Cosaint déanta ag Gaillimh 2020 ar chinneadh blas Gaeilgeora a dhéanamh ‘níos neodraí’

Deir Gaillimh 2020 gur ar mhaithe leis an fheachtas bolscaireachta ‘ab fhearr’ a chur ar bun a cinneadh neodrú a dhéanamh ar bhlas Gaeilgeora a bhí le cloisteáil ar fhógra don fhéile

Cosaint déanta ag Gaillimh 2020 ar chinneadh blas Gaeilgeora a dhéanamh ‘níos neodraí’

Deir Gaillimh 2020 gur ar mhaithe leis an fheachtas bolscaireachta “ab fhearr” a  rinneadh an cinneadh blas Gaeilgeora a dhéanamh ‘níos neodraí’ ar fhógra don fhéile a craoladh ar RTÉ.

I ráiteas a chuir urlabhraí Gaillimh 2020 ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh gur ar mhaithe le “feachtas a léireodh an clár cultúir iomlán – áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta”, a d’iarr Gaillimh2020 go ndéanfaí blas an Ghaeilgeora a bheadh le cloisteáil ar leagan Béarla den fhógra níos neodraí.

Sa chomhfhreagras idir RTÉ agus Gaillimh2020 maidir leis an bhfógra, dúirt duine d’oifigigh Gaillimh 2020 go raibh canúint Bhéarla an duine a bhí le cloisteáil ann “a bit Gaeilgeoir” agus go mb’fhearr leo dá mbeadh blas níos neodraí le cloisteáil.

Mí Eanáir na bliana seo a tharla an eachtra de réir tuairisce sa Connacht Tribune nuair a bhí RTÉ, comhpháirtí na meán náisiúnta do Ghaillimh 2020, ag réiteach fógra don fhéile.

Dúirt bainisteoir branda agus margaíochta RTÉ, Maria Buckley, le hoifigeach cumarsáide Gaillimh 2020 ag an am, Fintan Maher, go raibh bean faighte aici chun guthú a dhéanamh ar an bhfógra.

I think she would work great . . . and she’s a Gaeilgeoir,” a dúirt Buckley.

Ina fhreagra, dúirt Maher go raibh blas an Ghaeilgeora le cloisteáil sa leagan Béarla.

“We do like her voice but could she go more neutral accent for the English version – comes across a bit Gaeilgeoir, which is perfect for the Fleadh,” ar sé agus é ag tagairt d’fhógraí a bhí déanta ag RTÉ d’Fhleadh Cheoil na hÉireann.

Ghlac Buckley leis an treoir agus dúirt go n-úsáidfí canúint níos neodraí.

Dúirt urlabhraí Gaillimh 2020 sa ráiteas a chuir siad ar fáil faoin scéal gur bhain an chumarsáid le feachtas a fhorbairt chun Gaillimh 2020 a chur chun cinn ar theilifís, raidió agus ar ardáin dhigiteacha RTÉ.

“Rinne an dá pháirtí gach gné den fheachtas sin ón gcoincheap go dtí an script, an guthú agus na híomhánna, a phlé, a fhorbairt agus a aontú i gcomhar le chéile.

“Rinneadh an feachtas a fhorbairt ó thaobh dearcadh éagsúil phobal idirnáisiúnta Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa, ar mhaithe lena chinntiú go gcruthófaí an feachtas bolscaireachta ab fhearr, feachtas a léireodh an clár cultúir iomlán – áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta” a dúirt urlabhraí ó Gaillimh2020.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Gaillimh 2020 ar chinneadh blas Gaeilgeora a dhéanamh ‘níos neodraí’'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Pól Ó Braoin

    Tiocfaidh an lá a bheidh faitíos orainn ár mbéal a oscailt. Ag cuartú gaeilgeoirí a bhfuil blas ‘neodrach’ acu amháin a bheifear ag iarraidh le caint ar bith a dhéanamh ar na meáin go gairid amach anseo a bheifear mara gcuirfear cos i dtaca in aghaidh a leithéide.

  • Sinéad

    MASLACH.

  • Antóin

    Shíl mé nuair a léigh mé an ceannlíne gur píosa grinn don Nollaig a bhí ann! Nó dráma grinn a bhí le cur ar an ardán le cian a thógáil dínn. Fán am ar chríochnaigh mé ní raibh a fhios agam an raibh an lug tite ar an lag agam nó an lag ar an lug.

    Blas neodrach in Éirinn!
    Ó nár mhór an náire é dá sleamhnódh muise, dar fia nó am baiste nó n’fheadar nó d’anam ón riach nó Dia linn nó fiu seanfhocal ársa ó aimsir na Díle as a béal le linn a cuid tráchtaireachta. Nár mhór an náire é dá dtiocfadh sí isteach go Gaillimh óna teach beag cheann tuí in ascaill an ghleanna, ar asal beag dubh agus boladh móna aistí agus rian luathóige prátaí ar a béal.

    Dia idir sinn agus lucht an aineolais
    Ritheann dhá fhocal liom.: báta, bóthar