Costais lóistín i mBaile Átha Cliath á n-íoc le hAirí in ainneoin cosc a bheith ar a leithéid ó 2011

Tá Airí Stáit i Roinn na Gaeltachta i measc na nAirí ar íocadh costais lóistín i mBaile Átha Cliath leo in ainneoin cosc a bheith ar a leithéid

Costais lóistín i mBaile Átha Cliath á n-íoc le hAirí in ainneoin cosc a bheith ar a leithéid ó 2011

Íocadh costais lóistín thar oíche le hAirí agus Airí Stáit i gceithre roinn rialtais le fanacht i mBaile Átha Cliath, cé go bhfuil cosc ar a leithéid d’íocaíocht ó 2011.

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i measc na rann sin inar íocadh na costais le hAirí le fanacht san ardchathair.

Tá cosc ar Airí agus ar Airí Stáit costais lóistín i mBaile Átha Cliath a éileamh mar go nglactar leis gur i mBaile Átha Cliath atá Airí lonnaithe. Tá cead ag Teachtaí Dála costais lóistín i mBaile Átha Cliath a éileamh.

Íocadh costais lóistín i mBaile Átha Cliath le beirt iarAirí Stáit sa Roinn Talmhaíochta ó 2011 i leith. 29 íocaíocht ar fad a bhí i gceist i gcás na beirte sin.Tá tuilleadh eolais faoi na híocaíochtaí sin iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Talmhaíochta.

Baineann na costais lóistín sna trí roinn eile le hAirí Stáit atá in oifig faoi láthair. Thug an tAire Gaeltachta Heather Humphreys le fios go ndearna Airí Stáit ina Roinn siúd ceithre iarratas ar chostais lóistín i mBaile Átha Cliath, taobh amuigh de laethanta oibre na Dála. Dúirt sí nár íocadh aon chostais lóistín le hAirí Stáit a Roinne ó tháinig soiléiriú ón Roinn Caiteachais Phoiblí le déanaí maidir leis an gcosc ar a leithéid.

Ní léir ón bhfreagra a thug Heather Humphreys ar an gceist Dála ón Teachta Dála Alan Kelly an ndearnadh íocaíochtaí neamhcheadaithe eile le hAirí a bhí i Roinn na Gaeltachta ó 2011 i leith. 

I gcás an dá Roinn eile inar íocadh costais lóistín i mBaile Átha Cliath le hAirí ba lóistín in aice leis an aerfort a bhí i gceist.

Íocadh costais lóistín in aice le hAerfort Átha Cliath leis an Aire Stáit sa Roinn Cosanta Paul Kehoe. Íocadh na costais le Kehoe ar 11 ócáid ó 2011 i leith. Dúirt an tAire Stáit Kehoe féin go gcaithfeadh sé fanacht thar oíche i mBaile Átha Cliath mar go raibh cúraimí air thar lear an mhaidin dár gcionn. Luaigh sé cruinnithe san Aontas Eorpach agus cuairteanna ar shaighdiúirí na hÉireann sa Mheánoirthear i measc na gcúraimí a bhí air thar sáile.

Ba é an tAire Stáit eile ar íocadh costais lóistín i mBaile Átha Cliath leis an tAire Stáit John Halligan. I mí Iúil agus mí Mheán Fómhair na bliana 2016, d’íoc an Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta as costais óstáin don Aire Stáit Halligan ar thrí ócáid éagsúla. €433 a chosain an lóistín in óstáin atá buailte le haerfort Átha Cliath.

Dúirt an tAire Mary Mitchell O’Connor gur den riachtanas go bhfanfadh Halligan in aice leis an aerfort faoi dhó toisc go raibh “eitiltí luath ar maidin” aige as Baile Átha Cliath. Bhain an tríú hoíche le heitilt “dheireanach” isteach go Baile Átha Cliath. Bhí cruinniú “luath ar maidin” i dTithe an Oireachtais ag an Aire Halligan an lá dár gcionn, a dúirt Mitchell O’Connor.

De réir eolais a fuair an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Alan Kelly, eolas atá tiomsaithe ag Tuairisc.ie, ní raibh ann ach Roinn amháin, an Roinn Iompair, ar theip orthu an t-eolas a iarradh a chur ar fáil. Dúirt an tAire Iompair Shane Ross go raibh an t-eolas sin fós á bhailiú.

Is é an bunphá le haghaidh Aire Stáit €121,639 agus an bunphá le haghaidh Aire Rialtais €157,540. Íoctar liúntas ionadaí poiblí €16,000 le hAirí Rialtais agus le hAirí Stáit agus tá cead acu freisin €29,420 a éileamh ar mhíleáiste.

€87, 258 a íoctar leis an ngnáth-Theachta Dála agus bíonn liúntas ionadaí poiblí €20,350 acu chomh maith le €9,000-€34,065 do chostais taistil agus lóistín.

Fág freagra ar 'Costais lóistín i mBaile Átha Cliath á n-íoc le hAirí in ainneoin cosc a bheith ar a leithéid ó 2011'