COVID-19: ‘Roinnt údar dóchais’ san Eoraip maidir leis an bpaindéim – WHO

Cé go bhfuil cúrsaí an-tromchúiseach go fóill, tá roinnt údar dóchais le feiceáil san Eoraip, a deir stiúrthóir réigiúnda na heagraíochta

COVID-19: ‘Roinnt údar dóchais’ san Eoraip maidir leis an bpaindéim – WHO

Dúirt ceannaire an WHO san Eoraip, Hans Kluge, go bhfuil “roinnt údar dóchais” ann chomh fada agus a bhaineann sé le paindéim Cóivid-19 san Eoraip.

“Cé go bhfuil cúrsaí an-tromchúiseach go fóill, tá roinnt údar dóchais le feiceáil. An Iodáil is measa atá buailte agus an líon is mó cásanna sa réigiún sa tír, ach tá an ráta ag a bhfuil na cásanna ag dul i méid tite de bheagán beag, cé go bhfuil sé róluath fós a rá go bhfuil a buaic sroichte ag an bpaindéim sa tír,” arsa ceannaire an WHO san Eoraip, Hans Kluge.

Tá 655 duine eile curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa Spáinn le 24 uair an chloig, ach bhí an t-ardú ar líon na marbh níos ísle ná an t-ardú a fógraíodh Dé Céadaoin.

Is í cathair Mhaidrid is measa atá buailte agus is inti atá an tríú cuid de na cásanna ach tá ardú mór freisin tagtha ar an líon atá buailte sa Chatalóin.

Tá síneadh curtha ag an Spáinn leis an staid éigeandála náisiúnta go dtí an 12 Aibreán in iarracht scaipeadh an víris a chosc.

De réir na bhfigiúirí is déanaí a eisíodh san Iodáil, tá ráta na n-ionfhabhtuithe nua íslithe arís agus deir comhairle taighde náisiúnta an rialtais go bhfuil a bhuaic bainte amach ag an gcoróinvíreas i mbeagnach leath de na cúigí.

Údar imní é áfach go bhfuil ardú ag teacht ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de bharr an ghalair sna ceantair is boichte i lár agus i ndeisceart na hIodáile.

Tá os cionn 220,000 cás den COVID-19 deimhnithe ar mhór-roinn na hEorpa agus 12,000 duine curtha den saol ag an ngalar ansin. Tá breis is 400,000 duine buailte ag an ngalar ar fud an domhain faoin tráth seo agus is san Eoraip a bhásaigh 70% de na mairbh.

Agus an ghéarchéim ag géarú sna Stáit Aontaithe, tá sé á mhaíomh ag an tSín go bhfuil  scaipeadh an víris stoptha acu sa tír sin.

Tá rabhadh tugtha ag an WHO go bhféadfadh gur sna Stáit Aontaithe a bheadh croílár nó eipealár na paindéime go luath. 

Is é stát Nua-Eabhrac is measa ar fad atá buailte agus is ann atá beagnach leath na gcásanna ach tá an víreas ag scaipeadh leis ar fud na tíre ar fad.

Dúirt Hans Kluge nach fada go mbeadh tíortha san Eoraip in ann measúnú a dhéanamh ar a fheabhas agus a d’éirigh le beartais éagsúla san iarracht scaipeadh an víris a chosc.

Ach thug stiúrthóir réigiúnda WHO san Eoraip foláireamh gur “saol nua” a bheadh ann de bharr na paindéime agus mhol sé do dhaoine a bheith ag ullmhú do na hiarmhairtí fadtéarmacha a bheadh ag an ngéarchéim seo.

“Ní rás ráibe a bheidh anseo, maratón a bheidh ann,” a deir Hans Kluge.

Beidh cúlú eacnamaíochta againn in Éirinn i mbliana agus laghdóidh sí suas le 7.1% de bharr ráig seo an choróinvíris, de réir lucht na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).

Idir an dá linn, san anailís ráithiúil is déanaí dá cuid, deirtear gurb í paindéim Cóivid-19 an bhagairt is mó a bhí le sárú ag eacnamaíocht na tíre seo ó bhí an ghéarchéim airgeadais againn.

Má leanann na bearta dúnta is dianghlasála ar aghaidh ar feadh 12 seachtain agus má thagann an eacnamaíocht chuici féin arís ina dhiaidh sin, measann an ESRI go laghdóidh an geilleagar 7.1% in 2020. An bhliain seo caite, bhí fás 5.5% ar an eacnamaíocht sa tír seo.

Measann an ESRI go gcaillfidh suas le 350,000 duine a gcuid post, agus is ionann sin agus an séú cuid den lucht saothair.

Fág freagra ar 'COVID-19: ‘Roinnt údar dóchais’ san Eoraip maidir leis an bpaindéim – WHO'