1,047 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 35 bás eile fógartha

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 369 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát

1,047 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 35 bás eile fógartha

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 35 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, i mí Feabhra a bhásaigh 29 duine acusan agus bhásaigh seisear eile acu an mhí seo caite.

Deimhníodh 1,047 cás nua den ghalar. 1,221 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 181 acusan in aonad dianchúraim.

Bhain 119 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 45 cás a bhí i nDún na nGall, 39 cás a bhí i bPort Láirge agus 39 cás eile a bhí i Maigh Eo. Bhí 38 cás nua i nGaillimh, 37 cás a bhí i nDún na nGall agus seacht gcás a bhí i gCiarraí.

Bhain 292 den 1,047 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 369 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Tá an ráta níos ísle ná sin i nGaillimh (351.5), i nDún na nGall (345.5), i gCorcaigh (301.5) agus i gCiarraí (164.5). Tá ráta coicíse níos airde ná an meán i bPort Láirge (534), Maigh Eo (415) agus contae na Mí (378).

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 506 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil 16 duine eile a raibh an galar orthu básaithe sa Tuaisceart.

Tá 636 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 67 acusan in aonad dianchúraim.

307,906 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 201,763 cás ó dheas den teorainn agus 106,143 cás ó thuaidh di.

5,536 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,621 duine ó dheas den teorainn agus 1,915 duine ó thuaidh di.

Idir an dá linn, dúirt Josep Borrell, ceannasaí pholasaí eachtrach an Aontais Eorpaigh inniu gur “dea-scéal don chine daonna ar fad” an vacsaín Sputnik V.

Bhí Borrell ag caint ag cruinniú i Moscó le Sergei Lavrov, Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise

Mhol sé an rath atá ar an vacsaín seo agus dúirt go raibh súil aige go bhfaigheadh sí ceadúnas ón Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach lena húsáid san Aontas Eorpach go luath.

Dúirt Sergei Lavrov go raibh Moscó agus Washington ar aon intinn gur chóir dóibh “féachaint an bhféadfaidís comhoibriú ar na vacsaíní” agus go raibh suim ag roinnt tíortha san Eoraip an Sputnik V a tháirgeadh ina dtíortha féin.

Lúnasa seo caite a ceadaíodh an vacsaín a úsáid sa Rúis sula raibh torthaí na dtrialacha ar fad ar fáil, rud a tharraing amhras uirthi i measc dreamanna áirithe.  Tá sí ceadaithe i 15 tír agus éifeachtúlacht 90% aici.

Fág freagra ar '1,047 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 35 bás eile fógartha'