Cosnaíodh muid an tsaoirse cainte i gcás na meán sóisialta chomh maith…

Teastaíonn ó dhream áirithe nach mbeadh aon fhoinse nuachta againn ach na gnáthmheáin mhóra

Cosnaíodh muid an tsaoirse cainte i gcás na meán sóisialta chomh maith…

Le roinnt míonna tá feachtas ar siúl i gcoinne na meán sóisialta. Baol don daonlathas, mura miste libh, is ea gur féidir le daoine a gcuid tuairimí féin a scaipeadh saor ó smacht na gcomhlachtaí móra preasa is craolacháin.

Tá dlús curtha leis an bhfeachtas seo toisc go mbíonn an milleán á chur ar na meáin shóisialta mar gheall ar Trump i Meiriceá agus dul chun cinn na ngrúpaí eile san Eoraip a dtugtar pobalóirí orthu.

Tá an milleán á chur ar na meáin shóisialta chomh maith mar gheall ar chiníochas agus fuath do mhná.

Ach taobh thiar den chaint ar fad, tá an milleán á chur orthu faoi dhearcadh ar bith eile a bheith ag daoine i dtaobh na heacnamaíochta nó na polaitíochta seachas an dearcadh a thaitníonn le nualiobrálaigh an domhain.

Teastaíonn uathu siúd nach mbeadh aon fhoinse nuachta againn ach na gnáthmheáin mhóra – nuachtáin mar an Irish Times, an New York Times is eile, agus, ar ndóigh, na seirbhísí craolacháin aitheanta.

Cuirtear i leith na meán sóisialta go dtugann siad ardán do dhaoine le bréaga is míthuiscintí a scaipeadh, ach nach gcinntíonn na comhlachtaí móra ar leo na nuachtáin go gcuirtear scéalta ar fáil a oireann dá ndearcadh féin?

Ar ndóigh, fiú má tá na meáin shóisialta saor ó na mórchomhlachtaí preasa is craolacháin, is comhlachtaí móra eile a bhíonn i gceannas orthu, ar nós Facebook, Google, Twitter is eile.

Tá ceisteanna ionraice le cur faoin leas a bhaineann na comhlachtaí as sonraí pearsanta daoine, mar shampla, agus as a bhfreagracht maidir le hábhar a fhoilsiú ina maslaítear daoine nó ina gcothaítear fuath do dhaoine.

Ach ar an taobh eile den scéal, is léir go mbíonn eolas agus tuairimí le fáil ar na meáin shóisialta nach dtugtar aon aird orthu sna ghnáthmheáin. Cé a déarfadh nach cóir na tuairimí difriúla seo a léamh, nó cé aige atá an ceart (agus an chiall) le cinneadh faoina leithéid a dhéanamh?

Sea, cé a déarfadh gur féidir bheith níos muiníní as RTÉ, an Irish Times, CNN, nó Fox News, ná mar is féidir a bheith as tuairimí a nochtar ar Facebook nó Twitter?

Tá na gnáthmheáin chomh claonta is atá duine aonair ar bith.

Fiú má ghlacann muid mar shampla scéal Trump, nach í an fhirinne gur leithéidí Fox News agus CNN is mó a thug ardán dó ag an tús, is a scaip a cháil i measc vótóirí Mheiriceá?

Nach í an fhírinne freisin nár bhac na meáin liobrálacha leis na fadhbanna a bhain le cogaíocht Mheiriceá ar fud an domhain, nó le dearóiliú na gceantar iarthionslcaíocha a mheall Trump chuige?

I mo thuairim féin is é atá taobh thiar den fheachtas seo i gcoinne na meán sóisialta ná an faitíos atá ar lucht an rachmais go gcaillfidís smacht ar an dioscúrsa polaitiúil mura mbeadh sé teoranta do na seanmheáin is faoi smacht ag lucht an airgid ar leo nuachtáin mar an Irish Times, an New York Times agus eile.

Ní hin le rá nach bhfuil rialacha soiléire infheidhmithe ag teastáil i gcás na meán sóisialta. Tá.

Má dhéantar clúmhilleadh nó leabhal ort sna nuachtáin chlóite, nó ar raidió is teilifís, is féidir cás cúirte a thabhairt agus cúiteamh airgid a fháil – fiú más trí aineolas gan aon mhailís a dhéantar é.

Fadhb eile atá ann ná anaithnideacht roinnt mhaith díobh siúd a chuireann tuairimí amach ar na meáin nua. Is cóir go mbeadh daoine freagrach as a bhfoilsíonn siad, is go mbeadh na comhlachtaí eagraithe le tráchtanna a chealú má tá aighneas faoin iad a bheith fíor nó eile.

Ach, ag an am céanna, is cóir a bheith cúramach nach gcuireann muid isteach ar an tsaoirse cainte atá riachtanach le go mbeadh eolas againn faoina bhfuil ag tarlú sa domhan.

Mar shampla, cuireann ambasáid Iosrael frith-Sheimíteachas i gcoinne duine ar bith a dhéanann cáineadh ar iompar suarach an stáit sin in aghaidh na bPalaistíneach. Agus tá baol mór ann go mbeadh aon údarás de chuid na nualiobrálach ag aontú leo is ag iarraidh stop a chur le saoirse cainte dá mba nochtadh coireanna Iosrael an toradh a bheadh uirthi.

Ar deireadh thiar ní hí an bhréagnuacht a chuireann as do lucht cáinte na meán sóisialta, ach an easpa smachta atá acu ar thuairimí nach dtaitníonn leo.

Tá daoine ann ar ndóigh nach n-aontaíonn liom nó le mo chuid tuairimí, ach an ceart iad a chur ina dtost mar gheall air sin? Nó an ceart mise a chur i mo thost toisc go dtugaim faoin Aontas Eorpach, nó go mbeinn i gcoinne chur chuige na Sasanach i leith an Tuaiscirt, nó i gcoinne fhaillí an stáit ó dheas i dtaobh na Gaeilge?

Caithfimid a bheith an-chúramach nuair a thosaíonn daoine ag caitheamh anuas ar na meáin shóisialta. Ní theastaíonn uainn páiste na saoirse cainte a chaitheamh amach in éineacht le huisce broghach na mbréag.

Fág freagra ar 'Cosnaíodh muid an tsaoirse cainte i gcás na meán sóisialta chomh maith…'