Cothaíonn easpa cainte, faitíos, fuath agus foréigean

Tá an faitíos i measc an phobail i gcontae an Chláir faoi lóistín do theifigh atá ar thóir tearmainn idirnáisiúnta pléite arís agus arís eile

Cothaíonn easpa cainte, faitíos, fuath agus foréigean

Foréigean, faitíos agus fuath. Ó thús na seachtaine, tá na trí fhocal sin chun cinn sa bplé ar a bhfuil ag tarlú sa tír. Ní deas an íomhá a chruthaíonn siad den tír, ach faraor sin mar atá.

Tá an faitíos i measc an phobail i gcontae an Chláir faoi lóistín do theifigh atá ar thóir tearmainn idirnáisiúnta pléite arís agus arís eile. Ag an tús bhain sé le foirgneamh nach raibh feiliúnach agus le deacrachtaí le teastais dóiteáin agus an córas séarachais. Ansin bhain sé le hiargúltacht an cheantair agus a laghad áiseanna atá ann le freastal ar ghrúpa fear atá díomhaoin. Bhí caint ansin ar an bhfadhb le heaspa eolais ón rialtas. Sin ceann de na mórfhadhbanna – níl an rialtas ag caint le pobal na tíre. Tá siad ag maíomh lá i ndiaidh lae go bhfuil fáilte roimh theifigh, is cuma más ón Úcráin nó aon tír eile iad. Ní mhíníonn siad riamh go bhfuil dualgas faoin dlí idirnáisiúnta glacadh le daoine atá ar a dteitheadh. Cothaíonn an easpa cainte, plé agus comhairle fuath.

Bhí an fuath sin le feiceáil go soiléir an tseachtain seo, ní hamháin in eachtraí a bhain le daoine atá ar a dteitheadh agus ar thóir tearmainn sa tír seo. Nuair a d’ionsaigh grúpa déagóirí buachaill óg ceithre bliana déag san Uaimh i rith na seachtaine chuir sé alltacht ar an tír. Faraor, bhí déagóirí gránna lena chéile riamh agus tharla bulaíocht riamh. An difríocht sa lá atá inniu ann gurb é an chéad rud a dhéanann gach uile dhéagóir ná eachtra ar bith ina mbíonn siad páirteach – olc nó maith – a thaifeadadh agus a chraoladh ar shuíomh éigin ar na meáin shóisialta.

Níl aon deighilt idir an ceart agus an mícheart nuair a tharlaíonn a leithéid sin. Léirigh staidéar eile a d’fhoilsigh an Phríomhoifig Staidrimh i rith na seachtaine nach féidir neamhaird a dhéanamh do na heachtraí seo ar chúpla cúis. Deir an tríú cuid de dhaoine óga gur fhulaing siad de bharr foréigin gnéis ag tráth éigin ina saol. Nach bhfuil iliomad feachtas bolscaireachta agus feasachta curtha ar bun le dul i ngleic lena leithéid? Cén fáth gur le bliain anuas, mar sin, is mó a d’fhulaing daoine?

Seo iad na rúin nach labhraítear fúthu cé go bhfuil muid ar fad ar an eolas faoin mbulaíocht, faoin bhfuath agus faoin bhforéigean. Ní féidir leis an rialtas na fadhbanna sin ar fad a réiteach. Is féidir leo airgead a chur ar fáil agus scéimeanna a bhunú. I ndeireadh an lae, caithfidh dearcadh an phobail trí chéile a bheith níos tuisceanaí. Caithfidh muid múineadh do dhéagóirí nach bhfuil sé ceart duine a ionsaí, caithfidh muid múineadh do dhaoine óga ach bhfuil foréigean in aghaidh duine eile ceart agus caithfidh muid glacadh leis go bhfuil daoine sa saol seo ar a dteitheadh ó uafáis nach dtuigeann muid agus níor cheart dúinne a bheith ag cur leis an uafás sin.

Fág freagra ar 'Cothaíonn easpa cainte, faitíos, fuath agus foréigean'

  • Eoin Ó Murchú

    .Tá roinnt bheag taighde déanta orthu siúd a fhulaiongíonn máistineacht agus an tionchar aige sin orthu. Ach go bfios dom níl aon taighde ar cén fáth gur maistiní iad na máistíní . Mura bhfuil a fhios againn cen fáth ní feidir linn stop a chur leis.

  • jpmorley0@gmail.com

    Bhuel is féidir nithe áirithe a rá go follasach faoin maistín, mar atá;
    Is é mian a chroí a bheith in uachtar, bheith os cionn cách, bheith i gceannas is i gcumhacht toisc go mbraitheann sé gurb íseal é féin dáiríre, agus go dtugann an lámh láidir, an ghanasaíocht, an chogarnaíl mhallaithe, an gríosú chun fuatha agus an chomhcheilg deis dó satailt ar an lag d’fhonn é féin a chur i dtús tábhachta. An Ego a ghairtear den chraos deamhain sin, craos nach féidir a shásamh go brách. Sórt féin-ghráin is ea an mhaistínteacht ar an gcuma sin leis, d’fhéadfá a rá. Ach is í an ghráin buneilimint na maistínteachta gan aon agó, gráin a eascraíonn as an míthaitneamh atá ag an duine leis féin nó as an bhfolús géar cráite a bhíonn á thachtadh agus á shlogadh gan stad gan staonadh. Ach tá gné ana-thábhachtach eile ag roinnt leis an maistín .i. is MEATACHÁN é. Ní as féin a fheidhmíonn sé choíche ná go deo, ní mór dó a leathbhreac duine féin a iamh leis ar son na cúise .i. a chomhdhuine fáilí fealltach féin. B’fhearr leis fós féin, áfach, feidhmiú ar chúla téarmaí, go fáilí…os íseal… ní is dual don íseal, don tslimire gan gus. Misníonn an slua chun foréigin é mar, dála mar a bhailíonn brobh beart, cruinníonn na meatacháin le chéile chomh maith. Gluaiseann an ‘gasra’ amplach seo i dteannta a chéile ansin agus roghnaíonn an té atá difriúil, coimhthíoch, bunoscionn leis an ngnás nó leis an norm .i. gnás nó norm an tslua. Díreofar ar an gcoimhthíoch neamhurchóideach seo, agus déanfar é a stolladh is a stracadh…as a chéile más féidir. Is furasta dearmad a dhéanamh de gur maraíodh 6 mhilliún Giúdach ar ordú ó mhaistín uilechumhachtach (a raibh coimpléasc ísleachta aige) …gan ach solaoid amháin ón stair a lua. Bhí na milliúin is na milliúin eile i bpáirtíocht leis arbh aidhm leo an Eúróip ar fad (agus tuilleadh) a chur faoi chois. Is iontas liom go ndéantar iontas i gcónaí den bhforéigean seo i gcorp an lae inniu. Maistíní? Gheobhaidh tú maistín i ngach clós scoile, i ngach institiúid, i ngach páirc imeartha, i ngach tábhairne, i ngach treibh….i ngach Oifig. Agus ins gach duine beo.