Cosaint déanta ag TG4 ar chraoladh cláracha beo spóirt i mBéarla amháin

Ba i mBéarla amháin ó thús deireadh a bhí an craoladh beo a rinne TG4 ar chluichí ceannais Chomórtas Náisiúnta Leadóige na hÉireann ó chlub leadóg léana FitzWilliam

Cosaint déanta ag TG4 ar chraoladh cláracha beo spóirt i mBéarla amháin

Tá roinnt cláracha spóirt beo i mBéarla amháin craolta ag TG4 le tamall, ach deir lucht an stáisiúin Ghaeilge nach bhfuil aon athrú polasaí i gceist lena gcraoladh.

Ba i mBéarla amháin ó thús deireadh a bhí an craoladh beo a rinne TG4 ar na cluichí ceannais i gComórtas Náisiúnta Leadóige na hÉireann i gClub Leadóg Léana FitzWilliam tráthnóna Dé Sathairn.

Ba é Con Murphy, iarchraoltóir le RTÉ, a chuir cluichí ceannais na mban agus na bhfear i láthair i mBéarla agus ba é an tráchtaire de chuid Newstalk Oisín Langan a bhí i mbun na tráchtaireachta i mBéarla.

Rinne TG4 tráchtaireacht i mBéarla amháin cheana féin i mbliana ar Shraith Chispheile na hÉireann, agus ar chomórtais lúthchleasaíochta. Bhí clár iomlán i mBéarla chomh maith acu faoi Chorn Sóisir an FAI.

Dúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc.ie gur tarlúintí “aon uaire” a bhí sna cláracha seo agus gur craoladh iad “taobh amuigh de sholáthar spóirt” TG4.

“Tarlaíonn sé ó am go chéile gur ar bheagán fógra a fhaigheann muid cláracha éagsúla, a chraoltar taobh amuigh de sholáthar spóirt an stáisiúin,” a dúirt sé.

Thug an t-urlabhraí le fios go mbíonn bearnaí le líonadh i sceideal an stáisiúin le linn shéasúr an tsamhraidh agus go líontar na bearnaí sin uaireanta le cláracha a ndéantar socruithe ina dtaobh “ag an nóiméad deireanach”. Dúirt sé gurbh fhiú “triail a bhaint as” leithéidí Live Tennis — AIG Irish Open.

Dúirt sé freisin, áfach, nár fhág an craoladh ó Chraobhchomórtais Oscailte na hÉireann as Club Leadóige Léana Mhic Liam i mBaile Átha Cliath go raibh aon athrú tagtha ar pholasaí teanga an stáisiúin.

Chaill TG4 cearta craolacháin do chomórtas leadóige Wimbledon sa bhliain 2015, ach roimhe sin thuill an clúdach Gaeilge a rinne an stáisiún ar chúrsaí leadóige cuid mhór dea-phoiblíochta don chraoltóir agus foilsíodh, mar shampla, ailt ar nuachtáin Bhéarla faoi théarmaíocht Ghaeilge na leadóige.

Cé go bhfuil cláracha agus scannáin Bhéarla á gcraoladh ar TG4 ó bunaíodh é, tá nós seanbhunaithe ann go mbeadh aon tráchtaireacht nó láithreoireacht bheo i nGaeilge amháin. Cáineadh an stáisiún dhá bhliain ó shin mar gheall ar an gcur chuige dátheangach a bhain le cur i láthair an chláir Fleadh TV.

Tá roinnt airde tarraingthe ag craoladh beo Béarla TG4 ar na meáin shóisialta.

Mhol an t-iriseoir spóirt Kevin Byrne cur chuige an stáisiúin agus é den tuairim gur cheart go mbeadh tráchtaireacht ar na babhtaí dornálaíochta a chraoltar ar TG4 i mBéarla chomh maith.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag TG4 ar chraoladh cláracha beo spóirt i mBéarla amháin'

  • Míshásta

    Náireach. An bhfuil TG4 ag íoc na láithreoirí sin le tráchtaireacht a chur ar fáil i mBéarla? An ndearnadh an clár go speisialta do TG4? Tuigim gur gá an sceideal a líonadh le cláracha Béarla ach is iondúil gur scannáin nó cláracha nach bhfuil déanta ag TG4 iad sin atá ceannaithe ó dhream eile.

  • An Rógaire

    Ar an drochuair nuair a bunaíodh TnaG/TG4 ní raibh sé i gceist gur stáisiún lánghaeilge a bheadh inti. Craoltar níos mó cláracha i mbéarla ar an stáisiún ná i ngaeilge. Is cosúil go bhfuil an bhainistíocht lán-sásta nach bhfuil dualgas orthu seirbhís iomlán i ngaeilge a sholáthar. Cinnte bheadh níos mó airgid ag teastáil chun é sin a dhéanamh. Agus an fhógraíocht? Cén fáth nach bhfuil dóthain measa ag comhluchtaí ar phobal na gaeilge – seachas a bheith ag brú béarla orainn!

  • Concubhar

    Murar féidir na cluichí seo a chraoladh le trachtaireacht Ghaeilge nó dhá theangach ar a laghad, ní fiú iad a chraoladh ar TG4. Tá i bhfad in iomad cláracha spóirt – leithéidí na cluichí móra sacair, rugbaí is eile – a chraoltar i mBéarla amháin ar RTÉ agus ar Sky chun a bheith ag cur suas lena leithéid seo de chur isteach ar mhisean TG4.

  • Meabh Mhig Shamhrainn

    Bhí na cláracha Tour de France beo fíos Mhaith arís I mbliana tuilleadh rothaíocht le Bhuir dtoil…An Vuelta An Giro Roubaix srl

  • Feardorcha

    Tuigim go gcraolófaí roinnt cláracha as Béarla ar mhaithe le lucht féachana a mhealladh i dtreo an stáisiúin, na spóirt mhóra, Walking Dead, srl. Ach táimid ag caint ar leadóg anseo – ní bheidh brabús mór ó thaobh fógraíochta ná lucht féachana i gceist. Mionspórt fánach atá ann sa tír seo agus chuirfinn geall leis nach mórán de chlubthithe leadóige na tíre a bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil iontu ach oiread.
    Airgead an rialtais atá á chaitheamh air seo, ná déanaimis dearmad – airgead a bronnadh ar TG4 ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge. Ní ag fáil locht ar dhream na leadóige ná pé cara sa chúirt atá acu i TG4 atáim, ach níor chóir do stiúrthóirí agus Bord TG4 bheith ag teacht i dtír ar an tsaoirse chruthaitheach a tugadh dóibh. Mí-úsáid airgead poiblí atá ann. Ba chóir a leithéid seo a tharraingt aníos ag coistí Dála.

  • Harriet P.

    @ Cén fáth nach bhfuil dóthain measa ag comhluchtaí ar phobal na gaeilge – seachas a bheith ag brú béarla orainn!

    Toisc nach bhfuil dóthain measa ag TG4 ar phobal na Gaeilge chun éist linn nuair a deirimid nach bhfuilimid sásta le cur chuige an stáisiúin i leith na teanga agus gur mhian linn go mbeadh na fógraí i nGaeilge. Éistfear linn i ndeireadh thiar thall, b’fhéidir, má leanfaimid ar aghaidh le brú a chur ar TG4. Ná déanaimis dearmad ar na blianta fada a theastaigh chun fotheidil roghnacha a fháil.

  • Ursa Minor

    Irish is not a language in which to sell pigs, dear people, and has no commercial value – sin é bunchreideamh TGFour.

  • Liamo

    Níl i Tg4 anois ach Stáisiún Béarla le roinnt clárachaí Gaeilge. Thug mé faoi dheara an méid cláir spóirt trí Bhéarla le cúpla seachtain anuas. Deireadh le haon clár cainte is cailliúint tubaisteach é ní hamháin ó thaobh dioscúrsa trí Ghaeilge ach ó thaobh saibhreas na Gaeilge de chomh maith Fotheidil i Béarla gan rogha againn iad a mhúchadh nó fotheidil Gaeilge a roghnú. An t-aon dream atá sásta ceisteanna mar sin a chíoradh ná tuairisc.ie

  • Gclub Feardorcha

    Irish is not a language in which to sell pigs, dear people

  • Stilla

    An é go bhfuil deireadh le cláracha cainte agus díospóireachta i nGaeilge ar TG4? Leithéidí 7Lá, Comhrá, Béaloideas Beo, Logainm srl? Más ea caillfidh siad cuid áirithe dá lucht féachana, mo leithéidse! Thaitiníodh na cláracha sin liom. Maidir le “Abair Amhrán” ba mhaith an bunsmaoineamh a bhí acu i dtús báire ach is mór an trua nach gcuirtear slacht air mar chlár. Dá gcuirfí téacs na n-amhrán Gaeilge ar an scáileán chuideodh sé le foghlaimeoirí. Dá bhfágfaí na hamhráin Bhéarla i leataobh … cosc a chur le rud ar bith ina mbeadh tagairt do “… the shores of Americay” Is minic a shamhlaítear dom gur mó a thaitníonn na cláracha Gaidhlige ar BBC ALBA liom . Ar ndóigh bíonn Wee Daniel, fair play dhó, agus Opry an Iúir ar an dá chainéil. Gura fada buan iad.