Cothrom an lae seo i 1918, sheas mná na hÉireann in aghaidh choinscríobh na bhfear

Ba é an 9 Meitheamh 1918 ‘Lá na mBan’ nuair a thug mná na hÉireann dúshlán impireacht na Breataine

Cothrom an lae seo i 1918, sheas mná na hÉireann in aghaidh choinscríobh na bhfear

Pictiúr: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An 18 Aibreán 1918, tugadh feidhm dlí in Éirinn don Bhille Seirbhís Mhíleata a bhí i bhfeidhm sa Bhreatain ó 1916.

Thabharfadh an bille seo coinscríobh isteach in Éirinn mar gur theastaigh ó Lloyd George saighdiúirí breise a chur le hArm Shasana a bhí á scrios ag na Gearmánaigh.

Eagraíodh feachtas láidir ina aghaidh agus tacaíocht láidir na heaglaise Caitlicí ag an bhfeachtas sin. 

Bhí eagraíochtaí éagsúla na mban gníomhach sa bhfeachtas agus bratacha beaga á ndíol acu ‘women won’t blackleg’ [ní sháróidh mná stailc].

Bunaíodh coiste ag cruinniú a eagraíodh i dTeach an Ardmhéara a raibh Alice Stopford Green ina cathaoirleach air agus socraíodh go ndéanfadh mná ar fud na tíre agóidí in aghaidh an bhille agus go síneodh gach bean in Éirinn an gealltanas seo a leanas:

“Ó tharla gur ionann coinscríobh a chur i bhfeidhm ar aon phobal in aghaidh a dtola agus ansmacht, troidfidh muidne coinscríobh fhir na hÉireann.

“Ní ghlacfaidh muid áit na bhfear a chaillfidh a gcuid oibre de bharr go ndiúltóidh siad seirbhís mhíleata a dhéanamh.

“Déanfaidh muid gach ar féidir linn le cuidiú le teaghlaigh na bhfear a bheidh ag fulaingt de bharr gur dhiúltaigh siad don tseirbhís mhíleata.”

Lá Phátrún Cholmcille, an 9 Meitheamh 1918, nó Lá na mBan mar a thug Cumann na mBan ar an ócáid,  is mó a tharraing aird an phobail ar an ngealltanas go dtroidfidís an coinscríobh, cé go raibh sé amach sa samhradh sular shínigh cuid mhaith ban é.

An 7 Iúil a bhí mná Chorcaí ag doirse na dtithe pobail ag bailiú síniúchán. Chuir mná chontae na Reibiliúnach aguisín beag leis an ngealltanas lena rá nach bhfoghlaimeoidís le hobair na bhfear a dhéanamh!

B’iontach an taispeántas a thug an cosamar 13,000 bean a thug aghaidh ar Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath in aghaidh choinscríobh na bhfear.

Luaitear sna tuairiscí gur mháirseáil 2,400 bean ann ó Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann, 700 ball ó Chumann na mBan, 1000 táilliúir ban, Cailíní Gnó Caitliceacha, Arm Cathartha na hÉireann agus luadh gur sheol mná rialta as na clochair a síniúcháin féin chucu.

Is fiú dream amháin a shínigh an gealltanas sin a lua go speisialta, oibrithe ban sna monarchana armlóin, mar ar ndóigh orthusan is troime a luífeadh sé gan obair na bhfear a dhéanamh agus gan pingineacha móra á saothrú acu mar a bhí siad.

Agus ní taobh leis an bpríomhchathair a chuir mná a meon in iúl. Go leor de na mná a shínigh an gealltanas chuaigh siad ar oilithreacht bheag go tobar beannaithe nó mórshiúl go dtí teach an phobail ina dhiaidh agus dúradar an paidrín páirteach nó fuair siad beannacht ón sagart.

Sna fothoghcháin a tharla i 1917 agus 1918 ba é ról Chumann na mBan a bheith ag stocaireacht, ag eagrú soláthar beatha agus cúrsaí iompair agus ag eagrú vótaí na marbh.

Ba í uachtarán Chumann na mBan, Constance Markievicz an t-aon bhean amháin a toghadh in Éirinn, Sasana, Albain agus sa Breatain Bheag.

Bhí an ceardchumannaí Winifred Carney (1887-1943) ina hiarrthóir i mBéal Feirste ach níor éirigh léi suíochán a fháil.

Údar spéise an feachtas daingean seo in aghaidh an choinscríofa i 1918, tacaíocht nár léiríodh riamh roimhe sin ná ó shin do shaothar ná do luach saothair oibrithe ban.

An mbeadh tacaíocht na heaglaise ag feachtas dá leithéid?

Vótáil Páirtí Parlaiminteach na hÉireann in aghaidh bille vótaí do mhná i 1911 agus dúirt John Dillon, ceannaire an pháirtí le mná a labhair leis faoi vótaí do mhná:

“Scriosfaidh vótaí do mhná sibhialtacht an iarthair. Scriosfaidh sé an teaghlach, tabharfaidh sé dúshlán an fhir mar cheann tí, mar a leag Dia síos.”

Ní raibh cead ag aon bhean a bhí in “aon eagraíocht a rinne aon chineál oibre don namhaid Shasanach” a bheith i gCumann na mBan.

D’iarr Liam Lynch agus Austin Stack ar mhná éirí as Cumann na mBan sula ngabhfaidís ag bailiú eolais do Shinn Féin.

Is léir nár thaitnigh a neamhspleáchas nó a mbealaí oibre le Michael Collins ach an oiread más aon fhianaise a chuid focal: “stop this blasted forming fours, get out of Cumann na mBan and do some work”.

Ceadaíodh pionós a chur ar aon bhean a bhí cairdiúil leis an RIC ná leis na saighdiúirí.

Cé go raibh os cionn 200,000 d’fhir na hÉireann in arm Shasana sa gcéad chogadh mór, 102 bliain is an lá inniu, Lá na mBan, léirigh mná do Lloyd George nach ligfidís dó fir na tíre a chur san arm in aghaidh a dtola.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo i 1918, sheas mná na hÉireann in aghaidh choinscríobh na bhfear'

  • Seán Mac Bhriain

    Níl a leathdhóthain – ná go deimhin an codán is lú de leathdhóthain – alt den chineál seo ann. Tá mórfhaillí déanta ar ról na mban i stair na tíre.