Cosc curtha ar chuairteoirí dul chuig Áirse Mhór Phollaide i nGaeltacht Thír Chonaill

Deir muintir na háite go raibh cead an bhealaigh ag cuairteoirí chuig an Áirse le hos cionn 150 bliain agus gur 'céim ar gcúl' do phobal Fhánada atá ann an ceart sin a bhaint anois

Cosc curtha ar chuairteoirí dul chuig Áirse Mhór Phollaide i nGaeltacht Thír Chonaill

Pictúr: Flickr

Tá muintir na háite i bhFánaid i nGaeltacht Dhún na nGall oibrithe go bhfuil cosc curtha ar chuairteoirí dul chuig Áirse Mhór Phollaide, stua cáiliúil mara sa cheantar.

Cuireadh clocha sa gheata ar an mbóithrín a théann suas chuig an Áirse agus tá cóin agus comharthaíocht nua curtha suas anois san áit le tabhairt le fios gur talamh príobháideach atá ann agus go bhfuil cosc ar pháirceáil ann.

Tá an Áirse féin, atá 46 méadar ar airde, ar bhruach Loch Súilí, tuairim is trí chiliméadar ó Theach Solais Fhánada, ionad nua turasóireachta sa cheantar.

Deir muintir na háite go raibh cead an bhealaigh ag cuairteoirí chuig an Áirse le hos cionn 150 bliain agus gur “céim ar gcúl” do phobal Fhánada atá ann an ceart sin a bhaint.

Áirítear an Áirse mar cheann de bhuaiceanna Thír Chonaill ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus tá imní anois ar mhuintir na háite go mbeidh drochthionchar ag an gcinneadh cosc a chur ar chuairteoirí ann ar earnáil na turasóireachta sa cheantar.

Tá iarrachtaí ar bun le cúpla bliain anuas borradh a chur faoin earnáil sin i nGaeltacht Fhánada. Tá ceangal idir an Áirse agus Teach Solais Fhánada, an t-ionad is mó turasóireachta sa cheantar, sa chaoi is gur minic a bhíonn cuairteoirí an Tí Solais ag siúl an trí chiliméadar chuig an Áirse.

Tuigtear go bhfuil na daoine ar leo an talamh atá i gceist ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus go bhfuil ráite cheana acu nach maith leo go mbíonn daoine ag siúl ar an talamh le dul chuig an Áirse. Tuigtear do Tuairisc.ie gur iarr siad le cúpla lá anuas ar lucht gnó agus turasóireachta sa cheantar gan treoracha a thabhairt do thurasóirí chuig an Áirse.

Dúirt duine amháin a bhíonn ag plé le cúrsaí turasóireachta sa cheantar le Tuairisc.ie go bhfuil sé “ar buile” faoin scéal.

“Bímid ag cur daoine ann i rith an ama. Is áit ar leith é, tá sé galánta mar áit, ach cúpla oíche ó shin cuireadh suas na comharthaí seo ag rá gur áit phríobháideach é.

“Níl a fhios againn cé a chuir suas na comharthaí, ach is le Meiriceánaigh an talamh agus tá siad sin in éadan daoine a ligean isteach ann. Tagann siad anseo ar saoire agus caitheann siad cúpla seachtain sa bhliain anseo. Is dlíodóirí iad, agus tá mé ag déanamh go bhfuil imní orthu dá dtarlódh aon rud ar a gcuid talún go mbeadh fadhb acu,” a dúradh.

Dúradh freisin go bhfuil sreang dhealgach curtha suas ar an gclaí timpeall ar an ngeata casta agus ar na clocha agus na comharthaí a cuireadh le déanaí ann. Tá cóin a bhfuil lógó Chomhairle Contae Dhún na nGall orthu curtha ar an láthair pháirceála in aice an gheata casta ach thug urlabhraí de chuid na Comhairle le fios do Tuairisc.ie tráthnóna nach bhfuil aon bhaint ag an gComhairle Contae leis an scéal i láthair na huaire.

“Níl an cón seo ar bhóithre poiblí agus ní raibh baint ná páirt ag an Rannóg Bóithre sa ghníomh seo, agus níor chuir muid aon chón ar fáil le húsáid ar an dóigh seo. Beidh muid ag déanamh socruithe leis na cóin seo a thógáil go luath,” a dúirt an t-urlabhraí.

Bíonn siúlóid charthanachta, Siúlóid Chósta Fhánada, i bhFánaid gach bliain ach le cúpla bliain anuas seachnaítear an Áirse mar gheall ar “dheacrachtaí áirithe” a bheith ag baint leis an gcuid sin den tsiúlóid.

Rachaidh lucht na siúlóide bealach eile an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cosc curtha ar chuairteoirí dul chuig Áirse Mhór Phollaide i nGaeltacht Thír Chonaill'

  • Eimear Ni Mhathuna

    Céim siar í seo don turasóireacht i bhFánaid. Tagann ré na dtiarnaí talún chun cuimhne. An turasóireacht an todhchaí do cheantar seo a bhfuil páistí á dtógáil don imirceacht leis na glúnta

  • Mise Áine

    @imní orthu dá dtarlódh aon rud ar a gcuid talún go mbeadh fadhb acu

    B’fhéidir é, ach meas tú an mbeadh/bhfuil bealach thart ar an bhfadhb sin, más fíor?

    Mór an trua é go bhfuil rudaí mar seo ag tarlú, ach tá, is cosúil, ar fud na tíre…faitíos ar úinéirí go dtabharfaí cás ina n-éadan, dá dtarlódh aon ní ar a gcuid talún, seans.

    B’fhearr i bhfad theacht ar réiteach seachas ar locht a fháil, más féidir é ar chor ar bith, cheapfainn.