Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tháinig Cogadh na Saoirse chomh fada le Cois Fharraige

100 bliain ó shin inniu a tharla luíochán an Spidéil. Cé nár maraíodh aon duine den RIC sa luíochán, tháinig na Dúchrónaigh amach as Gaillimh le díoltas a bhaint amach…

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tháinig Cogadh na Saoirse chomh fada le Cois Fharraige

An coirnéal i lár an Spidéil, ar a tugadh 'Folan's Corner'. Is ag an gcoirnéal sin a bhí baill an RIC ina seasamh, ag fanacht le seilbh a ghlacadh ar lucht móna a bhí á thabhairt go margadh na Gaillimhe, nuair a scaoileadh leo

Ar an Satharn, an 14 Bealtaine 1921, cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, tháinig Cogadh na Saoirse chomh fada le Cois Fharraige. Rinne Briogáid Oirthear Chonamara luíochán ar bhaill den RIC, moch an mhaidin sin.

Cé nár maraíodh aon duine san ionsaí, baineadh díoltas amach, nuair a dódh tithe le muintir na ndaoine is mó a bhí luaite leis an IRA ag an am thart ar An Spidéal agus Maigh Cuilinn.

Lár an lae, an lá céanna, las Na Dúchrónaigh dhá theach taobh thiar den Spidéal: teach mhuintir Uí Droighneáin ar an Tuar Beag agus teach Bhaba Bháin Uí Chúláin i Saile Thúna [Sáile Chuanna].

Bhí beirt de mhuintir Uí Dhroighneáin páirteach sa luíochán – Máirtín agus Micheál. Ba é Micheál Ó Droighneáin a bhí i gceannas ar an luíochán. Páirteach chomh maith bhí Pádraig Rua Ó Cúláin, mac le Baba Bháin.

Pádraic Rua Ó Cúláin, Saile Thúna, An Spidéal, a bhí lárnach sa troid a tharla 100 bliain ó shin ag Cath an Spidéil. D’imigh sé go Meiriceá i lár na 1920idí, áit ar phós sé Margaret, deirfiúr le Micheál Ó Droighneáin. Sa bpictiúr a tógadh blianta ina dhiaidh sin i Meiriceá, tá sé in éindí lena mhac. [Buíochas le Mike Ó Cúláin, a chuir an pictiúr ar fáil.]
An chéad lá eile lasadh trí theach i Maigh Cuilinn, teach Morgan Davoren agus teach Morgan Conneely i bPoll na gCloch, chomh maith leis an seanteach scoile, áit chónaithe John O’Toole.

D’fhill na Dúchrónaigh ar an Spidéal, Dé Máirt, 17 Bealtaine agus lasadh dhá theach eile, teach Ned Breathnach ar an Sídheán agus teach Phat Sheáin Tom Ó Coistealbha i mBaile an Domhnalláin.

An Luíochán

Bhí beairic an RIC sa Spidéal lonnaithe ar Bhóthair na Seanchéibhe, trasna ón tseanreilig, i seanstáisiún an Gharda Cósta. De réir fianaise a thug Micheál Ó Droighneáin don Bureau of Military History (BMH) bhí boycott i bhfeidhm ar an RIC sa Spidéal agus ba dheacair dóibh earraí a fháil, ábhar tine san áireamh. Bhí nós acu moch maidin Shathairn, daoine a stopadh agus iad ar an mbealach go Gaillimh le ualach móna a dhíol ag an margadh agus seilbh a ghlacadh ar an móin le thabhairt síos ag an mBeairic.

Shocraigh Briogáid Oirthear Chonamara den IRA, faoi cheannas ag Micheál Droighneáin, ceacht a mhúineadh don RIC agus iad a ionsaí. Tá cur síos déanta ar ar tharla ag an Droighneánach ina chuid fianaise don BMH.

We formed a plan to attack them [RIC An Spidéil] in the village on Saturday morning, May 14th 1921. We had nine rifles (.303), a dozen shotguns, and three or four revolvers. I had twenty four men in all in the village, and around it.

Is léir óna chuid fianaise go raibh go leor pleanála déanta leis an luíochán a chur i gcrích ach más é an aidhm a bhí leis baill den RIC a mharú agus a gcuid gunnaí a thógáil, níor éirigh leis.

Micheál Ó Droighneáin, a bhí ina Cheannfort ar Bhriogáid Oirthear Chonamara agus i gceannas ar bhuíon an IRA a rinne an luíochán ar an RIC sa Spidéal, ar an 14 Bealtaine, 1921. Scriosadh teach a mhuintire mar dhíoltas

An oíche roimhe gearradh na línte fóin agus teileagraif idir An Spidéal agus Gaillimh. Tógadh baracáid trasna an bhóthair ag Droichead na bhForbacha agus socraíodh baill den IRA i roinnt láithreacha éagsúla, le bheith in ann scaoileadh leis an RIC, dá dtiocfaidís chomh fada leis an gcrosbhóthair sa sráidbhaile, mar ba nós leo a dhéanamh maidin Shathairn. Bhí an Droighneánach é féin agus Pádraic Rua Ó Cúláin réitithe taobh istigh de bhalla Sheanscoil na gCailíní, trasna ón Séipéal, áit a bhfuil Teach an tSagairt anois. Bhí gunnaí dírithe ag grúpaí eile chomh maith ar an gcoirnéal, Folan’s Corner, mar a tugadh air ag an am. Sé an socrú a bhí ann go bhfanfaí go scaoilfeadh an Droighneánach an chéad urchar. Bhí daoine eile sa tseanreilig, agus gunnaí dírithe acu ar an mbeairic, le nach mbeadh an chuid eile den RIC in ann tíocht i gcabhair ar a gcomrádaithe a bhí faoi ionsaí.

Mar a bhíodar ag súil leis tháinig 6 den RIC agus d’fhan siad ina seasamh ag an gcoirnéal thart ar 4 a’ chlog ar maidin ag fanacht ar charr móna teacht aniar. Seo mar a chuir an Droighneánach síos ina chuid fianaise don BMH ar ar tharla ina dhiaidh sin:

I heard the rumbling noise of a cart coming the road, a short distance west of the village. I told Folan [Pádraic Rua] to get ready, to aim low and fire immediately after my shot. I took deliberate aim, as I thought, plumb centre, and fired. Folan fired immediately after, and then firing broke out from all the groups. The moment we fired the police threw themselves on the ground, and rolled away down the road from the corner where they were under cover from the high walls…… The firing continued for about five minutes, and then I gave the signal to fall back. We all met, a mile north of the village, and then went to our several dug-outs. The net result of our attempt was two wounded RIC men who had to be treated in hospital.”

Theip ar an ionsaí. Níor maraíodh aon duine den RIC agus níor éirigh leo aon arm a bhailiú. Leag an Droighneánach an locht air féin, mar gur scaoil sé a ghunna róluath, nuair nach raibh a dhóthain solais ann. Dar le Cormac Ó Comhraí ina leabhar Sa Bhearna Bhaoil dúirt Morgan Davoren, a bhí ina Leas-Cheannfort ar Bhriogáid Oirthear Chonamara ag an am, gur ‘fiasco‘ a bhí sa luíochán.

Díoltas

Cé nár maraíodh aon duine den RIC sa luíochán, tháinig na Dúchrónaigh amach as Gaillimh le díoltas a bhaint amach. Seo a leanas na tithe a dódh ar mhuintir chuid de na daoine a bhí ina gceannairí ar an IRA thart ar An Spidéal.

  • Tigh Bhaba Bháin, Saile Thúna, An Spidéal: a mac Pádraig Rua Ó Cúláin a bhí ina Leas-Cheannaire ar Chathlán An Spidéil agus páirteach sa luíochán.
  • Tigh Dhroighneáin ar an Tuar Beag, An Spidéal: mar go mba as an teach sin na deartháireacha, Micheál agus Máirtín Ó Droighneáin a bhí páirteach sa luíochán agus bhí Micheál ina Cheannfort ar Bhriogáid Oirthear Chonamara den IRA
  • Tigh Choistealbha i mBaile an Domhnalláin, trasna ó shiopa Tigh Standún. Bhí Pat Sheáin Tom Ó Coistealbha, deartháir le Johnny Bán ina Cheannfort ar Cathlán an Spidéil den IRA ag an am.
  • Tigh Ned Breathnach i Sídheán. Bhí Ned ina Aidiúnach ar Bhriogáid Oirthear Chonamara den IRA.

Dódh trí theach thart ar Mhaigh Cuilinn chomh maith: tigh Morgan Davoren agus tigh Morgan Connelly i bPoll na gCloch agus an tseanscoil i Maigh Cuilinn áit a raibh cónaí ar John O’Toole.

Cúiteamh

Íocadh cúiteamh le cuid de na teaghlaigh as an damáiste a rinneadh do na tithe a dódh. Do réir tuairisc sa gConnacht Tribune ar an 2 Iúil, 1921 shocraigh an chúirt i nGaillimh cúiteamh £745 a íoc le John Thornton, as a theach a bheith scriosta agus socraíodh cúiteamh £180 a íoc le Baba Bhán Uí Chúláin. Seans maith gur íocadh damáistí as an dá theach eile a lasadh chomh maith.

Tá cónaí i bpéire de na tithe a dódh sa Spidéal i gcónaí. Tá Taimín Dan Ó Droighneáin, mac dearthár le Micheál Ó Droighneáin ina chónaí sa teach a dódh ar an Tuar Beag agus rian dóite fós ar chuid den adhmad sa teach.

I mBaile an Domhnalláin tá cónaí ar na deartháireacha Éamonn agus Hughie Johnny Bán Ó Coistealbha, sa teach a lasadh i mBaile an Domhnalláin, díreach trasna ó shiopa Tigh Standún. Ba as an teach sin Pat Sheáin Tom Ó Coistealbha a bhí ina Cheannfort ar Cathlán an Spidéil ag an am.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tháinig Cogadh na Saoirse chomh fada le Cois Fharraige'