Tá an chomhdháil mhór faoi théamh an domhain a bhí i nGlaschú thart agus díospóireacht bhríomhar ar bun faoin méid a tharla agus nár tharla ansin.
Duine simplí a cheapfadh go bhfaighfí réiteach ag an gcomhdháil ar an uafás atá á bhagairt ar an gcine daonna.
Ní hé sin le rá nach ndearnadh dul chun cinn ach ba mhór an feall, mar shampla, gur maolaíodh an chlásail faoin ngual sa ráiteas deireanach a heisíodh.
Úsáid an ghuail a laghdú de réir a chéile atá i gceist anois seachas é a bheith ina sprioc shoiléir fáil réidh ar fad leis an ngual.
Ní raibh baol ar bith ann go ngéillfeadh na tíortha móra atá ag brath ar an ngual go héasca.
Cuir an rialtas seo againne deireadh le baint na móna ar phortaigh Bhord na Móna. Tá muid sa gcaoi anois go bhfuil muid ag iompórtáil brícíní móna agus caonach móna.
Tá muid ag dó guail i gcónaí freisin.
Níl an díospóireacht faoin dualgas atá orainn in Éirinn i dtaobh théamh an domhain ach ina tús. Is furasta a bheith ag caint ar spriocanna agus ar chéatadáin ach rud eile ar fad iad a bhaint amach.
Is é mo bharúil go bhfíorófar an seanfhocal arís: an té atá thuas óltar deoch air agus an té ata thíos buailtear cos air.
Cosnófar chomh fada agus is féidir an dream atá ag spréachadh thart san SUV sa mbaile mór agus fágfar muintir na tuaithe agus cosmhuintir na cathrach ag iompar na croise.
Ní bhfaighfear aon locht mór ar an aicme a théann ar eitleán faoi dhó sa mbliain ag déanamh ar thír na gréine i bhfad i gcéin.
Dúirt an scríbhneoir agus an fear déanta scannán Manchán Magan nach ndéanfaidh sé féin an turas eitleáin sin níos mó. An bhfuil mórán eile a bhfuil an meon céanna acu? Ní dóigh liom é.
Idir an dá linn tá na Tráchtairí Móra ag díriú i gcónaí ar fhreagracht mhuintir na tuaithe. Is breá leo a bheith ag caint ar an tréad náisiúnta ba a laghdú.
“Go réidh a bhean na dtrí mbó, as do bhólacht ná bí teann,” a dúirt an file fadó leis an mbean a bhí ag déanamh gaisce as trí bhó a bheith ina seilbh.
B’fhéidir go dtiocfadh bean na dtrí mbó slán as guais na haeráide ach maidir léi an bhfeirmeoir atá ag buachailleacht céad bó d’fhéadfadh a shlí mhaireachtála siúd a bheith i gcontúirt.
Eolaí atá ag obair ag na Náisiúin Aontaithe ar chúrsaí aeráide is ea Tara Shine. Dúirt sise an lá faoi dheireadh nár cheart a bheith ag déanamh drochdhaoine d ‘fheirmeoirí na hÉireann mar atá ag tarlú faoi láthair. Comhairle í nach bhfuil ag dul orlach in intinn fhormhór na dTráchtairí Móra anseo.
Mar sin féin bhí sé de ghrástúlacht i nduine acu an lá faoi dheireadh a admháil gur bhinne a bhéal ina thost ná é a bheith ag pápaireacht faoi chúrsaí na tuaithe beag ná mór.
Ar fhaitíos go ndéanfainn éagóir ar bith ar a raibh le rá aige ní bhacfaidh mé lena chuid focal a aistriú. Seo í an fhaoistin a rinne sé: “It is easy for me to prognosticate about the rural economy while typing on my MacBook in a Dublin cafe sipping my oatmilk latte.”
Níor thrácht mé fós ar an dream a bhfuil dúil chráite acu i dtorthaí ar a dtugtar abhacáid. I Meicsiceo a fhástar iad.
Tá Meicsiceo 8,450 ciliméadar uainne. Samhlaigh an phúir charbóin a sceitheann an t-eitleán a thugann anall iad.
An bhfuil náire ar bith ar lucht ite na n-abhacád?
Seán Mag Leannáin
“Deirtear nach foláir dúinn na hastaíochtaí carbóin a laghdú, ach tá 992 milliún bó ar domhan de réir m’áirimhse, gan trácht ar dhaimh agus ar gheacanna agus ar bhuabhaill, agus is dócha go bhfuil broim gach ceann díobh chomh lofa lena chéile. Is beag duine a cheap nuair a bhí an t-ár gan chrích á dhéanamh ar bhuabhaill mhachairí Mheiriceá go raibh an t-éirleach ag cabhrú le sláinte an domhain.
Ní léir dom ach an oiread go mbeidh na sluaite ag iompáil ina veigeatóirí de dhroim oíche, agus cad a dhéanfaidh na veigeáin nuair a gheofar amach go bhfuil beatha mhothaitheach ag na plandaí chomh maith? Agus cá bhfuil na daoine nach mbeidh toilteanach dul ar chuaird ábhaille samhraidh go dtí Langarotti agus Tóinarife agus Beanindorm in áit na sléibhte a shiúl sa bhaile agus cnónna a ithe ar shliabh sa bháisteach?” Alan Titley ina cholún san Irish Times – ‘Na críocha déanacha’, 10 Nollaig 2018.