é mar measaim go mbeadh sé buaite ag Tiobraid Árann dá mbeadh Forde ar an bpáirc don chluiche ar fad.

Ach i gcluiche ina raibh na Tiobraid Árannaigh chun tosaigh den chuid is mó de tá ardmholadh ag dul do Chorcaigh a raibh i bhfad níos mó faobhair ar gcuid imeartha ná mar atá feicthe againn ó imreoirí an chontae le tamall maith de bhlianta. Mar sin féin, géillim, mar Chorcaíoch, go mba cheart an cluiche seo bheith buaite ag Tiobraid Árann.

Mar a bhí á thuar ag daoine roimh thosach an chomórtais, tá sé thar a bheith deacair a rá cé hiad na trí chontae a thiocfaidh amach as an ngrúpa. I láthair na huaire tá Corcaigh (a bhuíochas le difríocht scórála) ar bharr an tábla agus Port Láirge ag a bhun. Ach an féidir a rá ag an bpointe seo gur mar sin a chríochnóidh sé? By Deaid, ní féidir ná baol air.

An deireadh seachtaine seo níl ach cluiche amháin sa chúige againn, idir contae an Chláir agus Port Láirge ag a sé um thráthnóna. Rud amháin atá cinnte, má chailleann na Déise beidh a rás rite agus a bport seinnte.

Ach cé acu Port Láirge a bheidh againn, an Port Láirge ina gcéad chluiche in aghaidh Luimnigh nó an Port Láirge a ghéill go bog in aghaidh Chorcaí sa dara cluiche acu? Dar ndóigh beidh seó bóthair na mbainisteoirí againn arís agus Davy Fitzgerald agus Brian Lohan ag tabhairt aghaidh ar a chéile, beirt a bhfuil seanaithne acu ar a chéile agus caidreamh idir mhaith agus olc eatarthu.

Níl aon dabht bunaithe ar an méid a chonaiceamar sna cluichí deireanacha ag an dá chontae gur cheart go mbuafadh an Clár ach téir ar ais go dtí an chéad cluiche ag an dá chontae agus b’fhéidir nach mbeifeá róchinnte de sin.

Bhí an Clár thar barr i gcoinne Luimnigh sa dara babhta, ach caithfidh siad an caighdeán sin a bhaint amach arís inniu. Anuraidh bhí siad ar fheabhas i gcluiche ceannais na Mumhan ach theip orthu tógáil ar an taispeántas sin.

Maidir leis na Déise, bhuel níl aon dabht ach go bhfuil scata maith imreoirí iontacha acu ach bhíodar marbhánta go maith ó thaobh spioraid agus cur chuige i gcoinne Chorcaí. Mura mbeidh siad i bhfad níos fearr inniu beidh deireadh leo.

Focal Scoir. Bhí chuid maith clamhsáin ar na meáin i rith na seachtaine faoi GAAGO.

Is dócha go bhfuil áit ann don tseirbhís íoc ar amharc ach i mo thuairimse caithfidh na cluichí is mó a bheith saor ar RTE. Tuigim go bhfuil gach cluiche craoibhe tábhachtach agus nach féidir iad go léir a thaispeáint beo ach tuigimid ar fad go mbíonn cinn áirithe sa pheil agus san iomáint a bhfuil stair agus tábhacht ar leith ag baint leo agus an-tóir orthu dá réir. Cuirtear na cluichí sin go léir ar fáil ar an mbealach teilifíse náisiúnta.

Fág freagra ar 'Craobh na Mumhan – an tabhartas nach stadann ag tabhairt'