COVID-19: Cosc ar aon ócáid mhór le níos mó ná 5,000 duine go dtí Meán Fómhair ar a luaithe

Ní bheidh aon cheolchoirmeacha móra ná ócáidí móra spóirt ar siúl in Éirinn an samhradh seo

COVID-19: Cosc ar aon ócáid mhór le níos mó ná 5,000 duine go dtí Meán Fómhair ar a luaithe

Tá cosc curtha ar aon ócáid a mbeadh níos mó ná 5,000 i láthair aici go dtí tús mhí Mheán Fómhair ar a luaithe.

Fágann sin nach mbeidh aon cheolchoirmeacha móra ná ócáidí móra spóirt ar siúl in Éirinn an samhradh seo.

Dúradh i ráiteas tráthnóna go raibh ráite ag an Rialtas leis na húdaráis áitiúla gan ceadúnas a thabhairt go dtí tús mhí Mheán Fómhair do lucht eagraithe aon ócáid a mbeadh níos mó ná 5,000 ag freastal uirthi.

Phléigh an rialtas an cosc tráthnóna agus glacadh leis.

Dúradh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcosc bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Tá Comórtas na mBailte Slachtmhara i measc na n-ócáidí eile atá curtha ar ceal agus seo an chéad uair le 26 bliain nach reáchtálfar an comórtas sin.

Pictiúr” INPHO/Laszlo Geczo

Tá an cosc ar cheolchoirmeacha, féilte móra agus ócáidí móra spóirt ag teacht leis an gcur chuige atá i bhfeidhm i roinnt tíortha eile, fiú tíortha ina bhfuil tús curtha cheana féin leis na srianta dianghlasála a déanamh níos boige.

Sa Ghearmáin, mar a bhfuil cead tugtha do shiopaí beaga oscailt arís, tá Oktoberfest, an fhéile phobail is mó ar domhan curtha ar ceal. Bhí an fhéile sa Bhaváir a mbíonn na milliúin cuairteoirí ag freastal uirthi gach bliain, le bheith ar siúl idir an 19 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair. Seo an chéad uair ón dara cogadh domhanda nach mbeidh Oktoberfest ar siúl.

Tá cosc ar aon ócáidí móra sa Ghearmáin go dtí deireadh mhí Lúnasa.

Fógraíodh sa Danmhairg, ceann de na tíortha is luaithe a thug an dianghlasáil isteach, go mbeadh cosc ar aon teacht le chéile níos mó ná 500 duine go dtí an 1 Meán Fómhair ar a laghad. 

Tá an Danmhairg ar cheann de na tíortha a bhfuil súil ghéar á coinneáil ag na húdaráis sláinte anseo orthu féachaint conas a éireoidh leis an maolú atá á dhéanamh de réir a chéile ar na srianta dianghlasála iontu.

Fág freagra ar 'COVID-19: Cosc ar aon ócáid mhór le níos mó ná 5,000 duine go dtí Meán Fómhair ar a luaithe'