Cosaint na Gaeilge sa chóras pleanála tithíochta i nGaeltacht na Gaillimhe – an stair agus an bhagairt

Caitheann ár gcomhfhreagraí súil ar cheist chonspóideach na pleanála i nGaeltacht Chonamara

Cosaint na Gaeilge sa chóras pleanála tithíochta i nGaeltacht na Gaillimhe – an stair agus an bhagairt

Cúlra

Bhíos i láthair ag an gcruinniú stairiúil de Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar an 25 Feabhra 2008, nuair a glacadh le Plean Ceantair Áitiúil na Gaeltachta. Céim mhór chun cinn a bhí ann ó thaobh cosaint a thabhairt don Ghaeilge. Ag an am bhí roinnt iarratas pleanála os comhair an na Comhairle Contae le heastáit tithíochta a thógáil i gConamara, go háirid sa Spidéal, sa gCeathrú Rua agus sna Forbacha.  Mar chuid de Phlean na Gaeltachta 2008, ghlac na comhairleoirí leis go mbeadh 80% de na tithe in aon fhorbairt tithíochta (dhá aonad nó níos mó) ó na Forbacha siar chomh fada leis an gCeathrú Rua coinnithe do Ghaeilgeoirí líofa. Is cuimhneach liom éisteacht an lá sin leis an Teachta Dála Seán Kyne ó Mhaigh Cuilinn agus é ag labhairt go ciallmhar ar son an mholta agus ag tabhairt lucht Fhine Gael leis.

Ach ar bhealach bhí an bhunsraith do Phlean Aitiúil na Gaeltachta leagtha roimhe sin ag Pól Ó Foighil (1928 – 2005), a bhí ar an gComhairle Contae nuair a glacadh le Plean Forbartha an Chontae 2003 – 2009. D’eagraigh Ó Foighil feachtas éifeachtach faoi chosaint a fháil don Ghaeilge i nGaeltacht Chonamara agus bhí cruinnithe poiblí aige ar fud na Gaeltachta. Chuir sé cáipéis le chéile inar moladh nach mbeadh cead tógála le fáil i nGaeltacht Chonamara as sin amach ach ag daoine le Gaeilge agus go gcaithfeadh an Ghaeilge a bheith ag gach duine sa teaghlach. D’ardaigh sin ceisteanna faoi chainteoir líofa ón nGaeltacht a bheadh ag filleadh abhaile le páirtnéir agus páistí nach raibh Gaeilge acu. Bhí ar Ó Foighil géilleadh mar gheall ar an bpointe sin sa deireadh ach má ghéill féin ba dhul chun cinn mór a bhí sa mhír a cuireadh isteach i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2003-2009 ar mhaithe le cosaint na Gaeilge. As sin amach, bhí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe córas a chur ar bun le coinníoll teanga a chur ar sciar de na haonaid chónaithe i bhforbairtí tithíochta i nGaeltacht Chonamara. Ach bhí na coinníollacha a chuirtí ar na forbairtí róscaoilte agus thosaigh daoine, daoine aonair i dtosach agus an grúpa Airdeall ina dhiaidh sin, ag dul ag an mBord Pleanála leis an gcoinníoll teanga a dhaingniú le go mbeadh an céatadán tithe do Ghaeilgeoirí chomh maith leis an gcaighdeán Gaeilge a theastódh sonraithe sa gcoinníoll. Bhí Airdeall, a raibh baint agam féin leis, ag feidhmiú faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge – eagraíocht nach ann di a thuilleadh.   

Leis an gceart a thabhairt do Chomhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh córas measúnaithe ar bun agus bheadh ar an té a bhí ag iarraidh teach a raibh coinníoll teanga air a cheannach dul faoi agallamh lena chruthú go bhféadfaidís comhrá a choinneáil suas ar feadh thart ar 20 nóiméad. Níor diúltaíodh an oiread sin iarratas pleanála, ach d’oibrigh an coinníoll teanga ar dhá bhealach: chuir sé faitíos ar chuid de na forbróirí agus choinnigh sé amach na ‘speculators’ a bhí ann go rábach ag an am ag ceannach leo leis an airgead a bhí le fáil go héasca agus gan aon srian ó na bainc sna blianta sular thosaigh an córas baincéireachta ag titim as a chéile.

Plean Áitiúil na Gaeltachta

Bhí sé luaite i bPlean Chontae na Gaillimhe 2003-2009 go ndéanfaí  Plean Áitiúil a ullmhú do Ghaeltacht na Gaillimhe. Thóg sé píosa ar an gComhairle Chontae tús a chur le réiteach an Phlean Áitiúil don Ghaeltacht. Nuair a thosaigh an obair réitithe cuireadh duine maith le Gaeilge ina bhun, Liam Kavanagh. Bhí Páid Ó Neachtain, a bhí ina Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle Chontae an uair sin, lárnach sa bpróiseas comhairliúcháin chomh maith. Tionóladh roinnt cruinnithe sa Ghaeltacht agus glacadh le moltaí agus aighneachtaí ón bpobal.

Ach is faoi na comhairleoirí a bheadh sé glacadh leis an bplean nó diúltú dó agus bhí roinnt de na comhairleoirí sin faoi bhrú ó na forbróirí mar gheall ar na coinníollacha teanga. Mar sin féin bhí sé de mhisneach acu glacadh le Plean Áitiúil do Ghaeltacht na Gaillimhe agus coinníoll teanga a chur le 80% de na haonaid in aon fhorbairt tithíochta ina mbeadh dhá aonad nó níos mó. Bhainfeadh an coinníoll sin leis na ceantair Ghaeltachta ó na Forbacha siar go Ros an Mhíl. Ní raibh an 80% i gceist níos faide siar ná sin. Níor bhain sé leis an gCeathrú Rua, le Ceantar na nOileán, le Ros Muc ná le Carna.

Chomh maith le coinníoll Gaeilge a chur ar 80% de na tithe in aon eastát a thógfaí i gCois Fharraige, bhí sé ráite sa phlean chomh maith go mbeadh sé níos éasca ag cainteoirí líofa Gaeilge, a bheadh ag iarraidh lonnú i gceantar Gaeltachta, cead pleanála a fháil le teach aonair a thógáil sa Ghaeltacht taobh thiar den Choirib. Bheadh an buntáiste sin acu dá bhféadfaidís a thaispeáint ‘gur buntáiste fadtéarmach a bheadh iontu do ghréasán traidisiúnta, cultúrtha, ealaíne, oidhreachta agus teanga do phobail fuinniúil Gaeltachta’.

Ach níor cuireadh é sin i bhfeidhm riamh. Ní raibh aon cheist ar an bhfoirm iarratais a bhí le líonadh amach faoi chúlra an iarratasóra ná faoina chumas Gaeilge. Ní raibh aon bhealach foirmeálta mar sin le go bhféadfadh duine a chur in iúl go raibh siad ag iarraidh cead ar an mbonn go raibh Gaeilge acu agus go raibh siad ag iarraidh maireachtáil sa Ghaeltacht. Lean lucht na hoifige pleanála ag diúltú an Ghaeilge a chur san áireamh d’iarratais ar chead do thithe aonair, cleachtas a bhí ag teacht salach ar an méid a socraíodh i bPlean Áitiúil na Gaeltachta.

Dá bharr diúltaíodh do dhaoine le Gaeilge, cainteoirí dúchais ina measc, mar nach raibh ‘riachtanas tithíochta’ acu. Dá mbeadh sé de chiall acu dul ag an mBord Pleanála seans go bhfaighidís an cead – cuid acu ar aon chaoi – ar dhiúltaigh an Chomhairle Contae dóibh. 

Ar an taobh eile den scéal, ní raibh aon aird á tabhairt ar cheist na teanga ach an oiread agus cead pleanála á thabhairt amach do thalamh sa Spidéal a bhí leagtha amach mar chrios cónaitheach.

Ar ndóigh bhí sé seo ag dul glan in éadan Phlean Áitiúil na Gaeltachta, inar leagadh síos go soiléir go mbeifí ag iarraidh a chinntiú go bhféadfaí ‘an Ghaeilge agus cultúr an tsráidbhaile a chosaint, a chothú is a fhorbairt’. 

Deireann an Plean Áitiúil Gaeltachta freisin go bhfuil sé mar ‘aidhm’ ag an gComhairle Contae, ‘cosaint a thabhairt do stádas an Spidéil mar Shráidbhaile Gaeltachta agus cur i gcoinne aon fhorbairt a dhéanfadh díobháil do theanga nó do chultúr an phobail’.

Ach tugtar cead pleanála do dhaoine gan Ghaeilge sa Spidéal, ar thalamh atá zónáilte do thithíocht, le tithe aonair a thógáil, beag beann ar an dochar a d’fhéadfaidís a dhéanamh do sheasamh na Gaeilge sa sráidbhaile.  I mbeagán focal, ní raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag feidhmiú de réir Phlean Áitiúil na Gaeltachta, ar glacadh leis ar an 25 Feabhra 2008. Bhí plean iontach ann de réir cosúlachta, ach ba léir nach raibh an oifig pleanála ag cloí lena raibh sa cháipéis, mar go raibh siad ag diúltú do dhaoine le Gaeilge líofa ar an mbonn nach raibh riachtanas tithíochta acu fad is a bhí cead pleanála á thabhairt acu sa Spidéal do dhaoine gan aon Ghaeilge acu a bhí ag iarraidh bogadh isteach sa gceantar, mar gur ar thalamh zónáilte a bhí an teach le tógáil.

Céim Mhór ar gcúl

Má thóg Comhairle Chontae na Gaillimhe céim chun tosaigh in 2008 is céim mhór fhada ar gcúl atá ag bagairt orainn i nGaeltacht na Gaillimhe anois, go háirithe sa Spidéal agus i gCois Fharraige, áit a bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú mór toisc é a bheith chomh gar is atá do Chathair na Gaillimhe.

Beidh Plean Áitiúil na Gaeltachta ag dul as feidhm am éicint an bhliain seo. Ina áit tá feidhmeannas na Comhairle Contae ag iarraidh ‘Athrú 2(b) a chur Phlean an Chontae 2015-2021’. Faoin athrú atá beartaithe, thiocfadh deireadh leis an gcosaint atá ag an nGaeilge i gcuid mhaith den Ghaeltacht, mar nach mbeadh aon choinníoll teanga – clásal feidhme teanga, an téarma teicniúil – le tithe sna forbairtí tithíochta dhá aonad nó níos mó, seachas sa gCeathrú Rua agus sa Spidéal.  Chomh maith leis sin ní fhéadfaí breathnú go fabhrach a thuilleadh ar dhuine le Gaeilge líofa a bheadh ag cuartú cead pleanála le teach aonair a thógaint sa Ghaeltacht, le cur fúthu i dtimpeallacht ina mbeadh an Ghaeilge in uachtar mar theanga i measc an phobail.

Ach is faoi na comhairleoirí contae a bheas sé glacadh nó diúltú don Athrú 2(b) atá beartaithe. Má dhiúltaítear é is ceart athnuachan a dhéanamh ar Phlean Áitiúil na Gaeltachta agus a chinntiú go gcuirfidh Oifig Pleanála na Comhairle Contae i bhfeidhm é.    

Fág freagra ar 'Cosaint na Gaeilge sa chóras pleanála tithíochta i nGaeltacht na Gaillimhe – an stair agus an bhagairt'

  • Ruairí

    Bhí coinníolacha teanga sa bplean Gaeltachta ach níor cuireadh i bhfeidhm é toisc go bhfuil Seoiníní i gceannas sa gcondae. Is iad na daoine a bheas i gceannas fiú má ghlactar le leasaithe Roinn na Gaeltachta! An bhfuil an misneach againn i gConamara troid in aghaidh na Seoiníní sa gComhairle Chondae atá seasta ag cur bac ar Muintir nanGaeltachta títhe a thógáil sa mbaile ach a thugann saorchead donBhéarlóirí rachmasacha títhe a thógáil fud fad na Gaeltachta?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Chuir sé cáipéis le chéile inar moladh nach mbeadh cead tógála le fáil i nGaeltacht Chonamara as sin amach ach ag daoine le Gaeilge agus go gcaithfeadh an Ghaeilge a bheith ag gach duine sa teaghlach.’

    Aontaím leis an dearcadh seo. Bheinn fosta ag moladh COINNÍOLL GAEILGE náisiúnta – ar fud na tíre – a chlúdódh achan ceantar Gaeltachta / Gael-cheantar sa tír. Sílim go mbeadh seasamh níos láidre ag an Ghaeilg sa Ghaeltacht dá mbeadh ‘Plean na Gaeltachta’ amháin ann d’achan phobal Gaeltachta/Gael-cheantar.

    Táthar ag déanamh tagairt do chónaitheoirí anseo ach caidé fá lucht gnó, lucht oideachais, na meáin, iad siúd san earnáil dheonach agus carthanachtaí atá sa Ghaeltacht?? Nár cheart do na dreamannaí seo dualgas bheith orthu ainmneacha GAEILGE a úsáid (chan dátheangach), polasaí GAEILGE bheith acu agus iad i mbun oibre, aitheantas a thabhairt don GHAEILG agus muna bhfuil duine/seirbhís/earra le GAEILGE ar fáil agus iad ag déileáil le heagraíochtaí eile ar fud na tíre nár cheart daofa seasamh le chéile mar phobal Gaeltachta agus GAEILGE agus neart clamhsán a dhéanamh go dtugtar cluas daofa??

    Sé’n leithscéal a bhíonn ann i gcónaí ná: níl sé ar fáil i nGaeilg mar sin, níl an dara suí againn ach glacadh leis i mBéarla – is cuma caidé a bhíonn ann. Seo, i mo thuairimse, dearcadh diúltach, beag-intinne, aineolach agus díobhálach i dtaca leis an Ghaeilg de. Cá fhad a mhairfidh an Ghaeilg má leantar ag fostú agus ag mealladh daoine gan Gaeilg isteach sa Ghaeltacht??

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT AR BHONN NÁISIÚNTA ANOIS!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Im thuairimse, ní theastaíonn aon choinníoll Gaeilge sna ceantair oifigiúla Gaeltachta, nach bhfuil an Ghaeilge á usáid iontu mar theanga i measc an phobail. Nuair a bhí an chonspóid ar bun i nGaillimh, bhí cuid de na polaiteoirí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh go mbeadh an coinníoll Gaeilge céanna i ngach ceantar Gaeltachta sa chontae, Baile an Chláir ar an gcaoi céanna leis An Cheathrú Rua agus Indreabhán. Cén fáth: is comhairleoirí iad a bhí in aghaidh coinníollacha Gaeilge áit ar bith ach ní fhéadfaidís sin a rá ach thuig siad dá mbeadh an coinníoll céanna chuile áit, nach bhféadfaí an coinníoll a chur i bhfeidhm.

    Sin an fáth nach n-aontóinn leat Cordelia.