Cothrom an lae inniu i 1688 crochadh Gaeilgeoir i mBostún a raibh sé curtha ina leith gur cailleach feasa a bhí inti

Bhí cailleacha feasa againn anseo in Éirinn ar ndóigh ach cé is moite de bheagán eisceachtaí ní raibh rún ar bith againn iad a chrochadh

Cothrom an lae inniu i 1688 crochadh Gaeilgeoir i mBostún a raibh sé curtha ina leith gur cailleach feasa a bhí inti

Cothrom an lae inniu, 16 Samhain 1688, crochadh bean i mBostún a raibh sé curtha ina leith gur cailleach feasa a bhí inti. Ann Glover ab ainm di. Éireannach agus Gaeilgeoir a bhí inti.

Níl a fhios againn cén áit in Éirinn ar rugadh í ach tá sé ráite go raibh sí ar dhuine acu siúd a dhíbir Cromail go Barbadós.

Má bhí is iontach gur éirigh léi féin agus lena hiníon, Máire, a mbealach a dhéanamh go Bostún.

Fuair siad obair ag níochán i dtithe Preispitéireacha. Teaghlach acu sin ba ea muintir Ghodwin.

Chuir muintir Ghodwin i leith Mháire gur ghoid sí éadaí uathu agus bhris siad as a gcuid oibre í féin agus an mháthair.

Ansin sa mbliain 1688 tháinig galar neamhghnách ar cheathrar de ghasúir Ghodwin má b’fhíor. Creideann go leor de na staraithe gur ag ligean orthu féin a bhí na gasúir. Dúirt an dochtúir a scrúdaigh iad gur asarlaíocht ba chúis leis an ngalar.

Chuir muintir Ghodwin an milleán ar an bpointe boise ar Ann Glover.

Tugadh chuig príosún Bhostúin í agus cuireadh asarlaíocht ina leith. Dúirt seanmóirí Preispitéireach a raibh cáil air ag an am, Colton Mather, gur ‘idolatrous Roman Catholic’ a bhí inti.

Nuair a thosaigh sí ag caint i dteanga nár tuigeadh dúirt Mather go raibh neart Béarla aici ach go raibh sí curtha faoi gheasa ag cailleach eile ionas nach n-inseodh sí an iomarca.

Nárbh aisteach mar sin gur meascán de Ghaeilge agus de Laidin bhriste a labhair sí nuair a iarradh uirthi an ‘Ár nAthair’ a rá le linn a trialach.

Fiú amháin Mather a thug cuairt uirthi sa bpríosún d’admhaigh sé “that she entertained him with nothing but Irish”.

Nuair a scríobh John A Palfrey A History of New England seo mar a chuir seisean síos ar an gcuid sin den scéal, ‘defending herself unskilfully in her foreign gibberish (also known as Gaelic’). Scríobh Alan Titley an leabhar An Bhean Feasa fúithi.

Bhí cailleacha feasa againn anseo in Éirinn ar ndóigh ach cé is moite de bheagán eisceachtaí ní raibh rún ar bith againn iad a chrochadh ná a loisceadh ag an stáca. Bhí scáth ag an dream a chuaigh romhainn roimh na mná seo ach chreid siad freisin go raibh fios acu gan amhras ar bith agus go bhféadfaidís féin leas a bhaint as a gcuid eolais.

Timpeall ciliméadar siar an bóthar uaim anseo a bhí a teach ag Cailleach na hAirde Móire, Bríd Neileog. Bhí cáil uirthi ar fud Chonamara. Théadh daoine go dtí í féachaint céard a bhí i ndán dóibh. Daoine a bhí le teach a dhéanamh, nó bád, théidís chuici féachaint cén spota a ndéanfaidís an teach, nó cén chaoi a ndéanfaidís an bád.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae inniu i 1688 crochadh Gaeilgeoir i mBostún a raibh sé curtha ina leith gur cailleach feasa a bhí inti'