Cosc ar phíobáin uisce a úsáid i gcuid mhór den tír go ceann míosa

I sé chontae dhéag ní bheidh cead píobán uisce a úsáid go dtí an 30 Meán Fómhair ar a thúisce chun carr nó bád a níochán, linn ná tobán a líonadh ná uisce a chur ar an ngairdín

Cosc ar phíobáin uisce a úsáid i gcuid mhór den tír go ceann míosa

Tá sé fógartha ag Uisce Éireann go leanfar leis an gcosc ar phíobáin uisce a úsáid sa chuid is mó den tír go dtí deireadh na míosa seo chugainn.

Gaillimh, Maigh Eo, An Clár, Liatroim, Sligeach, Ros Comáin, Dún na nGall, Longfort, Cabhán agus Muineachán na contaetha ina bhfuil deireadh curtha leis an gcosc ar phíobáin uisce. Sna sé chontae dhéag eile ní bheidh cead píobán uisce a úsáid go dtí an 30 Meán Fómhair ar a thúisce chun carr nó bád a níochán, linn ná tobán a líonadh ná uisce a chur ar an ngairdín.

Dúirt Uisce Éireann go bhfuil go bhfuil leibhéal an uisce i go leor ceantar fós níos ísle ná a bhí an tráth seo bliana le fada an lá i go leor ceantar.

Dúirt siad go raibh roinnt báistí ann le ceithre seachtaine agus go raibh aibhneacha i dtuaisceart agus in iarthar na tíre ag rith arís agus roinnt uisce tagtha sna lochanna. Ach dúradh go bhféadfadh ganntanas uisce bheith sa gcuid thoir agus theas den tír dá dtarlódh ‘go raibh Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair níos tirime ná mar is gnáth is Éirinn’ agus dá mbeadh an scéal amhlaidh go gcaithfí ciorruithe eile a chur i bhfeidhm.

Dúirt Eamon Gallon, bainisteoir ginearálta an chomhlachta gur léirigh triomach 2018 “a leochailí agus atá an soláthar uisce sa tír seo, go háirithe sa deisceart, i lár tíre agus san oirthear”.

Mhaígh Gallon chomh maith go raibh an-obair ar siúl ag na húdaráis áitiúla faoi láthair agus conraitheoirí ag obair acu ag aimsiú agus ag deisiú píobáin atá ag sceitheadh. Shábháil an obair sin go leor uisce a bhíodh ag imeacht le fána i dTrá Lí, i gcathair na Gaillimhe, i Laois agus i gCill Chainnigh, a dúirt sé agus bhain sé cuid den bhrú den chóras sna ceantair sin.

D’iarr sé ar dhaoine a bheith tíosach leis an uisce fiú sna ceantair sin a bhfuil an cosc bainte d’úsáid píobán agus dúirt go raibh ceacht tábhachtach foghlamtha againn ón triomach faoina thábhachtaí agus atá sé an soláthar uisce a chaomhnú sa bhaile agus san ionad obair.

Tuilleadh báistí agus ceobhrán atá á thuar ag Met Eireann dúinn as seo go maidin agus an ghaoth aniar aneas ón bhfarraige ach beidh seans againn ar chorrthamall gréine idir na múrtha amárach.

Fág freagra ar 'Cosc ar phíobáin uisce a úsáid i gcuid mhór den tír go ceann míosa'