COVID-19: ‘Fan san óstán’ – teachtaireacht lom ag Glynn do thurasóirí agus 11 cás nua Covid-19 deimhnithe

Don dara lá as a chéile ní raibh bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte

COVID-19: ‘Fan san óstán’ – teachtaireacht lom ag Glynn do thurasóirí agus 11 cás nua Covid-19 deimhnithe

Bhí teachtaireacht neamhbhalbh tráthnóna ag an bPríomh-Oifigeach Leighis gníomhach do thurasóirí atá ag teacht go hÉirinn agus nach bhfuil ag féinleithlisiú ar feadh coicíse‘Fan san óstán nó sa teach lóistín, ní hé seo an t-am le bheith ag taisteal ar fud na hÉireann.’

D’fhógair an Dr Ronan Glynn tráthnóna nach raibh bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte tráthnóna. 11 cás nua den ghalar a deimhníodh de réir na bhfigiúirí is déanaí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh beirt eile a raibh an galar orthu básaithe ó Dé hAoine seo caite.

16 cás nua a deimhníodh ó thuaidh ó Dé hAoine.

2,302 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,746 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,426 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,638 cás ó dheas den teorainn agus 5,788 cás ó thuaidh di.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, nach é nach raibh fáilte roimh chuairteoirí chun na hÉireann ach “nach raibh aon fháilte rompu faoi láthair”.

“Tá an phaindéim faoi smacht againn agus tá deis againn í a choinneáil faoi smacht agus ní féidir linn an deis sin a ligean le sruth,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Dúirt sé gur chomh maith gurb údar imní é go raibh 20 cás nua den ghalar ann ar an meán gach lá le cúig lá anuas.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha tráthnóna nach é seo an t-am ceart do dhaoine a bheith ag tabhairt cuairte ar Éirinn i gcomhair gnáthshaoire.

Dúirt sé chomh maith gur ag sárú an dlí atá aon duine nach líonann isteach go cruinn foirmeacha Covid-19 ag na calafoirt agus sna haerfoirt.

“D’fhéadfaí an cás a dhéanamh cinnte gur dócha go bhfuil an córas is déine ag Éirinn san AE fad is a bhaineann sé le taisteal idirnáisíunta,” arsa Coveney.

10 duine a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas de réir na bhfigiúirí is déanaí agus 12 duine a bhí sna hospidéil san iomlán. 

Idir an dá linn, dúirt ceann feadhna na hEagraíochta Domhanda Sláinte Tedros Adhanom inniu go raibh an iomarca tíortha ag dul an treo mícheart maidir le déileáil leis an bpaindéim.

“Ba mhaith liom a bheith macánta libh: ní thiocfaidh an seansaol ar ais arís go ceann i bhfad,” arsa Tedros Adhanom.

Fág freagra ar 'COVID-19: ‘Fan san óstán’ – teachtaireacht lom ag Glynn do thurasóirí agus 11 cás nua Covid-19 deimhnithe'