Tá iarrtha ag Plaid Cymru ar rialtas na Breataine Bige go mbunófaí coiste idir-rialtasach chun cosaint a thabhairt do na teangacha Ceilteacha ón mBreatimeacht.
Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo go nglacfadh rialtas na hÉireann páirt chomh maith ina leithéid de choiste.
Scríobh urlabhraí Breatnaise Plaid Cymru Sian Gwenllian chuig Aire na Breatnaise Alun Davies ag impí air go mbunófaí grúpa idir-rialtasach sna tíortha Ceilteacha chun an Bhreatnais, an Ghaeilge agus teangacha eile a chosaint ón mbagairt a bhaineann leis an mBreatimeacht.
Dúirt Gwenllian go gcaithfeadh rialtais na dtíortha Ceilteacha obair le chéile sna cainteanna mar gheall ar an mBreatimeacht chun cás láidir a dhéanamh ar son chosaint na dteangacha Ceilteacha agus pobail na dteangacha sin.
‘Brexit will potentially have an extremely negative effect on the Welsh language and all other Celtic languages spoken in the United Kingdom. Not only are these language communities facing the prospect of losing direct funding through European programmes such as Erasmus Plus, but they also face losing from structural funds that have created many employment opportunities for Welsh language speakers in various sectors across Wales.
“The EU has always been a great bastion of hope for the minority languages of the nations of the UK and the rest of Europe. We must now ensure that we preserve that hope by working together with our Celtic cousins by standing up and protecting our nation’s language and culture from the potentially devastating effects of Brexit,” a dúirt Gwenllian.
Tá a dtacaíocht tugtha ag Conradh na Gaeilge don éileamh atá déanta ag Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (ELEN) go mbunófaí “mar ábhar práinne” grúpa idir-rialtasach sna tíortha Ceilteacha chun an Ghaeilge agus teangacha eile a chosaint ón “mórbhagairt” a bhaineann leis an mBreatimeacht.
Moltar go mbeadh ionadaithe ó rialtas na hÉireann agus ó fheidhmeannas an Tuaiscirt ar an ngrúpa idir-rialtasach chomh maith le hionadaithe ó rialtais na hAlban agus na Breataine Bige agus ó Chomhairle Chorn na Breataine. Bheadh ballraíocht ar an ngrúpa chomh maith ag eagraíochtaí neamhbhrabúis teanga.
Ag labhairt dó i bParlaimint na hAlban i mí na Bealtaine, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go gcaithfeadh rialtais seasamh le pobail na dteangacha Ceilteacha i bhfianaise an Bhreatimeachta.
“Beidh impleachtaí móra ag an mBreatimeacht do phobal na Gaeilge agus do phobail na dteangacha Ceilteacha eile, idir fhoghlaimeoirí teanga agus chainteoirí líofa araon, agus seasann Conradh na Gaeilge leis na pobail sin.
“Ní mór do na rialtais ábhartha a dhéanamh amhlaidh agus grúpa idir-rialtasach a bhunú leis na pobail teanga seo a chosaint láithreach.”
Fág freagra ar 'Cosaint ón mBreatimeacht á éileamh do na teangacha Ceilteacha'