Cothrom an lae inniu 65 bliain ó shin imríodh cluiche a chroith an saol ó bhonn…

Ar an 25 Samhain 1953 thug an Ungáir aghaidh ar Shasana i gcluiche a d’athraigh go hiomlán an bealach a raibh leagan amach na bhfoirne sa sacar, agus go deimhin a raibh tábhacht nach beag ag baint leis ó thaobh na polaitíochta

Cothrom an lae inniu 65 bliain ó shin imríodh cluiche a chroith an saol ó bhonn…

Foireann na hUngaire in 1963

Thrácht mé an tseachtain seo caite ar an tionchar a bhí ag cluiche rugbaí a imríodh cothrom an ama seo i 1989 idir na All Blacks agus Connachta ar chúrsaí rugbaí, ní hamháin in Iarthar na hÉireann ach go hidirnáisiúnta. I ndiaidh an chluiche agus nach mór i ngan fhios, d’áitigh cumann Galwegians ar dhuine de na Nua-Shéalannaigh post a ghlacadh leo mar oiliúnaí. De bharr gur thoiligh Warren Gatland glacadh leis an tairiscint sin, d’fhág sé rian a láimhe ar an gcluiche sa gcúige agus go hidirnáisiúnta.

Tráthúil go leor mar sin gur cothrom an lae inniu a rinneadh an imirt a chroith cluiche an tsacair ó bhonn, a d’athraigh go hiomlán an bealach a raibh leagan amach na bhfoirne nuair a chuaigh siad chun páirce agus go deimhin a raibh tábhacht nach beag ag baint leis ó thaobh na polaitíochta.

Foirne Shasana agus na hUngáire a d’imir a chéile in Wembley ar an 25 Samhain 1953. Ba i Sasana ar ndóigh a thosaigh an sacar ar dtús agus cé go raibh sé scaipthe ar fud na cruinne faoin am sin, creideadh go láidir sa tír sin go raibh úinéireacht de shaghas éicint acu air.

Ba chumhacht dhomhanda i gcónaí í an Bhreatain. Is fíor go raibh a hImpireacht ag dul i laghad – neamhspleáchas ag an India le cúpla bliain – ach fós d’fhág stialla mór go maith den Afraic agus d’Oirdheisceart na hÁise a bheith faoina smacht go raibh an Bhreatain ar cheann de mhórchumhachtaí na cruinne.

Beagán le cois bliana roimhe a tháinig an Bhanríon Eilís i réim agus cúpla mí sular rith na foirne amach ar an bpáirc in Wembley, áit a raibh 120,000 duine i láthair, d’éirigh le buíon faoi cheannas John Hunt barr Everest a shroicheadh. (Nua-Shéalannach, Edmund Hillary agus Seirpeach as Neipeal, Tenzing Norgay, ba thúisce a leag cos ar an mullach sin ach le bheith féaráilte ba thuras taiscéalaíochta Briotanach a bhí ann).

Ar an taobh eile den scéal ba thír í an Ungáir a bhí in ísle brí. Foirgthe ag an Dara Cogadh Domhanda, áit ar ghlac na Gearmánaigh agus ansin na Rúisigih seilbh uirthi le lámh láidir, bhí sí anois faoi smacht na gCumannach agus faoi cheannas fear a raibh Mátyás Rákoski air. Ba ar leagan amach Joseph Stalin a bhí a chóras rialaithe siúd bunaithe.

Bhí a áit féin ag an lúthchleasaíocht agus ag na cluichí ar ardán an chomhraic idir Iarthar agus Oirthear na hEorpa – comhrac fealsúnachta agus polaitíochta agus spóirt.

Bliain roimhe sin ag an gcomórtas sacair ag Cluichí Oilimpeacha Heilsincí 1952 bhuaigh an Iúgslaiv ar Aontas na Sóivéide, ach de bharr a raibh de ghráin ag Stalin ar Uachtarán na hIúgslaive, Tito, níor déanadh trácht ná tuairisciú ar an gcluiche sna meáin Shóivéadacha gur bhásaigh Stalin i Márta 1953.

Ach gan bacadh beag ná mór leis an rian polaitíochta a bhain leis an gcluiche sacair idir Sasana agus an Ungáir in Wembley i mí na Samhna 1953, bhí difríocht bhunúsach idir an chaoi ar thug an dá thír faoin gcluiche ó thaobh teaicticí agus cur chuige.

Ón am ar imir siad in aghaidh na hAlban i 1972 ní raibh aon athrú tagtha ar an gcaoi a leagadh bainisteoirí Shasana amach a gcuid foirne. An córas ‘W-M’ a bhí á úsáid acu, mar a bhí ag chuile chlub sa tír – báireoir, triúr sa líne lánchúil, beirt sa leathlíne, beirt eile leath-thosaithe, tosaí láir agus beirt taobh amuigh dó ar na cliatháin.

Córas an W-M

Tugadh an córas ‘W-M’ air mar gur ar an gcuma sin, ‘ʍ, a bhíodh na cosantóirí leagtha amach agus na tosaithe ar an gcuma seo, ‘W’. Ní mba nós leis na cosantóirí bogadh síos an pháirc ach go hannamh agus ní raibh baol ar bith ann go bhfeicfí tosach i mbun cosanta. Fear a raibh Walter Winterbottom air an bainisteoir a chuir a chuid peileadóirí i mbun imeartha in aghaidh na hUngáire agus an fhealsúnacht sin acu.

Gustav Serbés a bhí ar bhainisteoir na gcuairteoirí, fear a raibh ‘an tAire Spóirt’ mar theideal aige ina thír dhúchais.

Ba cheapachán polaitíochta mar sin a d’fhág i mbun an chúraim é, ach an rud is annamh, ceapachán polaitíochta a bhí thar a bheith stuama ab ea é mar ba shaoi sacair a bhí ann a thuig go raibh lá an W-M seanchaite.

Bhí an córas a tharraing seisean chuige féin níos cosúla leis an 4-2-4 a d’úsáid Sasana nuair a bhuaigh siad Corn an Domhain i 1966 faoi cheannas Alf Ramsey, fear a bhí ag imirt an oíche sin i 1953.

Ba ar bhuta beag d’fhear téagartha ar raibh Ferenc Puskás mar ainm air a bhí imirt na hUngáire bunaithe – ach timpeall air siúd bhain a bhainisteoir úsáid as teaicticí nach bhfaca na Sasanaigh riamh. Ní raibh aon drogall ar an mbáireoir a theacht amach as a chúl agus an liathróid a imirt lena chosa; níos minice ná a chéile bhíodh fear lár páirce ag titim siar le cúnamh a thabhairt dá chosantóirí agus vice versa.

Bhí cuid de na peileadóirí ba cháiliúla a d’imir do Shasana riamh ar a bhfoireann siúd – Billy Wright, Stanley Matthews, Ernie Tayor, Stan Mortensen, ach ba éidreorach an bhuíon iad agus an imirt déanta.

Bhuaigh an Ungáir orthu 6-3 agus níor fhágadar puth gaoithe i seolta a gcéilí comhraic.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae inniu 65 bliain ó shin imríodh cluiche a chroith an saol ó bhonn…'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Chuir d’alt simiúil agus an pictiúr d’foireann na hUngaire síos bóithrín na smaointe mé, a Mhártain. Ach bhí dul amú ort i dtaobh athrú ar an imirt ó 1872 ar aghaidh go dtí 1953. Tharla athrú sontasach sa bhliain 1925 san dlí ‘as an imirt’. Roimhe sin ní mór duit triúr den bhfoireann cosanta a bheith idir thú agus an cúl nó bhí tú as an imirt [offside]. Ba sa bhliain 1925 d’athraíodar an dlí ó triúr go dtí beirt, fé mar atá sé anois. Roimh 1925 ‘sé an coras imeartha 2-3-2-3 a bhí ann de gnáth, b’in é cúis gur triúr a bhi sa líne na leath-cosantóirí . Ina dhiaidh 1925 a tháinig 3-2-2-3 nó ‘WM’. Maidir le foireann Shasana fé Alf Ramsey cheapas gur 4-4-2 an córas a bhí ag na ‘wingless wonders’ i 1966?

    Pé scéal é, is cuimhin liom go maith 1958 nuair a chuir An Bhrasáil an córas 4-2-4 i bhfeidhm chun Corn Domhanda a bhuachaint. Bhí líne tosaigh den chéad scoth acu le Vava, Zagalo,Pele, Garrincha agus Didi ann; ach d’imir Didi, imirtheoir fíor-chliste, mar fear lár-páirce. Ba Leeds Utd a chuir an córas imeartha 4-2-4 i bhfeidhm sa Chéad Sraith ina dhiaidh sin le Don Revie i ról Didi.

  • Damien Byrne

    Díreach an ceart agat Cristóir maidir leis an athrú sna rialacha i 1925, d’usáid Herbert Chapman, bainisteoir Arsenal, a leath cúlaí lár idir na lán cúlaí, agus ba bheag nár bhuaigh siad an sraith leis an córas nua seo. Go gairid ina dhiaidh bhí gach foireann eile ag leanúint.