Cosc ar shnámh ag Céibh an Spidéil de bharr leibhéal ard baictéar san uisce

Rinneadh scrúdú ar chaighdeán an uisce ag trá Chéibh an Spidéil i gConamara Dé Máirt seo caite

Cosc ar shnámh ag Céibh an Spidéil de bharr leibhéal ard baictéar san uisce

Tá sé fógartha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil cosc ar shnámh sa bhfarraige ag Céibh an Spidéil i gConamara de bharr dhroch-chaighdeán an uisce ag an trá faoi láthair.

Rinneadh scrúdú ar chaighdeán an uisce ag an trá Dé Máirt seo caite, an 5 Meitheamh. Fuarthas sa tástáil sin go raibh leibhéal ard baictéar san uisce.

Tógadh sampla eile den uisce ag an gcéibh Déardaoin, an 7 Meitheamh, agus cuireadh cosc inniu ar shnámh ag an gcéibh fad is atáthar ag fanacht ar thorthaí na tástála sin.

De réir na tuarascála Bathing Water Quality in Ireland — A Report for the Year 2017, a foilsíodh an mhí seo caite, bhí ‘caighdeán maith’ uisce ag trá Chéibh an Spidéil anuraidh ach aimsíodh ‘tarbhfhríd’ nó ‘superbug’ ar thránna éagsúla sa cheantar le bliain anuas.

Fág freagra ar 'Cosc ar shnámh ag Céibh an Spidéil de bharr leibhéal ard baictéar san uisce'