COVID-19: 1,789 cás nua den víreas fógartha, scór duine básaithe ó dheas le seachtain anuas

1,472 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna fosta agus d’fhógair siad go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

COVID-19: 1,789 cás nua den víreas fógartha, scór duine básaithe ó dheas le seachtain anuas

Tá 1,789 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Thug an Roinn Sláinte le fios gur 20 duine a bhásaigh de dheasca an Covid-19 le seachtain anuas. 5,112 ar fad atá básaithe ó thús na paindéime.

360 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 355 inné, agus bhí 51 acusan in aonad dianchúraim, 54 a bhí ansin inné.

1,472 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna fosta agus d’fhógair siad go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,373 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

418 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt (391 a bhí i gceist inné) agus tá 46 díobhsan in aonad dianchúraim (41 inné).

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,286,025 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,163,562 duine.

Sa gcomhairle a chuir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar an Rialtas sular fógraíodh an plean is déanaí, dúradh gurb é an tuar is dearfaí a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi scaipeadh an víris go mbeadh idir 2500-3000 cás sa lá sa stát faoi lár na míosa seo.

D’fhéadfadh an líon sin an-bhrú a chur ar ospidéil, dar le NPHET, agus b’fhéidir idir 500-700 othar Covid-19 a chur sna hospidéil agus idir 80-130 díobh in aonaid dianchúraim.

Agus é faoi agallamh ar an News at One ar RTÉ inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gurb é an toradh a bheadh ar an bpaindéim go mbeadh an córas sláinte phoiblí níos láidre. Dúirt sé go raibh buiséad na rannóige sin dúbailte agus go bhfuil 150 post cruthaithe inti agus den chéad uair riamh go raibh comhairleoirí ceaptha agus go gceapfaí stiúrthóir ar an rannóg.

Dúirt an Taoiseach go gcaithfí ceachtanna a fhoghlaim ón bpaindéim agus go ndéanfaí cur chuige an Rialtais a athbhreithniú. Ní milleánú a bheadh ar siúl ach ag cinntiú go mbeidh ar chumas daoine a gcuid oibre a dhéanamh ”go haibéil, go solúbtha agus go sciobtha”.

Ó thaobh treisdáileog den vacsaín, dúirt an Taoiseach go raibh sí “riachtanach” agus  go dtabharfaí do na daoine is leochailí í ar dtús.

“Tá cead againn cheana féin í a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcuid imdhíonachta coiscthe agus gheobhaidh siad sin an dáileog bhreise ar dtús.”

Dheimhnigh an Taoiseach go mbeadh bónas á fháil ag oibrithe sláinte as a gcuid oibre i rith na paindéime ach go raibh cinneadh le déanamh fós ag an Rialtas conas a chuirfear ar fáil é. Dúirt sé go raibh an maoiniú chuige á mheas ag an Aire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath faoi láthair. Dúirt sé chomh maith go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas na daoine ar chuir an coróinvíreas den saol iad a chomóradh go náisiúnta agus ina bpobal féin.

Is maith a thuigeann sé, a dúirt sé, “gur chailleamar ar fad cairde nach rabhamar in ann freastal ar a gcuid sochraidí agus nach ndearnadh a saol a chomóradh a ndóthain ina bpobal féin”.

Mí Lúnasa 34 duine a raibh an Covid-19 orthu bhásaigh, 16 an ceann a tuairiscíodh mí Iúil agus mí an Mheithimh.

Fág freagra ar 'COVID-19: 1,789 cás nua den víreas fógartha, scór duine básaithe ó dheas le seachtain anuas'