Cosaint déanta ag Foras na Gaeilge ar a gcur chuige maidir le maoiniú eagraíochtaí

Deir Foras na Gaeilge nach bhféadfaidís aon chinnteacht a thabhairt don 22 grúpa atá ag feidhmiú faoin Scéim Pobal Gaeilge go leanfar á maoiniú

Cosaint déanta ag Foras na Gaeilge ar a gcur chuige maidir le maoiniú eagraíochtaí

Tá cosaint déanta ag Foras na Gaeilge ar a gcur chuige maidir le maoiniú eagraíochtaí Gaeilge atá ag feidhmiú faoin Scéim Pobal Gaeilge.

Deir Foras na Gaeilge go dtuigeann siad gur chuir na ciorruithe a rinneadh ar eagraíochtaí Gaeilge “brú mór” orthu ach gurb amhlaidh gur chinntigh cur chuige an Fhorais go raibh “níos mó” grúpaí ag cur na Gaeilge chun cinn faoin scéim ná mar a bhí roimhe sin.

Meadaíodh líon na ngrúpaí atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge ó 18 go 22 in 2016, tráth ar tháinig laghdú ar mhaoiniú na n-eagraíochtaí faoin Scéim Pobal Gaeilge.

Dúirt Foras na Gaeilge go raibh sé i gceist acu, sa scéim athbhreithnithe, a chinntiú go mbeidh maoiniú go leor ann costais pá cúig lá sa tseachtain a íoc le hoibrithe na ngrúpaí, seachas ceithre lá sa tseachtain mar atá faoi láthair.

Dúirt siad chomh maith go raibh an t-eolas sin curtha in iúl ag Foras na Gaeilge do na grúpaí Gaeilge uilig cheana féin.

Dúradh, áfach, nach bhféadfaí aon chinnteacht a thabhairt don 22 grúpa atá á maoiniú faoin scéim faoi láthair go leanfar á maoiniú faoin scéim nua toisc go bhfuiltear ag súil le níos mó iarratas ó ghrúpaí atá ag plé leis an phleanáil teanga sna 13 baile seirbhíse Gaeilge atá faoi chúram an Fhorais.

“Beidh ar Fhoras na Gaeilge amharc go cúramach ar an chothromaíocht idir méid an deontais a mhéadú do líon níos lú grúpaí nó méid an deontais a choinneáil mar a moladh sa chomhairliúchán agus líon níos mó grúpaí a mhaoiniú,” a dúradh.

Tháinig ráiteas an Fhorais sna sála ar an cháineadh a rinne Conradh na Gaeilge ar chinntí maoinithe na heagraíochta i dTithe an Oireachtais inné.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an tseachtain seo gur cheart do na hairí Gaeltachta brú a chur ar Fhoras na Gaeilge ceann de na “ciorruithe is suaracha a cuireadh i bhfeidhm ar obair na Gaeilge sa phobal riamh” a tharraingt siar.

D’iarr de Spáinn ar bhaill an choiste go ndéanfaí “rún a rith” le tacú leis an obair mhaith atá ar siúl ag na grúpaí SPG agus go ndéanfaí éileamh ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin agus ar an Aire Stáit Jack Chambers go gcuirfidís in iúl d’Fhoras na Gaeilge go gcaithfidís maoiniú breise a chur ar fáil don eagraíocht in 2021. Dúirt sé gur gá “tosaíocht” a thabhairt do na grúpaí.

Dúirt de Spáinn go raibh €55,000 á éileamh ag na grúpaí sa Scéim Pobal Gaeilge le go mbeadh siad in ann duine a fhostú ar feadh cúig lá sa tseachtain in áit ceithre lá mar a bhí orthu a dhéanamh ó rinneadh ciorrú ar an scéim reatha in 2016.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge chomh maith gur mhian leosan “deimhniú a fháil ó Fhoras na Gaeilge” nach n-ísleofaí aon bhuiséad d’aon ghrúpa le SPG i gceantar ina bhfuil Líonra Gaeilge nó Baile Seirbhíse Gaeltachta agus obair an SPG sin “a chur i mbaol”.

Mura dtiocfadh ardú ar mhaoiniú ghrúpaí na scéime, dúirt de Spáinn go mbeadh “ceist ann” faoi Fhoras na Gaeilge a bheith ar “an meicníocht is fearr le maoiniú a dháileadh sa phobal”.

“Tá go leor leor de na gníomhairí teanga is gníomhaí sa phobal tar éis a chur in iúl dom, mar eolas, go bhfuil an-bhaol ann do sheasamh Fhoras na Gaeilge sa phobal mura bhfeidhmíonn siad ar an éileamh seo.

“Is beag seans go mbeidh siad ag iarraidh aon airgead sa bhreis a lorg don eagraíocht trasteorann sa todhchaí mura ndéanann siad tosaíocht don obair ríthábhachtach atá ar siúl sa phobal ag na grúpaí den SPG,” a dúirt Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Foras na Gaeilge ar a gcur chuige maidir le maoiniú eagraíochtaí'