Cosaint déanta ag Údarás na Gaeltachta ar chinneadh tacú le hionad glaonna a bheidh ag feidhmiú trí Bhéarla

Cruthófar 125 post nua i nGaoth Dobhair nuair a bhunóidh an comhlacht margaíochta digití SLM Connect ionad glaonna nua ar bun a chuirfidh seirbhísí gnó ar fáil i mBéarla

 

Udaras5

Tá cosaint déanta ag Údarás na Gaeltachta ar a gcinneadh tacú le 125 post nua in ionad glaonna a bheidh ag feidhmiú trí Bhéarla i gcroílár na Gaeltachta i nGaoth Dobhair.

Ag freagairt sraith ceisteanna ó Nuacht TG4  faoin togra nua, dúirt urlabhraí ón Údarás go raibh an t-ionad glaonna ag teacht le “cuspóir forbartha agus fostaíochta an Údaráis postanna a chruthú do mhuintir na Gaeltachta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht”.

Dheimhnigh Nuacht TG4 nár phléigh an coiste a bunaíodh chun comhairle a chur ar an eagraíocht i dtaobh na pleanála teanga na himpleachtaí teanga a d’fhéadfadh a bheith le bunú a leithéid de ghnó.

Thug urlabhraí ón Údarás le fios nach é ról an choiste sin measúnú a dhéanamh ar thograí a thagann faoi bhráid na heagraíochta.

Tugadh le fios, áfach, go bhfuil an coiste sin, i gcomhar le feidhmeannaigh an Údaráis, “ag amharc faoi láthair ar theacht ar chur chuige nua i gcás na bpleananna teanga sna cliantchomhlachtaí, cur chuige a thógann san áireamh an dea-chleachtais idirnáisiúnta”.

Leagadh príomhchúram na pleanála teanga sa Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta nuair a tugadh isteach Acht na Gaeltachta 2012.

Dúirt an t-urlabhraí go ndéanann comhlachtaí “a gcuid earcaíochta féin” ach go moltar dóibh “idirdhealú dearfach a dhéanamh i leith cainteoirí Gaeilge”.

Bíonn, a dúradh, an tÚdarás “ag brath go hiomlán” ar dhea-mhéin i leith na Gaeilge a bheith ag na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo.

Cuireadh fáilte an tseachtain seo roimh an scéal go gcruthófar 125 post nua i nGaoth Dobhair nuair a bhunóidh an comhlacht margaíochta digití SLM Connect gnó nua i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Ionad glaonna a bheidh sa ghnó nua, SLM Éire Teo, a sholáthróidh seirbhísí teagmhála agus seirbhísí gnó eile dá gcuid cliaint. Tá SLM Connect lonnaithe i Manchain i Sasana, áit ar bunaíodh an comhlacht in 2008. Tá 130 duine fostaithe ag an gcomhlacht san ionad teagmhála atá aige sa chathair sin.

Trí Bhéarla a chuirfear seirbhísí gnó SLM Éire Teo ar fáil.

Dúirt urlabhraí an Údaráis go mbíonn an eagraíocht ag obair i bpáirt leis na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo “le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an Ghaeltacht dearfach ar go leor bealaí – fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchtúr pobail”.

D’fhógair an tÚdarás anuraidh go raibh sé i gceist acu 300 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair idir 2015 agus 2018 agus go raibh infheistíocht €4.7 milliún le déanamh sa Pháirc. 

Bhí Gaoth Dobhair ar cheann de na ceantair ba mheasa buailte ag an gcúlú eacnamaíochta. Cailleadh go leor post sa cheantar le roinnt blianta anuas, agus ba bhuille mór den cheantar, mar shampla, cinneadh an chomhlachta Largo Foods, i mí Mhárta 2014, aistriú go dtí a n-ionad déantúsaíochta i gContae na Mí.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Údarás na Gaeltachta ar chinneadh tacú le hionad glaonna a bheidh ag feidhmiú trí Bhéarla'

  • padraig

    Fág gur dea-scéal é seo go pointe áirithe ní leor a bheith ag súil le ‘dea-mhéin’, ná ‘dea-thoil’ i leith na teanga….is fál gan fuaimint iad na nithe sin uileag faoi mar a cruthaíodh sa Stát seo ó bunaíodh é. Tá a droim le haill ag an teanga sna Gaeltachtaí agus ní mór do UnG gníomhú go fóinteacht agus go diongbháilte chun í a chosaint agus í a chur chun cinn go díograiseach agus gan a bheith ag dul i bhfolach laistiar de na lipéidí gan dealramh sin thuasluaite. Thug UnG deontais do chomhlachtaí agus do dhaoine aonair atá ar m’aithne atá dearg-namhdmhar don teanga agus gach a mbaineann léi. Is géar a theastódh cic sa tóin uathu nó cén taobh ar a bhfuil siad?

  • alan

    Níl aon easpa Béarla ar mhuintir Ghaoth Dobhair is léir agus a chonách sin orthu…..páiste amháin as gach ceathrar atá á thógáil le Gaeilge ann de réir suirbhéireacht a rinneadh le gairid……d’fhéadfadh poist bhreátha a bheith ag lucht na Gaeilge ag múineadh/ag aistriú Gaeilge ar fud na cruinne nó sa bhaile (má bhíonn rith an áidh leo) ach féadfaidh lucht an Bhéarla fanacht sa bhaile anois, post leathchuíosach acu agus an Ghaeltacht a Bhéarlú tuilleadh……

  • eoghan Ó Brolacháin

    Daoine le Béarla maith a fhostófar dona poist sin. Ní chreidim go dtuigeann an t-Údarás go bhfuil athrú tagtha ar a gcuid fócais – ní eagraíocht cruthú poist amháin iad níos mó ag eagraíocht atá i bhfeidhil pleanála teanga sa nGaeltacht. Cén mhaith atá i bpleananna teanga a chur le chéile nuair atá an t-eagraíocht atá i bhfeidhil orthu ag cur muintir na Gaeltachta ag caint Béarla

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Dúirt an t-urlabhraí go ndéanann comhlachtaí “a gcuid earcaíochta féin” ach go moltar dóibh “idirdhealú dearfach a dhéanamh i leith cainteoirí Gaeilge”.

    Bíonn, a dúradh, an tÚdarás “ag brath go hiomlán” ar dhea-mhéin i leith na Gaeilge a bheith ag na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo.”

    Seo í an fhadhb leis an bhfostaíocht a bhíonn curtha ar fáil sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta: go bhfágann an tÚdarás faoi na cliant chomhlachtaí ‘a gcuid earcaíochta féin’ a dhéanamh. Ní mar sin a bhíodh nuair a bhí Gaeltarra Éireann ag plé le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, do réir mo chuimhne. Cuirtí agallaimh (i nGaeilge) ar oibrithe le dul ag obair sna cliant chomhlachtaí agus daoine ón rannóg pearsanra ag reachtáil na n-agallamh. Bhíodh corr duine gan Ghaeilge ag fáil post sna monarchain. Ach anois is timpist atá ann más duine le Gaeilge a roghnaítear.

    Is fada ó lig Údarás na Gaeltachta na maidí le sruth i dtaobh na ndualgas atá orthu fostaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Ardaíonn sé an cheist: céard is fiú Údarás na Gaeltachta sa chruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa gceantar faoina chúram?

  • alan

    Is e priomhthosaiocht an Udarais, is leir, fostaiocht a chruthu, agus gan aon aird a thabhairt ar na himpleachtai soisialta. Teanga dhomhanda e an Bearla, teanga lag i an Ghaeilge. Ceapann cuid mhaith de mhuintir na Gaeltachta gur fearr cloi le ceann amhain acu .i. an Bearla agus an teanga lag a chaitheamh uathu. Ni thuigtear doibh gur feidir an da arm aigne (no nios mo) a bheith acu faoi mar ata coitianta ar fud an domhain. Baineann an t-eisiachas seo le muintir na hEireann amhain, go bhfios dom. Is brea liomsa an Bearla ach ta cion ar leith agam ar an nGaeilge mar gurb i teanga mo chroi i. Goilleann se go mor orm nuair a dheantar failli inti, faoi mar ata. Ba cheart a fhiafrai den Udaras sin cad iad na beartais ata leagtha sios acu chun borradh a chur faoin teanga sa lathair fostaiochta sin. E sin no cuir deireadh leo mar eagraiocht faoi mar a mhol Brendan Howlin.

    • Donncha Ó hÉallaithe

      Alan, s’iad muintir na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga cumarsáide, an t-aon dream sa tír NÁR chaith an Ghaeilge uathu agus atá compórdach leis an dá theanga, an ceann domhanda agus an teanga áitiúl. Is sa gcuid eile den tír a rinne daoine an roghnú sin a shamhlaíonn tú le ‘cuid mhaith de mhuintir na Gaeltachta’, sé sin éirí as usáid a bhaint as an teanga áitiúl go háitiúl, i bhfábhar an Bhéarla.